Áras na Gaeilge
Stair
Osclaíodh Áras na Gaeilge sa bhliain 1992 leis an Ghaeilge a bhuanú agus a neartú in
Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.
Is ionad nua-aimseartha Áras na Gaeilge - mionGhaeltacht láidir a chothaíonn an Ghaeilge agus an cultúr Gaelach, a fhreastalaíonn ar chomhluadar Gaeilge na hOllscoile, na cathrach agus na
Gaeltachta, agus a neartaíonn cuisle na Gaeilge trí ghníomhaíochtaí éagsúla oideachais, oiliúna agus sóisialta.
Tá an tÁras suite i gcroílár champas na hOllscoile agus is ann atá foireann
Roinn na Gaeilge agus cuid d'fhoireann
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge lonnaithe. Is ann freisin, a reáchtáiltear na léachtaí do mhic léinn na Gaeilge agus na ranganna teagaisc Gaeilge ar fad.
Fáiltítear san Áras seo roimh lucht na hOllscoile uile, idir fhoireann agus mhic léinn, ar mian leo páirt a bheith acu i neartú chomhluadar na Gaeilge ar champas na hOllscoile. Cuirtear seirbhís i sealbhú agus i mbuanú Gaeilge ar fáil do chomhluadar uile na hOllscoile in Áras na Gaeilge i rith an tseisiúin acadúil.
Ag déanamh taifeadta taobh amuigh d' Áras na Gaeilge mar chuid den Ard-Dioplóma i gCumarsáid Fheidhmeach