An Chomhdháil ar Litríocht agus ar Chultúr na Gaeilge

Beidh an Chomhdháil ar Litríocht agus ar Chultúr na Gaeilge ar siúl Dé hAoine agus Dé Sathairn, 27-28 Meán Fómhair 2024 ag Áras na Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe.

Gairm ar Pháipéir

“... is beag cnoc agus is beag fód den talamh nár móradh, nach raibh scéal le haithris ina thaobh, nach raibh dia nó bandia nó laoch nasctha leis, agus ainm an loig sin le buanú dá réir.”
- Seán Ó Tuama, ‘Ómós Áite: A rian ar scríbhneoirí in Éirinn’ in Comhar, 51(5), lch. 179.

Déanfar comóradh ag Comhdháil 2024 ar an ómós áite i litríocht agus i gcultúr na Gaeilge, idir shean agus nua, idir léannta agus ealaíonta. Fáilteofar roimh pháipéir (20 nóiméad) a bhaineann leis an mórthéama seo, go háirithe páipéir a dhíríonn ar na gnéithe seo a leanas den ómós áite: an díshealbhú agus an díláithriú cultúir, an imirce, léiriú ar ómós áite i gcomhthéacsanna uirbeacha; ómós áite sa scannánaíocht; agus an t-ómós áite mar a léirítear san Fhiannaíocht é. Glacfar freisin le líon teoranta páipéir ar ghné ar bith eile de litríocht agus de chultúr na Gaeilge.

Tugtar cuireadh anois do scoláirí achoimre 200 focal ar pháipéir (20-25 nóiméad) a chur chugainn roimh an spriocdháta ar an 28 Meitheamh, 2024. Seoltar achoimrí chuig an seoladh seo amháin: comhdhailnagaeilge[ag]ollscoilnagaillimhe.ie

 

Cláraigh dár Liosta Seachadta

M