Warning: Your browser doesn't support all of the features in this Web site. Please view our accessibility page for more details.
Fáilte go láithreán gréasáin Roinn na Gaeilge,
Scoil na dTeangacha, na Litríochtaí agus na gCultúr.
Tairgeann an Roinn cúrsaí a thugann deis do mhic léinn iad féin a chur chun cinn i dteanga agus i gcultúr na Gaeilge. Tig leis an mac léinn cur lena (h)ábaltacht ar labhairt agus ar scríobh na teanga, i dteannta le heolas a fháil ar chultúr na Gaeilge féin.
Is duine den chomhluadar Gaelach é an mac léinn ó leagfaidh sé/sí cos thar thairseach Áras na Gaeilge, áit a labhraítear an Ghaeilge go gnáthúil.
Tá an Ollscoil seo suite ar bhruach na Gaeltachta agus le cuidiú le mic léinn tamall a chaitheamh sa Ghaeltacht sin, tairgeann Bord na Gaeilge, OÉ, Gaillimh, scoláireachtaí gach bliain do mhic léinn le tréimhsí a chaitheamh thiar ar an g Ceathrú Rua.
Cuireann Oifig na Gaeilge Labhartha cúrsaí speisialta ar siúl faoi Cháisc agus sa samhradh do mhic léinn na Gaeilge in
Ionad an Acadaimh, An Cheathrú Rua.
Tugtar deis agus cabhair ar leith sna cúrsaí seo d'fhochéimithe na Gaeilge feabhas a chur ar labhairt agus ar scríobh na teanga féin. Tá ionad agus áiseanna le haghaidh staidéir ar fáil san áras seo freisin. Glacann Roinn na Gaeilge leis go rachaidh mic léinn na Gaeilge chun na Gaeltachta agus go ndéanfaidh siad freastal ar na cúrsaí seo i gcaitheamh a dtréimhse san Ollscoil.
D'éirigh le beirt mhac léinn de chuid na Roinne i scrúdú an viva voce le seachtain anuas. Bhí Esther Le Mair ag obair faoi stiúir an Dr. Graham Isaac i réimse na Sean-Ghaeilge agus bhí Síle Ní Mhurchú ag obair faoi stiúir an Dr. Nollaig Ó Muraíle i réimse na Nua-Ghaeilge. Déanaimid comhghairdeas ó chroí leo beirt.
Fógraíodh le déanaí go bhfuil an leabhar Sé an Saol an Máistir: Filíocht Learaí Phádraic Learaí Uí Fhinneadha, arna chur in eagar ag an Oll. Gearóid Denvir, san iomaíocht le ceithre leabhar eile don teideal Leabhar na Bliana. Fógrófar buaiteoir an ghradaim, ar fiú €10,000 é, sa Leabharlann Náisiúnta ar an Máirt, an 15 Samhain. Bhain an leabhar seo duais amach i gcomórtas an Oireachtais anuraidh.
Thug ceathrar de mhic léinn PhD na Roinne cuairt ar Ghaeltacht Chorca Dhuibhne le déanaí. D'fhreastail Eilís Ní Dhúill, Hugh Rowland, Liam Ó hAisibéil agus Aingeal Ní Chualáin ar Cheiliúradh an Bhlascaoid i nDún Chaoin, ócáid bhliantúil ar ghné éigin de shaol an Oileáin Tiar.
Bhí an Dr. John Walsh i dteannta na mac léinn, fear a bhíonn ar an nGráig go minic é féin. 'Tá áthas an domhain orm mic léinn a thabhairt liom go Corca Dhuibhne agus tá súil agam é a dhéanamh gach aon bhliain as seo amach', a dúirt sé. 'Chaitheas féin go leor ama i gCorca Dhuibhne le linn m'óige agus is breá liom go mbeadh deis ag mic léinn an lae inniu cuairt a thabhairt ar an ndúthaigh'. Bhí scoláireachtaí ag na mic léinn ó Roinn na Gaeilge. Léigh cuntas ar a dturas anseo.
In Ionad an Bhlascaoid a tógadh an pictiúr. Ó chlé: Eilís Ní Dhúill, Hugh Rowland, Liam Ó hAisibéil agus Aingeal Ní Chualáin
Reáchtálfar An Chomhdháil ar Litríocht agus Cultúr na Gaeilge in Áras na Gaeilge 7 agus 8 Deireadh Fómhair 2011. Beidh níos mó ná triocha cainteoir ag glacadh páirte sa chomhdháil bhliantúil seo ina bpléitear gnéithe éagsúla de litríocht, de chultúr agus de léann na Gaeilge. Tá clár na comhdhála agus foirm chláraithe ar fáil anseo. Moltar do dhaoine clárú a luaithe is féidir.
Seoladh an chéim nua BA sa Ghaeilge Fheidhmeach le déanaí. Comhthionscadal idir Roinn na Gaeilge agus Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge is ea an chéim, an chéad cheann dá sórt a sheachadfar tríd an bhfoghlaim chumaiscthe, le béim mhór ar an teagasc ar-líne. San áireamh sa chéim tá: scileanna Gaeilge, idir labhairt agus scríobh; litríocht, léann agus cultúr na Gaeilge; an tsochtheangeolaíocht; aistriúchán agus ateangaireacht; na meáin chumarsáide; an béaloideas. Breis eolais ar fáil anseo.
Chraol RTÉ Raidió na Gaeltachta clár speisialta ar 6 Aibreán faoi dhaoine ar bronnadh scoláireachtaí Fulbright orthu chun an Ghaeilge a mhúineadh sna Stáit Aontaithe. Bhí na daoine go léir a ghlac páirt sa chlár ina gcéimithe de chuid Roinn na Gaeilge, nó rinne siad staidéar ar an nGaeilge anseo. Is féidir éisteacht leis an gclár anseo. Breis eolais faoin Fulbright ar fáil anseo.
Tá áthas orainn a fhógairt gur bronnadh PhD sa Nua-Ghaeilge ar Laoise Ní Dhúda inniu.
Pobal Gaeltachta an Bhreacbhaile: cás-staidéar sochtheangeolaíoch agus eitneagrafaíoch sa bheartas teanga is teideal don tráchtas a rinne Laoise faoi stiúir an Dr. John Walsh.
Bunaíodh an staidéar ar thaighde mion eitneagrafaíoch ar fheidhmiú an bheartais teanga i gceantar Gaeltachta.
Bhuaigh Laoise scoláireacht ón gComhairle um Thaighde sna Dána agus sna hEolaíochtaí Sóisialta chun cabhrú léi an taighde páirce a dhéanamh.
Déanaimid comhghairdeas ó chroí le Laoise.
Sa phictiúr ó chlé: An tOll. Nollaig Mac Congáil, an Dr. Lillis Ó Laoire, an tOll. Mícheál Mac Craith, an Dr. Laoise Ní Dhúda, an Dr. John Walsh, an tOll. Gearóid Denvir.
Táimid ag glacadh le hiarratais faoi láthair don MA sa Nua-Ghaeilge 2011-12. Cuirfidh an clár MA sároiliúint ar an mac léinn i dTeanga, i Léann agus i Litríocht na Nua-Ghaeilge agus déanfaidh sé forbairt ar a c(h)uid scileanna taighde agus cumarsáide. Breis eolais ar fáil anseo (conas iarratas PAC a dhéanamh) agus anseo (eolas ó Roinn na Gaeilge).
Tá dea-thionchar ag cur chun cinn na Gaeilge ar fhorbairt shocheacnamaíoch na hÉireann agus ba cheart go mbeadh ról lárnach ag an teanga san iarracht a theastaíonn chun an tír a atógáil, dar le húdar leabhair nua
Contests and Contexts: The Irish Language and Ireland’s Socio-Economic Development. Ina leabhar, léiríonn an Dr. John Walsh, Roinn na Gaeilge conas a dhein staraithe agus tráchtairí ar shochaí na hÉireann neamhaird den athrú drámatúil teanga a tharla. Áitíonn an t-údar gur gá gá múnla nua teoiriciúil - a tharraingíonn ar ghnéithe den tsochtheangeolaíocht agus den fhorbairt shoch-chultúrtha - chun tuiscint níos fearr a fháil den nasc idir teanga agus forbairt. Ba é Peadar Kirby, Ollamh le Polaitíocht Idirnáisiúnta agus Beartas Poiblí, Ollscoil Luimnigh, a sheol an leabhar i Músaem Cathrach na Gaillimhe ar 28 Eanáir 2011.
Sa phictiúr tá an t-údar John Walsh, Breandán Ó hEaghra, Músaem na Cathrach agus an tOllamh Peadar Kirby.
Ordaigh an leabhar anseo. Breis eolais anseo.
Seoladh duaisleabhar Ghearóid Denvir,
Sé an Saol an Máistir: Filíocht Learaí Phádraic Learaí Uí Fhínneadha, in Óstán na Páirce, An Spidéal, le gairid.
Is é atá sa leabhar eagrán de shaothar an fhile, 151 dán san iomlán, maille le nótaí mínithe agus aiste fhada chritice ina bpléitear ábhar, feidhm agus nádúr fhilíocht seo an bhéil bheo ina comhthéacs logánta, náisiúnta agus fiú idirnáisiúnta. Cló Iar-Chonnacht a d’fhoilsigh an leabhar agus ba é an scríbhneoir agus an t-aisteoir cliúiteach Joe Steve Ó Neachtain a rinne an seoladh.
Is féidir an leabhar a ordú anseo.
Sa phictiúr tá an t-údar, Gearóid Denvir, a bhean chéile Máire, agus bunaitheoir Chló Iar-Chonnacht, Mícheál Ó Conghaile, iarscoláire de chuid Roinn na Gaeilge.
I 2009, bhronn CTDES ( IRCHSS) comhaltacht shinsearach taighde ar Lillis Ó Laoire chun leabhar ar Sheosamh Ó hÉanaí a bhí idir lámha aige le tamall de bhlianta a chríochnú. Is é Joe Heaney: Bright Star of the West teideal an leabhair, agus is iad Cló Ollscoile Oxford na foilsitheoirí. Iarmhac léinn le Seosamh Ó hÉanaí, an tOllamh Sean Williams ( Evergreen State College, Olympia Washington, Stáit Aontaithe Mheiriceá) comhúdar an leabhair.
Chomh maith leis an leabhar a chríochnú, tugadh maoiniú don Dr. Ó Laoire le suíomh gréasáin a thógáil. Tá a lán taifeadtaí fuaime agus físe ar marthain ó Sheosamh Ó hÉanaí agus iad ar coimeád ag The University of Washington, Seattle. Cuireadh cóip den ábhar sin chuig Micheál Ó Cuaig ar iarratas ó phobal Charna blianta ó shin, agus í sin ar coimeád anois in Áras Shorcha Ní Ghuairim. Fostaíodh an Dr. Virginia Blankenhorn ar chomhaltacht iardhochtúireachta leis an ábhar seo a ullmhú don idirlín. Le cabhair ó Shéamas Ó Concheanainn, riarthóir Ionad Shorcha Ní Ghuairim, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, agus ó Mhicheál Mac Lochlainn, dearthóir agus ailtire meiteashonraí don tionscnamh, ó Mharian Ní Chonghaile, dearthóir suímh agus ó Sheathrún Ó Tuairisc, feidhmeannach ríomheolaíochta, cuireadh an suíomh le chéile. Seoladh an láithreán i Mí na Samhna seo caite agus tá sé beo anois saor in aisce ar líne mar áis thaighde agus teagaisc dóibh siúd ar spéis leo an t-ábhar seo. Is é seoladh an láithreáin: http://www.joeheaney.org/.
nuigalway.ie
