MA SA NUA-GHAEILGE
AIDHM AN CHLÁIR:
Sároiliúint a chur ar an mac léinn i dteanga, i léann agus i litríocht na Nua-Ghaeilge agus forbairt a dhéanamh ar a c(h)uid scileanna taighde agus cumarsáide. Bliain iomlán acadúil ó Mheán Fómhair go Lúnasa a mhaireann an cúrsa lánaimseartha seo. Is cúrsa an-leathan é a thugann saoirse don mhac léinn díriú ar na réimsí léinn is spéis leis/léi, go háirithe ó thaobh an tráchtais.
RÉAMHRIACHTANAIS:
Céim UNCE leibhéal 8 nó a chomhionann sin, Dara hOnóracha nó a chomhionann sin sa Ghaeilge (idir theanga agus ábhar an chúrsa céime araon). Cé gur Grád Onóracha 2.2 sa Ghaeilge sa Chéim BA a iarrtar mar íoscháilíocht don iarchéim seo, tabharfar tús áite d’iarrthóirí a mbeidh cáilíocht níos airde acu. Caithfear chomh maith Roinn na Gaeilge a shásamh maidir le hinniúlacht teanga gach iarrthóra cúrsa iarchéime sa Nua-Ghaeilge a thabhairt chun críche go sásúil. Beidh sé de cheart ag an Roinn scrúdú cáilíochta teanga a chur ar iarrthóirí.
UASLÍON MAC LÉINN:
Ní ghlacfar le níos mó ná 15 mac léinn ar an gcúrsa.
LEAGAN AMACH AN CHÚRSA:
Tá an mháistreacht roinnte ina 3 chuid:
Teanga
>
Litríocht agus Léann na Gaeilge
Tráchtas
Léigh faoi struchtúr an chúrsa
anseo.
Léigh treoracha don mhac léinn faoin Tráchtas
anseo.
Tugtar léachtaí agus seimineáir ar theanga, litríocht agus leann na Gaeilge ar feadh na bliana acadúla ó Mheán Fómhair go Bealtaine.
Scrúdaítear an t-ábhar ag seisiún scrúdaithe an tsamhraidh.
Ansin caithfidh an mac léinn tráchtas a scríobh i gcaitheamh an tsamhraidh agus a leagan isteach in Oifig na Scrúduithe roimh dheireadh mhí Lúnasa. Breis eolais ar fáil ó
Oifig na Scrúduithe.
CAIGHDEÁIN:
Pas: 40-49% san iomlán
Dara hOnóracha, Grád 2: 50-59% san iomlán
Dara hOnóracha, Grád 1: 60-69% san iomlán
Onóracha den Chéad Ghrád: 70+% san iomlán
DEISEANNA GAIRME:
Gairmeacha acadúla
Foilsiú
Na meáin chumarsáide (clóite agus leictreonach)
Teagasc na Gaeilge
Na tionscail chultúrtha