An Dr. John Walsh, BA, MA, PhD - Léachtóir
Sonraí teagmhála
Seomra: 209
Teileafón:
(091) 492563
Fón: 2563
Ríomhphost:
john.walsh
oegaillimh.ie
Beathaisnéis acadúil
Tá an Dr. John Walsh freagrach go príomha as cúrsaí sa tsochtheangeolaíocht a mhúineadh ag leibhéal na bunchéime agus na hiarchéime. Tá dochtúireacht aige ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath faoi thionchar na Gaeilge ar fhorbairt shocheacnamaíoch na hÉireann. Roimhe sin, rinne sé céim MA sa Chaidreamh Idirnáisiúnta (Socheolaíocht, Polaitíocht, Dlí) san ollscoil chéanna.
Tá céim BA sa Ghaeilge agus sa Bhreatnais aige ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Roimhe seo, d’oibrigh sé mar léachtóir Gaeilge in
Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, leis an mBiúró Eorpach do Theangacha Neamhfhorleathana sa Bhruiséil agus mar iriseoir le
RTÉ agus le
TG4.
Tá John Walsh in Chomhstiúrthóir ar an
Meitheal um Theagasc na Gaeilge ar an Tríú Leibhéal a bhfuil siollabas nua teanga don Ghaeilge deartha aici. Breis eolais
anseo.
Cúrsaí atá á múineadh aige faoi láthair
- An Ghaeilge in Éirinn agus in Albain (bliain 1)
- Teanga na Gaeilge (bliain 2)
- An tSochtheangeolaíocht 1 (bliain 2)
- Teoiricí Liteartha agus Cultúrtha (bliain 2)
- An tSochtheangeolaíocht 2 (bliain 3)
- An Ghaeilge sna Meáin Chumarsáide (bliain 3)
- Gnéithe den tSochtheangeolaíocht (MA)
- Reachtaíocht Teanga agus an Ghaeilge (MA)
- Modhanna Taighde (
MA sa Nua-Ghaeilge)
TAIGHDE
Ar na spéiseanna taighde atá aige tá: polasaí agus pleanáil teanga i gcás na Gaeilge, reachtaíocht teanga, coincheap na Breac-Ghaeltachta, saothrú na téarmaíochta do mhionteangacha, meáin chumarsáide do mhionteangacha agus teanga agus forbairt shocheacnamaíoch. Foilsíodh a leabhar is déanaí
Contests and Contexts: the Irish language and Ireland's socio-economic development i 2011 (
Peter Lang) agus tá go leor
foilseachán eile aige chomh maith.
I 2009, ceapadh ina Scoláire Gaeilge Fulbright in
Ollscoil Chalifornia, Santa Cruz
é. Breis eolais
anseo.
Is ball é de ghréasán taighde faoi rialachas teanga atá lonnaithe in Ollscoil Ottawa, Ceanada. Breis eolais
anseo.
Tá ballraíocht aige i gcumainn éagsúla ghairmiúla agus chultúrtha:
Glacann sé páirt rialta i ndíospóireachtaí faoin nGaeilge sna meáin chumarsáide, go háirithe ar RTÉ
Raidió na Gaeltachta agus
TG4.