An Dr. Lillis Ó Laoire, ADO, MA, PhD - Léachtóir agus Ceann Scoil na dTeangacha
Sonraí teagmhála
Seomra: 213
Folíne: 5709 (lasmuigh: 091 495709)
Ríomhphost:
lillis.olaoire
oegaillimh.ie
Réimsí taighde
Comhthéacs, taibhléiriú agus cur i láthair an chultúir, foirmeacha traidisiúnta ina measc; teoiric léann an bhéaloidis; tionchar an náisiúnachais ar an bhéaloideas; modhanna bailithe an bhéaloidis; an béaloideas sa saol domhandaithe; an t-amhrán in Éirinn agus in Albain; an nualitríocht; an litríocht réigiúnach.
Tionscnamh reatha
I 2009, bhronn CTDES (
IRCHSS) comhaltacht shinsearach taighde ar
Lillis Ó Laoire chun leabhar ar Sheosamh Ó hÉanaí a bhí idir lámha aige le tamall de bhlianta a chríochnú. Is é
Joe Heaney: Bright Star of the West
teideal an leabhair, agus is iad Cló Ollscoile Oxford na foilsitheoirí. Iarmhac léinn le Seosamh Ó hÉanaí,
an tOllamh Sean Williams (
Evergreen State College, Olympia Washington, Stáit Aontaithe Mheiriceá) comhúdar an leabhair.
Chomh maith leis an leabhar a chríochnú, tugadh maoiniú don Dr. Ó Laoire le suíomh gréasáin a thógáil. Tá a lán taifeadtaí fuaime agus físe ar marthain ó Sheosamh Ó hÉanaí agus iad ar coimeád ag The University of Washington, Seattle. Cuireadh cóip den ábhar sin chuig Micheál Ó Cuaig ar iarratas ó phobal Charna blianta ó shin, agus í sin ar coimeád anois in
Áras Shorcha Ní Ghuairim. Fostaíodh an Dr. Virginia Blankenhorn ar chomhaltacht iardhochtúireachta leis an ábhar seo a ullmhú don idirlín. Le cabhair ó Shéamas Ó Concheanainn, riarthóir Ionad Shorcha Ní Ghuairim, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, agus ó Mhicheál Mac Lochlainn, dearthóir agus ailtire meiteashonraí don tionscnamh, ó Mharian Ní Chonghaile, dearthóir suímh agus ó Sheathrún Ó Tuairisc, feidhmeannach ríomheolaíochta, cuireadh an suíomh le chéile. Seoladh an láithreán i Mí na Samhna seo caite agus tá sé beo anois saor in aisce ar líne mar áis thaighde agus teagaisc dóibh siúd ar spéis leo an t-ábhar seo. Is é seoladh an láithreáin:
http://www.joeheaney.org/.
Tá cuid mhaith
foilsithe aige ar réimsí éagsúla taighde.