Cúrsaí Iarchéime
Tairgeann Roinn na Gaeilge na cúrsaí iarchéime seo a leanas.
MA sa Nua-Ghaeilge
Tugann an cúrsa MA sa Nua-Ghaeilge deis don mhac léinn a bhfuil Gaeilge mhaith aige nó aici barr feabhais a chur ar a c(h)umas Gaeilge agus cur lena (h)eolas ar litríocht agus ar léann na teanga comhaimseartha. Tá trí chuid sa chúrsa lánaimseartha bliana seo: teanga na Gaeilge, staidéar ar ghnéithe de litríocht agus de léann na Gaeilge agus miontráchtas.
Léigh tuilleadh mar gheall ar an gcúrsa
MA sa Nua-Ghaeilge.
Teastas i Léann an Bhéaloidis
Tá an cúrsa seo dírithe ar dhaoine ar spéis leo cur lena n-eolas ar an ábhar agus tuiscint níos fearr a fháil ar réimsí éagsúla dá n-oidhreacht, go mór mór ar thraidisiúin a gceantair féin. Tá an cúrsa á thairiscint ag Roinn na Gaeilge i gcomhar le h
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge.
Léigh tuilleadh mar gheall ar an gcúrsa
Teastas i Léann an Bhéaloidis.
M Litt SA NUA-GHAEILGE
Eolas faoin gcúrsa
M Litt.
PhD sa Nua-Ghaeilge
Eolas faoin gcúrsa
PhD sa Nua-Ghaeilge.
MA (Old and Middle Irish)
Chun eolas a fháil ar an MA (Old and Middle Irish), lean an ceangal seo:
http://www.nuigalway.ie/oldirish/.
PhD (Sean- agus Meán-Ghaeilge) & PhD (Léann Ceilteach)
Chun eolas a fháil ar an PhD (Sean- agus Meán-Ghaeilge) agus ar an PhD (Léann Ceilteach), lean an ceangal seo:
http://www.nuigalway.ie/oldirish