Warning: Your browser doesn't support all of the features in this Web site. Please view our accessibility page for more details.
Cur síos ar an gcéim:Is céim nua í seo sa Ghaeilge Fheidhmeach. Tá sí á tairiscint i gcomhpháirt ag
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge agus ag Roinn na Gaeilge in Ollscoil na hÉireann Gaillimh. Is é seo an t-aon chlár dá leithéid in Éirinn ina bhfuil céim sa Ghaeilge á tairiscint trí mheán na foghlama cumaiscthe. Is é aidhm na céime spéis an mhic léinn i léann agus i saol na Gaeilge a mhúscailt agus a threisiú agus oiliúint ar ardchaighdeán a chur ar an mac léinn sna réimsí seo. Beidh modh seachadta an chúrsa solúbtha ionas nach gcuirfear ualach míréasúnta taistil ar dhaoine.
Cé air a bhfuil an chéim seo dírithe?Tá an clár seo dírithe go háirithe ar fhoghlaimeoirí lánfhásta nach bhfuil aon cháilíocht tríú leibhéal acu. Is féidir le daoine a mbíonn teastas nó dioplóma faighte acu cheana an clár seo a dhéanamh chun céim a bhaint amach agus tabharfar aitheantas cuí do na cáilíochtaí atá bainte acu cheana. Cuirfear fáilte roimh dhaoine a bhfuil céim acu cheana chomh maith faoin scéim Dána Ócáideacha.
|
![]() |
Clúdóidh siollabas na céime:
Téann céimithe le Gaeilge ag obair i réimse leathan post, ina measc:
• Múinteoireacht
• An earnáil phoiblí, an earnáil ghnó
• An Státseirbhís, An Roinn Gnóthaí Eachtracha
• Riarachán áitiúil
• Na meáin chumarsáide – TG4, Raidió na Gaeltachta
• Eagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta
• Margaíocht agus cumarsáid
• Aistriúchán
Fáilteofar roimh iarratais ó dhaoine a bhfuil Gaeilge ar a dtoil acu. Beidh grád C3 (ardleibhéal) sa Ghaeilge riachtanach. Sásaíonn sé sin gnáthriachtanais iontrála na hOllscoile.
Is féidir le hiarratasóirí a bhíonn os cionn 21 bliain d’aois an 1 Eanáir den bhliain iontrála, iarratas a dhéanamh mar fhoghlaimeoirí lánfhásta. Sa chás seo, ní gá go mbeadh an Ardteist riachtanach. Cuirfear iarratasóirí faoi agallamh agus bunófar an toradh ar chumas cumarsáide an iarratasóra san agallamh sin.
Déanfar an clár a theagasc trí fhoghlaim chumaisc ar bhonn modúlach. Tabharfar deis d’fhoghlaimeoirí a gclár ama agus a n-ualach oibre a chur in oiriúint dá stíl mhaireachtála agus d'aon tiomantais eile a bheidh orthu ó thaobh ama de. Cuirfear ábhar priontáilte agus ábhar ar-líne ar fáil do gach modúl. Tabharfaidh na teagascóirí tacaíocht agus aiseolas dóibh ag seisiúin éagsúla aghaidh-ar-aghaidh. Tabharfaidh siad tacaíocht agus aiseolas ar-líne freisin trí úsáid a bhaint as ríomhphost agus fóraim phlé mar mhalairt air sin.
| Bliain 1 | Bliain 2 |
|
|
| Bliain 3 | Bliain 4 |
|
|
Éamon Ó Cofaigh
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge
Ollscoil na hÉireann, Gaillimh
Gaillimh
Fón: 353 91 493802
R-phost:
eamon.ocofaigh
oegaillimh.ie
Idirlíon:
www.oegaillimh.ie/acadamh
Fiona de Paor
Roinn na Gaeilge
Ollscoil na hÉireann, Gaillimh
Gaillimh
Fón: 353 91 492564
R-phost:
fiona.depaor
oegaillimh.ie
Idirlíon:
www.oegaillimh.ie/gaeilge
| Tá bróisiúr an BA (Gaeilge Fheidhmeach) ar fáil le híoschóipeáil i bhfoirm PDF anseo. |
nuigalway.ie
