Warning: Your browser doesn't support all of the features in this Web site. Please view our accessibility page for more details.
An Dr. FEARGAL Ó BÉARRA, MA, PhD - COMHALTA TEAGAISC & TAIGHDE |
SONRAÍ TEAGMHÁLASeomra: 212
Teileafón: 091 493369
Folíne: 3369
Ríomhphost:
feargal.obearra
oegaillimh.ie
As Cois Fharraige d’Fheargal. Tréimhsí caite aige i mbun léinn agus teagaisc san Albert-Ludwigs-Universität, Freiburg im Breisgau áit a raibh sé ina thaighdeoir sa scéim Mündlichkeit und Schriftlichkeit in der frühen irischen Literatur, mit besonderer Berücksichtigung des ’Rinderraubes von Cuailnge’ faoi stiúir an Ollaimh Hildegard Tristram; sa mBergische Universität Wuppertal mar thaighdeoir faoi stiúir an Dr Arndt Wigger sa scéim Irische Dialektologie (Canúintí na Gaeilge) ( http://www.verwaltung.uni-wuppertal.de/forschung/1996/fb4/wigger01.html); mar Léachtóir le Ceiltis sa Sprachwissenschaftliches Institut, Rheinische-Wilhelms-Universität, Bonn ( http://www.keltologie.uni-bonn.de/abteilung.html); mar Scoláire Cuarta Sinsir le Teanga agus Litríocht na Gaeilge (Ireland Canada University Foundation) sa School of Canadian Irish Studies, Concordia University ( http://cdnirish.concordia.ca/index.php). Tréimhsí eile caite aige ag teagasc in Institiúid na Gaillimhe-Maigh Eo agus in Ollscoil Luimnigh. Bíodh is gurb í forbairt stairiúil na Gaeilge an t-ábhar is mó spéis aige, tá suim aige i mórán chuile ghné de theanga, de litríocht, agus d’amhránaíocht na nGael ón gcianaimsir i leith. Ina Chomhairleoir ag Coiste Stiúrtha an Studienhaus für keltischen Sprachen und Kulturen ( http://www.sksk.de/), Rheinische-Wilhelms-Universität, Bonn, An Ghearmáin.
Forbairt stairiúil na Gaeilge; Teanga agus Litríocht na Meán-Ghaeilge; an Nua-Ghaeilge Mhoch; Tromdhámh Guaire, Léann na Lámhscríbhinní go mór mór Lebor na hUidre; Cré na Cille; an Ghaeilge Nua.
Tá trí leabhar i gcló aige: Glórtha Ár Sinsear: Béaloideas Oirdheisceart na Gaillimhe (i gcomhar le Pádraig Ó Baoill) Coiscéim, 2005; An Old Irish Primer (i gcomhar le Wim Tigges), Stichting Uitgeverig de Keltische Draak, 2006; Bádóireacht: Bootsbau und Seefahrt in der westirischen Tradition (i gcomhar le hArndt Wigger), Shaker Verlag, 2012, chomh maith le roinnt alt:
(2011) ’Ionmholta Malairt Bhisigh: An Caighdeán Oifigiúil 1958-2008’, in Ó Baoill, D., Ó hAodha, D. & Ó Muraíle, N. (eagí), Saltair Saíochta, Sanasaíochta, agus Seanchais. A Festschrift for Gearóid Mac Eoin, Dublin: Four Courts Press.
(2011) ’ Ars memorativa .i. ealadha na cuimhne: eiseamláir as Beatha Choluim Chille’, in Widerøe, L. I. & Hambro, C. (eagí), Poet and Scholar: A Festschrift in Honour of Jan Erik Rekdal, Oslo: Hermes Academic Publishing.
2010 ’ Tromdhámh Guaire: a Context for Laughter and Audience in Early Modern Ireland’, in Classen, A. (eag) Laughter in the Middle Ages, Berlin and New York: de Gruyter, 413-428.
2009 ’An Ghaeilge Nua agus Triall na Gaeilge’, in Ó Héalaí, P. & Mac Craith, M. (eagí), Diasa Díograise: Aistí i gCuimhne ar Mháirtín Ó Briain, Indreabhán: Cló Iar-Chonnachta, 259-276.
2009 ’The Otherworld realm of Tír Scáith’, in Hemprich, G. (eag), Festgabe für Hildegard L. C. Tristram überreicht von Studenten, Kollegen und Freunden des ehemaligen Faches Keltologie der Albert-Ludwigs-Universität in Freiburg, Berlin: Curach Bhán Publications, 81-100.
2008 ’Late Modern Irish and the Dynamics of Language Change and Language Death’, in Tristram, H. L. C. (eag), The Celtic Languages in Contact. Papers from the Workshop Within the Framework of the XIII International Congress of Celtic Studies, Bonn, 26 - 27 July 2007, Berlin: Potsdam University Press, 260-269.
2007 ’Gaeilge Uí Chadhain’, in Ní Annracháin, M. (eag), Saothar Mháirtín Uí Chadhain, Maigh Nuad: An Sagart, 103-130.
2007 ’Cérbh é Naomh Éinne?’, in Ó Droighneáin, E. (eag), Cill Éinde - Céad Bliain, An Spidéal: Comhlacht Forbartha an Spidéil Teoranta, 41-84.
2007 ’A Grafted Tongue’, le John Montague, Translation Ireland 17 (ii): Translation and Irish in the Twenty-First Century, 86-89.
1997 ’ Táin Bó Cuailnge: Recension III’, Emania (Journal of the Navan Research Group) 15, 47-65.
1994 ’ Táin Bó Cuailnge III: Abach Aimrid?’, in Mallory, J. P. agus Stockman, G., (eagí), ULIDIA: Proceedings of the First International Conference on the Ulster Cycle, Belfast: December, 71-76.
Tá roinnt léirmheasanna scríofa aige freisin:
2009 Léirmheas ar Early Irish Satire le Roisin McLaughlin, Béaloideas 77, 132-134.
2009 Léirmheas ar Historical Dictionary of Gaelic Placenames/Foclóir Stairiúil Áitainmneacha na Gaeilge, Fascicle 2 [Names in B-]/Fascúl 2 [Ainmneacha i B-], Ó Riain, P., Ó Murchadha, D. & Murray, K. (eagí), Studia Hibernica 35, 210-213.
2006 Léirmheas ar Ar Thóir Gramadach Nua/In Search of a Grammar le Maolmhaodhóg Ó Ruairc, Foinse, 22 Iúil.
2005 Léirmheas ar Maclean Manuscripts in Nova Scotia. A Catalogue of the Gaelic Verse Collections MG15G/2/1 and MG15G/2/2 in the Public Archives of Nova Scotia le Colm Ó Baoill, Zeitschrift für celtische Philologie 54, 238-239.
2005 Léirmheas ar Scottish Gaelic Vernacular Verse to 1730: A Checklist le Colm Ó Baoill agus Donald MacAulay, Zeitschrift für celtische Philologie 54, 238-239.
2005 Léirmheas ar Brìgh an Òrain. A Story in Every Song. The Songs and Tales of Lauchie MacLellan. Translated and edited by John Shaw, Zeitschrift für celtische Philologie 54, 283-286.
2004 Léirmheas ar Catalogue of Irish Language Manuscripts in the Bodleian Library at Oxford and Oxford College Libraries. Compiled by Brian Ó Cuív, Studia Hibernica 32, 189-192.
2003 Léirmheas ar Scottish Gaelic Studies (Imleabhar 19), Zeitschrift für celtische Philologie 53, 365-367.
2000 Léirmheas ar Die deutsche Keltologie und ihre Berliner Gelehrten bis 1945, Heinz, S. (eag), Béaloideas 67, 215-220.
nuigalway.ie
