An Dr. Nollaig Ó Muraíle, MA, PhD, MRIA - Léachtóir Sinsearach
Sonraí teagmhála:
Seomra: 117
Teileafón:
(091) 492578
Folíne: 2578
Ríomhphost:
nollaig.omuraile
oegaillimh.ie
Réimsí taighde: Logainmneacha; Ginealaigh; Ainmneacha Pearsanta agus Sloinnte; Na Teaghlaigh Léannta; Traidisiún na Lámhscríbhinní Déanacha; Saol agus Saothar na Scoláirí Móra
Beathaisnéis acadúil:
Tá an Dr Nollaig Ó Muraíle ina léachtóir i Roinn na Gaeilge. As Cnoc Mhuire, Contae Mhaigh Eo, dó; fuair meánoideachas i gColáiste Naithí, Bealach an Doirín, agus bhain na céimeanna BA, MA agus PhD amach in Ollscoil na hÉireann, Maigh Nuad.
Ar feadh bliana agus fiche (1972-93) ina oifigeach taighde le Brainse Logainmneacha na Suirbhéireachta Ordanáis i mBaile Átha Cliath. Chaith breis is deich mbliana (1993-2003) ina léachtóir sinsearach agus ansin ina léitheoir le Gaeilge agus Léann Ceilteach in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste; ina stiúrthóir freisin ar Thionscadal Logainmneacha Thuaisceart Éireann. Fuair post mar léitheoir le Litríocht na Gaeilge in Ollscoil Uladh, Cúil Raithin, i 2003. An bhliain dar gcionn ceapadh ar fhoireann Roinn na Gaeilge san ollscoil seo. Rinneadh léachtóir sinsearach de sa bhliain 2006.
Chaith breis agus tríocha bliain ag obair ar ghnéithe éagsúla de shaol agus de shaothar an Dubhaltaigh Mhic Fhirbhisigh. Tá mar thoradh air sin an leabhar
The Celebrated
Antiquary (1996; athchló 2002) agus eagrán (i gcúig imleabhar) de Leabhar Mór Genealach Mhic Fhirbhisigh a foilsíodh i 2004, mar aon le hailt iomadúla i nGaeilge agus i mBéarla.
Cuid mhór
foilsithe aige ar chúrsaí logainmneacha, ar na bailiúcháin ghinealach, ar ainmneacha pearsanta agus sloinnte, ar na teaghlaigh léannta, ar thraidisiún na lámhscríbhinní déanacha, ar chuntas Thaidhg Uí Chianáin ar Imeacht na nIarlaí, 1607, ar bhunú agus ar obair Scoil na Nua-Ghaeilge i gColáiste San Antaine, Lobháin, agus ar shaol agus saothar scoláirí móra mar Sheán Ó Donnabháin agus an tAthair Pól Breathnach. Idir lámha aige faoi láthair tá: lámhleabhar don taighdeoir ar chúrsaí logainmneacha, beathaisnéis de Sheán Ó Donnabháin, eagrán de ghinealaigh Chonnacht, agus roinnt saothar eile.
Ina bhall den Choimisiún Logainmneacha, de Bhord Ard-Mhúsaem na hÉireann, de Bhord Rialúcháin Scoil an Léinn Cheiltigh, Institiúid Ardléinn Bhaile Átha Cliath, agus de Choiste Eagarthóireachta Fhoclóir na Nua-Ghaeilge in Acadamh Ríoga na hÉireann. Sa bhliain 2009 toghadh ina bhall
d’Acadamh Ríoga na hÉireann.