Fáilte chuig an tSibhialtacht Cheilteach ag Ollscoil na Gaillimhe

Is éard atá i gceist leis an tSibhialtacht Cheilteach ná staidéar ar oidhreacht na gCeilteach ón 6ú haois RC anuas. Déantar staidéar ar na tuairimí a léirigh na Rómhánaigh agus na Gréigigh ársa i leith na gCeilteach agus déantar iniúchadh ar fhorbairt, ar chultúr agus ar stair na ndaoine seo in Éirinn, sa Bhreatain agus ar Mhór-Roinn na hEorpa.

Chomh maith leis seo, déantar measúnú ar an tuiscint atá againn ar na 'Ceiltigh' inniu, go háirithe ó thaobh an léiriú a rinneadh orthu in Éirinn agus in iarthar na hEorpa sa nua-aois luath. Tá stair, seandálaíocht, teangacha, litríochtaí, miotaseolaíochtaí agus cultúir na gCeilteach i gceist leis an staidéar ar an tSibhialtacht Cheilteach.

Gheobhaidh tú tuilleadh eolais maidir le modúil agus amchlár an chláir thuas staighre in Áras na Gaeilge ar chlár eolais na Sibhialtachta Ceiltí.

INFORMATION IN ENGLISH

This page is available in English, where you will also find all Course Booklets for the current academic year.