MA sa Nua-Ghaeilge
NG530: Modhanna Taighde (5 ECTS)
Uair a chloig sa tseachtain, Seimeastar 1 amháin.
Modúl riachtanach é seo.
Aidhm an mhodúil
- Cur ar chumas an mhic léinn taighde neamhspleách a dhéanamh ar ghné éigin den Nua-Ghaeilge d’fhonn tráchtas 15,000-20,000 focal a scríobh ar an ábhar.
Imlíne an mhodúil
- Roghnú ábhair taighde agus aithint ceisteanna taighde
- Modheolaíocht don tráchtas litríochta
- Forléargas litríochta
- Grúpaí fócais
- Cás-staidéir
- Scríobh aistí liteartha/acadúla
- Bileog Stíle agus Tagairtí
- Eitneagrafaíocht agus Litríocht Bhéil
- Taighde logainmneacha
- Taighde lámhscríbhinní