Warning: Your browser doesn't support all of the features in this Web site. Please view our accessibility page for more details.
Trí ábhar acu seo a roghnú de réir mar a bheidh modúil ar tairiscint: 10 ECTS agus 100 marc an ceann. Ní gá go mbeadh gach cúrsa acu seo ar fáil i mbliain áirithe ar bith.
|
Cúrsa |
Seimeastar |
Uaireanta sa tseachtain |
ECTS |
|
NG 526 |
1&2 |
2 |
10 |
Léachtóirí: An Dr. Gearóid Denvir, An tOll. Mícheál Mac Craith
Cur síos ar an gcúrsa: Pléifear an forás a tháinig ar phrós na Gaeilge in imeacht an 20ú haois idir litríocht chruthaitheach agus litríocht dhioscúrsúil. Déanfar mionphlé ar shaothar údar ar leith.
Modh measúnachta: aiste 1,500 focal a leagfar isteach roimh Nollaig, agus aiste 3,000-4,500 focal a leagfar isteach ag seisiún scrúdaithe an tsamhraidh.
|
Cúrsa |
Seimeastar |
Uaireanta sa tseachtain |
ECTS |
|
NG 527 |
1&2 |
2 |
10 |
Léachtóirí: An Dr. Gearóid Denvir, An Dr. Louis de Paor, An tOll. Mícheál Mac Craith
Cur síos ar an gcúrsa: Pléifear fás na nuafhilíochta ó thús an fichiú haois agus díreofar go mion ar shaothar filí ar leith in imeacht na tréimhse.
Modh measúnachta: aiste 1,500 focal a leagfar isteach roimh Nollaig, agus aiste 3,000-4,500 focal a leagfar isteach ag seisiún scrúdaithe an tsamhraidh.
|
Cúrsa |
Seimeastar |
Uaireanta sa tseachtain |
ECTS |
|
NG 532 |
1 ** |
4 |
10 |
Tá an cúrsa nua seo á thairiscint ag Roinn na Gaeilge i gcomhar le h Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge agus ag Scoil Scannánaíochta agus Meán Digiteach Huston.
Léachtóirí: An Dr. Seán Crosson, An Dr. Jeannine Woods, Dan Dwyer, An Dr. Lillis Ó Laoire
Cur síos ar an gcúrsa: Tabharfaidh an modúl seo forléargas ar stair agus ar thábhacht na Gaeilge sna scannáin agus sna léirithe Gaeilge a rinneadh don scáileán ó 1920 i leith, na Scannáin idirnáisiúnta ina measc. Tabharfar léargas ar léirithe Bord Scannán na hÉireann agus TnaG/TG4 ó bunaíodh an stáisiún; déanfar iniúchadh ar ról Ghael Linn, na léiritheoirí neamhspleácha agus RTÉ chomh maith. Déanfar anailís ar an tréimhse seo agus muid ag breathnú trí lionsa na mórscannán, gearrscannán agus clár faisnéise a bhaineann leis an réimse seo.
Modh measúnachta: dhá aiste 2,500-3,500 an ceann. Pléifear na spriocdhátaí le linn an chúrsa.
** Beidh an cúrsa seo ar fáil sa chéad seimeastar amháin, ach beidh an dara aiste le scríobh sa dara seimeastar.
|
Cúrsa |
Seimeastar |
Uaireanta sa tseachtain |
ECTS |
|
NG 525 |
1&2 |
2 |
10 |
Léachtóir: An tOll. Nollaig Mac Congáil
Cur síos ar an gcúrsa: Déanfar staidéar sa chúrsa seo ar stair na n-irisí agus na nuachtán Gaeilge ó thús na hAthbheochana go dtí an lá atá inniu ann, ag díriú ach go háirithe ar na cinn is mó a d'imir tionchar ar chinniúint na Gaeilge. Breathnófar fosta ar stair na colúnaíochta Gaeilge sna nuachtáin logánta agus náisiúnta Bhéarla sa tréimhse chéanna.
Modh measúnachta: aiste 1,500 focal a leagfar isteach roimh Nollaig, agus aiste 3,000-4,500 focal a leagfar isteach ag seisiún scrúdaithe an tsamhraidh.|
Cúrsa |
Seimeastar |
Uaireanta sa tseachtain |
ECTS |
|
NG 528 |
1&2 |
2 |
10 |
Léachtóir: An Dr. John Walsh
Cur síos ar an gcúrsa: Tugann an cúrsa seo léargas don mhac léinn ar theoiric agus ar chleachtas na sochtheangeolaíochta, in Éirinn agus go hidirnáisiúnta. Scrúdaítear an phleanáil teanga agus an beartas teanga, an idé-eolaíocht teanga, an dátheangachas, an débhéascna agus an códmheascadh. Pléitear cás na Gaeilge go mion agus tarraingítear ar thaithí thíortha dátheangacha eile de réir mar is gá (An Bhreatain Bheag, Alba, An Chatalóin, Ceanada, An Nua-Shéalainn, An Bheilg srl.).
Modh measúnachta: cur i láthair; aiste 1,500 focal a leagfar isteach roimh Nollaig; aiste 3,000-4,500 focal a leagfar isteach ag seisiún scrúdaithe an tsamhraidh.
|
Cúrsa |
Seimeastar |
Uaireanta sa tseachtain |
ECTS |
|
NG 505 |
1&2 |
2 |
10 |
Léachtóir: An Dr. John Walsh
Cur síos ar an gcúrsa: Tugtar léargas don mhac léinn ar chomhthéacs na reachtaíochta teanga go hidirnáisiúnta agus ar fhorbairt na reachtaíochta teanga in Éirinn. Pléitear Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 go mion agus a tábhacht i dtaca leis an bpleanáil teanga. Iarrtar ar na mic léinn na dúshláin a bhaineann le feidhmiú reachtaíochta teanga a aithint agus bearta a mholadh chun na dúshláin sin a shárú.
Modh measúnachta: cur i láthair; aiste 1,500 focal a leagfar isteach roimh Nollaig, agus aiste 3,000-4,500 focal a leagfar isteach ag seisiún scrúdaithe an tsamhraidh.
|
Cúrsa |
Seimeastar |
Uaireanta sa tseachtain |
ECTS |
|
NG531 |
1&2 |
2 |
10 |
Léachtóir: An Dr. Nollaig Ó Muraíle
Cur síos ar an gcúrsa: Tabharfar léargas ar an éagsúlacht mhór ábhair agus stíle atá sna saothair phróis a scríobhadh sa tréimhse seo agus déanfar mionstaidéar ar cheann amháin acu.
Modh measúnachta: aiste 1,500 focal a leagfar isteach roimh Nollaig, agus aiste 3,000-4,500 focal a leagfar isteach ag seisiún scrúdaithe an tsamhraidh.
|
Cúrsa |
Seimeastar |
Uaireanta sa tseachtain |
ECTS |
|
NG 507 |
1&2 |
2 |
10 |
Léachtóir: An Dr. Nollaig Ó Muraíle
Cur síos ar an gcúrsa: Léireofar cé mar a chuaigh na hathruithe móra i saol na hÉireann sa 17ú haois i bhfeidhm ar litríocht na Gaeilge agus lucht a saothraithe idir fhilí agus scríbhneoirí próis
Modh measúnachta: aiste 1,500 focal a leagfar isteach roimh Nollaig, agus aiste 3,000-4,500 focal a leagfar isteach ag seisiún scrúdaithe an tsamhraidh.
|
Cúrsa |
Seimeastar |
Uaireanta sa tseachtain |
ECTS |
|
NG 508 |
1&2 |
2 |
10 |
Léachtóir: An tOll. Mícheál Mac Craith
Cur síos ar an gcúrsa: Déanfar scagadh ar shaothrú na litríochta sa dá cheantar ba mhó tábhacht san ochtú haois deag, Cúige Mumhan agus Oirialla. Ina theannta sin scrúdófar an spéis a bhí á léiriú ag lucht an chinsil i saíocht na Gaeilge i mblianta deireanacha na haoise.
Modh measúnachta: aiste 1,500 focal a leagfar isteach roimh Nollaig, agus aiste 3,000-4,500 focal a leagfar isteach ag seisiún scrúdaithe an tsamhraidh.
|
Cúrsa |
Seimeastar |
Uaireanta sa tseachtain |
ECTS |
|
NG 513 |
1&2 |
2 |
10 |
Léachtóir: An Dr. Lillis Ó Laoire
Cur síos ar an gcúrsa: Dhá chuid a bheidh sa chúrsa seo ag plé leis an scéalaíocht agus an amhránaíocht faoi seach. Pléifear an scéalaíocht i seimeastar a haon agus an amhránaíocht i seimeastar a dó. Sna ranganna féin beidh dhá chur chuige dhifriúla i gceist chomh maith. Ar an gcéad dul síos, beidh cur i láthair le déanamh ag mac léinn sa rang ar alt ón siollabas gach seachtain. Pléifear an t-alt sa rang ina dhiaidh sin. Chun taithí a fháil ar úsáid na teanga féin san ábhar traidisiúnta seo, léifear téacsanna na scéalta agus na n-amhrán chomh maith agus éistfear le taifeadtaí díobh mara léiriú breise.
Modh measúnachta: cur i láthair; aiste 1,500 focal a leagfar isteach roimh Nollaig, agus aiste 3,000-4,500 focal a leagfar isteach ag seisiún scrúdaithe an tsamhraidh.
|
Cúrsa |
Seimeastar |
Uaireanta sa tseachtain |
ECTS |
|
NG 518 |
1&2 |
1 |
10 |
Léachtóir: An tOll. Nollaig Mac Congáil
Cur síos ar an gcúrsa: Sa chúrsa seo rianaítear stair na gcanúintí Gaeilge in Éirinn agus déantar anailís ar na príomhchanúintí. Roghnaítear aon chanúint amháin freisin le mionstaidéar a dhéanamh uirthi.
Modh measúnachta: aiste 1,500 focal a leagfar isteach roimh Nollaig, agus aiste 3,000-4,500 focal a leagfar isteach ag seisiún scrúdaithe an tsamhraidh.
|
Cúrsa |
Seimeastar |
Uaireanta sa tseachtain |
ECTS |
|
NG 522 |
1&2 |
2 |
10 |
Léachtóir: An Dr. Nollaig Ó Muraíle
Cur síos ar an gcúrsa: Scrúdófar saothar na scríobhaithe a bhí i mbun cúrsaí lámhscríbhneoireachta idir an 13ú haois agus an 19ú haois agus cuirfear ar chumas an iarchéimí lámhscríbhinní de chuid na tréimhse seo a léamh.
Modh measúnachta: aiste 1,500 focal a leagfar isteach roimh Nollaig, agus aiste 3,000-4,500 focal a leagfar isteach ag seisiún scrúdaithe an tsamhraidh.
|
Cúrsa |
Seimeastar |
Uaireanta sa tseachtain |
ECTS |
|
NG le socrú |
1&2 |
2 |
10 |
Léachtóir: An Dr. Nollaig Ó Muraíle
Cur síos ar an gcúrsa: Scrúdófar bunús, forbairt agus struchtúr an ollchorpais ainmneacha sa Ghaeilge, idir ainmneacha pearsanta, sloinnte agus logainmneacha. Féachfar go háirithe ar thorthaí an taighde atá déanta ag scoláirí sa réimse léinn seo. Déanfar iniúchadh níos mine sa chúrsa seo ar gach gné den ábhar ná mar a dhéantar sa chúrsa fochéime den teideal céanna (NG 339).
Modh measúnachta: aiste 1,500 focal a leagfar isteach roimh Nollaig, agus aiste 3,000-4,500 focal a leagfar isteach ag seisiún scrúdaithe an tsamhraidh.
nuigalway.ie
