Cúrsaí fochéime
Tairgeann Roinn na Gaeilge
cúig chúrsa fochéime:
BA sa Ghaeilge
Tugann an cúrsa seo deis do mhic léinn eolas a chur ar oidhreacht liteartha agus cultúrtha na nGael, líofacht a bhaint amach i labhairt na Gaeilge agus cruinneas ina scríobh agus teacht i dtír ar an méid Gaeilge a d'fhoghlaim siad ar scoil. Má tá Gaeilge ó dhúchas acu, gheobhaidh siad deis barr slachta a chur ar a gcuid eolais uirthi agus ar a hoidhreacht chultúrtha.
Struchtúr agus amchláir an chúrsa 2012-2013:
BA Ainmnithe (Gaeilge agus Léann an Aistriúchán)
Cuireann Roinn na Gaeilge an cúrsa seo ar fáil i gcomhar le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge.
Cód CAO: GY107
Tá an cúrsa seo á chur ar fáil mar gheall ar an méadú atá tagtha le tamall anuas ar an aistriúchán mar réimse léinn, gnó agus fostaíochta agus de bhrí go mbeidh tábhacht bhreise le cáilíochtaí agus scileanna aistriúcháin sa todhchaí. Tabharfar deis do mhic léinn sa chéim seo dhá ábhar a bhfuil gaol nádúrtha eatarthu – Gaeilge agus Léann an Aistriúcháin – a thabhairt le chéile faoi aon chéim ollscoile amháin. Breis eolais ar fáil
anseo.
BA sa tSibhialtacht Cheilteach
Tá eolas cuimsitheach ar an gcúrsa seo ar fáil sa rannóg
Sibhialtacht Ceilteach, ar an láithreán seo.
BA sa Léann Ceilteach
Eolas ar an gcúrsa seo le fáil ó Rúnaí na Roinne ag
fiona.depaor
oegaillimh.ie nó 091 492564.
BA (Gaeilge Fheidhmeach) - Páirtaimseartha
Tá eolas cuimsitheach ar an gcúrsa seo ar fáil ar an
leathanach seo.