Warning: Your browser doesn't support all of the features in this Web site. Please view our accessibility page for more details.
Seomra: 209
Teileafón: (091) 492563
Fón: 2563
Ríomhphost:
john.walsh
oegaillimh.ie
Tá an Dr. John Walsh freagrach go príomha as cúrsaí sa tsochtheangeolaíocht a mhúineadh ag leibhéal na bunchéime agus na hiarchéime. Tá dochtúireacht aige ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath faoi thionchar na Gaeilge ar fhorbairt shocheacnamaíoch na hÉireann. Roimhe sin, rinne sé céim MA sa Chaidreamh Idirnáisiúnta (Socheolaíocht, Polaitíocht, Dlí) san ollscoil chéanna.
Tá céim BA sa Ghaeilge agus sa Bhreatnais aige ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Roimhe seo, d’oibrigh sé mar léachtóir le Gaeilge in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, leis an mBiúró Eorpach do Theangacha Neamhfhorleathana sa Bhruiséil agus mar iriseoir le RTÉ agus le TG4.
Ar na spéiseanna taighde atá aige, tá: an reachtaíocht teanga, polasaí agus pleanáil teanga i gcás na Gaeilge, saothrú na téarmaíochta do mhionteangacha, meáin chumarsáide do mhionteangacha agus teanga agus forbairt shocheacnamaíoch. Foilsíodh a leabhar Díchoimisiúnú Teanga: Coimisiún na Gaeltachta 1926 (Baile Átha Cliath, Cois Life) i 2002 agus tá go leor alt agus páipéar taighde foilsithe aige chomh maith.
Tá John Walsh in Chomhstiúrthóir ar an Meitheal um Theagasc na Gaeilge ar an Tríú Leibhéal a bhfuil siollabas nua teanga don chéad bhliain ollscoile deartha aici. Breis eolais
anseo.
Ceapadh ina Scoláire Gaeilge Fulbright i 2009 é. Breis eolais
anseo.
Is ball é de ghréasán taighde faoi rialachas teanga atá lonnaithe in Ollscoil Ottawa, Ceanada:
Les
savoirs de la gouvernance communautaire : De nouvelles modalités
d’action pour la francophonie canadienne et les minorités linguistiques. Breis eolais
anseo.
Tá ballraíocht ag John Walsh i gcumainn éagsúla ghairmiúla agus chultúrtha:
Glacann sé páirt rialta i ndíospóireachtaí faoin nGaeilge sna meáin chumarsáide, go háirithe ar RTÉ Raidió na Gaeltachta agus TG4.
nuigalway.ie
