Warning: Your browser doesn't support all of the features in this Web site. Please view our accessibility page for more details.
Is réimse suntasach de chultúr aon phobal é an friotal traidisiúnta a chuirtear ar phróiseanna intinne mar aon le gníomhaíochtaí agus iompar a bhuanaítear orthu.
Soláthraíonn na rudaí seo léiriú sainiúil ar thaithí saoil, ar chumas ealaíne, ar íogaireacht teanga agus ar lón intinne an phobail a chothaíonn agus a sheachadann iad.
.
Tá cur amach ag go leor daoine ar ghnéithe dá dtraidisiún cultúrtha féin agus spéis acu ann, rud a fhágann gur ábhar an-fheiliúnach d'oiliúint leanúnach saoil é léann an traidisiúin.
Soláthraíonn an cúrsa seo eispéaras foghlama agus oideachasúil i ngnéithe den réimse léinn seo, ag díriú go háirithe ar thraidisiún an cheantair ina bhfuil an cúrsa á reáchtáil.
Cuirfear san áireamh aon cheantar Gaeltachta, a bhfuil dáréag mac léinn ar a laghad sásta freastal ar an gcúrsa, nuair a bheidh beachtú á dhéanamh ar an ionad ina soláthrófar an Dioplóma sna blianta 2006 go 2008.
Is i gcomhar le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge atá an cúrsa seo á reáchtáil.
Tá an cúrsa seo dírithe ar dhaoine ar spéis leo cur lena n-eolas ar an ábhar agus tuiscint níos fearr a fháil ar réimsí éagsúla dá n-oidhreacht, go mór mór ar thraidisiún a gceantar féin.
Beidh an cúrsa tarraingteach go háirithe dóibh siúd atá ag feidhmiú in earnáil na turasóireachta cultúrtha agus in eagraíochtaí pobalbhunaithe.
Seo aidhmeanna an chúrsa go hachomair:
Níl aon riachtanas iontrála don chúrsa seo.
Fáilteofar roimh iarratais ó dhaoine a bhfuil Gaeilge mhaith acu agus suim acu i gcultúr traidisiúnta na hÉireann.
Beidh aiste le scríobh agus togra obair pháirce le cur i gcrích i ngach modúl.
Reáchtálfar an cúrsa seo in Ionad Charna de chuid Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge agus in ionad seachtarach, atá le fógairt go luath, i gContae Chiarraí.
| An Rúnaí,
Roinn na Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, Cathair na Gaillimhe. Guthán: 00 353 91 524 411. Folíne: 2564. R-phost: fiona.depaor oegaillimh.ie. |
Dónal Ó Droighneáin,
Ionad an Acadaimh: Carna, Carna, Co. na Gaillimhe. Guthán: 353 95 328 34. Facs: 353 95 328 36. R-phost: donal.odroighneain oegaillimh.ie.
|
| Teideal an mhodúil | Cur Síos |
| Bliain 1 | |
| Scileanna Ionduchtaithe | Coincheap an traidisiúin agus ról an traidisiúin sa tsochaí; taifid; modhanna cláraithe agus teicnící bailithe an bhéaloidis; cruinneas i scríobh na Gaeilge; próiseáil focal. |
| Siamsaíocht | Ceol; damhsa; amhránaíocht; filíocht; cluichí leanaí agus aosach. |
| Deasghnátha agus Tuiscintí Traidisiúnta | Iompar agus modhanna machnaimh traidisiún-bhunaithe; tuiscintí traidisiúnta faoi ionramháil an áidh i réimsí éagsúla de shaol an duine. |
|
Bliain 2 |
|
| Oidhreacht Fhisiciúil | An ailtireacht dhúchais; logainmneacha; sloinnte; sloinnte agus finscéalta stairiúla. |
| Ealaín Bhéil | Cineál agus aestéitic na healaíne béil; léargas ar thraidisiún na scéalaíochta; seánraí faoi leith. |
| Muir agus Tír | Iascaireacht agus talmhaíocht thraidisiúnta; bia, feisteas agus ceardaíocht thraidisiúnta. |
nuigalway.ie
