Tomás L. Ó Murchú, BA, MPhil - Teagascóir
SONRAÍ TEAGMHÁLA
Seomra: 217
Teileafón: 091 492585
Folíne: 2585
Ríomhphost:
tomas.omurchu
oegaillimh.ie
BEATHAISNÉIS ACADÚIL
Cainteoir dúchais Gaeilge ó Chathair Chorcaí is ea Tomás L. Ó Murchú. Dhein sé B.A. sa Ghaeilge agus sa Stair i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, i 2005 agus MPhil san ollscoil chéanna i 2007. Tráchtas ar an leabhar Duibhneach,
Clocha Scáil le Seán Ó Dálaigh (1930), atá ann. Pléitear Gaeilge, canúint agus litríocht Chorca Dhuibhne chomh maith. Chaith sé an bhliain acadúil 2007-08 ag múineadh agus ag staidéar in Ollscoil Notre Dame ar scoláireacht
Fulbright FLTA. Bhronn Coláiste na nEalaíon, an Léinn Cheiltigh agus na nEolaíochtaí Sóisialta in Ollscoil Chorcaí scoláireacht dochtúireachta air i 2008. Ábhar an tráchtais ná na caointe a cumadh ar bhás Shéamais Óig Mhic Coitir †1720. Tá páipéir tugtha aige in Ollscoil Chorcaí agus ag comhdháil bhliantúil an
CSANA.
RÉIMSÍ TAIGHDE
Litríocht agus Gaeilge Chorca Dhuibhne; filíocht an 17ú hAois agus an 18ú hAois; saothar fileata Éamoinn de bhFál.