MLitt
MLitt sa Nua-Ghaeilge
Réamhriachtanas: Ní mór don mhac léinn grád 2/1 ar a laghad a bhaint amach sa Ghaeilge i scrúdú na bunchéime agus grád 2/2 ar a laghad i scrúdú na céime ina iomláine. Ní mór an scéal a phlé le hOllamh na Nua-Ghaeilge, agus é/í a bheith sásta an t-iarratas agus ábhar an tráchtais a cheadú agus a mholadh don Dámh. Is féidir leis an mac léinn a roghnaíonn M.Litt. an mháistreacht a chríochnú amach in aon bhliain acadúil amháin má thograíonn sé/sí. Moltar, áfach, an dara bliain nó cuid di a úsáid d'fhonn deis cheart a thabhairt don mhac léinn an toradh is fearr a bhaint amach. Tuilleadh eolais:
gearoid.denvir
oegaillimh.ie
Uasmhéid focal don tráchtas: 50,000
MLitt (Léann Ceilteach) agus MLitt (Old and Middle Irish)
Chun faisnéis a fháil ar an MLitt (Léann Ceilteach) agus ar an MLitt (Old and Middle Irish), lean an ceangal seo:
http://www.nuigalway.ie/oldirish/