Not all of the content is available in Irish. Where this is the case English content is displayed.

Maoiniú

Tá tuillleadh cabhrach le fáil le do tháillí teagaisc.   Fiosraigh faoi dheontais, scoláireachtaí agus tuilleadh.

Comhaltachtaí

Cuireann OÉ Gaillimh líon teoranta comhaltachtaí Coláiste ar fáil le cuidiú le mic léinn atá ag tabhairt faoi iarchéim (taighde) go lánaimseartha in OÉ Gaillimh.   Déan teagmháil leis an Oifig Coláiste chuí le heolas a fháil faoi chomhaltachtaí i do réimse staidéirse.   D’fhéadfadh sé go mbeadh foinsí maoinithe eile ag ranna acadúla dá gcúrsaí chomh maith.

Cistí

An Ciste Cúnaimh do Mhic Léinn

Tá mic léinn atá ag tabhairt faoi chúrsa fochéime nó iarchéime a mhaireann ar feadh bliana, ar a laghad, i dteideal iarratas a dhéanamh ar chabhair ón gciste seo.

Is féidir leis an gciste maoiniú a thabhairt do na nithe seo a leanas:  

  • leabhair
  • cíos
  • Teas/solas
  • bia
  • taisteal
  • costais leighis
  • cliseadh i dteaghlach
  • cúram leanaí
  • bás gaoil

Ní bhíonn tacaíocht le fáil do Tháillí Teagaisc ná d’Aisíocaíochtaí.

Caithfidh mic léinn admhálacha ar chostais ar luach an chúnaimh a fhaigheann siad ón gciste a chur ar fáil.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoin gciste agus faoin mbealach le hiarratas a dhéanamh, déan teagmháil le Seirbhísí do Mhic Léinn

Ciste do Mhic Léinn faoi Mhíchumas

Déanann Rialtas na hÉireann agus Ciste Sóisialta na hEorpa maoiniú ar an gciste do Mhic Léinn faoi Mhíchumas.   Cuirtear ar maoiniú ar fáil ón gciste seo go leibhéal dochtúireachta do mhic léinn atá faoi mhíchumas.   Tuilleadh eolais anseo faoin gcaoi le hiarratas a dhéanamh.

Maoiniú taighde in OÉ Gaillimh  

Má tá tú ag tabhairt faoi staidéar iarchéime bunaithe ar thaighde, d'fhéadfadh fáil a bheith agat ar mhaoiniú ar leith le tacú le do chuid staidéir.  

D’fhéadfadh sé gur cistí inmheánacha (in OÉ Gaillimh) na foinsí maoinithe seo nó gur foinsí maoinithe seachtracha iad (ón Rialtas, ó chomhlachtaí maoinithe taighde, ón tionscal).   

· Scoláireachtaí, staidéarachtaí agus cláir thaighde mhaoinithe in OÉ Gaillimh

· Folúntais taighde iardhochtúireachta in OÉ Gaillimh

Maoiniú taighde ó chomhlachtaí seachtracha

· Comhairle Taighde na hÉireann um Eolaíocht, Innealtóireacht agus Teicneolaíocht (IRCSET)

· An Chomhairle um Thaighde sna Daonnachtaí & sna hEolaíochtaí Sóisialta (IRCHSS)

· An Bord Taighde Sláinte

· Fondúireacht Eolaíochta Éireann

· Fiontraíocht Éireann

· An Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (EPA)

· Foras na Mara

· An Roinn Talmhaíochta & Iascaigh (DAF)

· An Chomhairle Náisiúnta um Thaighde & Forbairt Foraoise (COFORD)

· Teagasc:   Údarás um Fhorbairt Talmhaíochta & Bia na hÉireann  

Roghanna maoinithe eile

Tá eolas úsáideach sna naisc seo a leanas faoi na roghanna maoinithe atá ar fáil do mhic léinn iarchéime:

An tIonad Forbartha Gairmeacha, OÉ Gaillimh

Comhaltas na Mac Léinn, OÉ Gaillimh

Oifig na Mac Léinn Lánfhásta, OÉ Gaillimh

Oifig an Leas-Uachtaráin um Thaighde, OÉ Gaillimh

www.studentfinance.ie

www.postgradireland.com

Gradaim agus Duaiseanna

Gradaim agus dámhachtainí

Tá go leor scéimeanna dámhachtainí nó scoláireachtaí ag OÉ Gaillimh a d'fhéadfadh cuidiú leat tacaíocht airgeadais bhreise a fháil do do chuid staidéir iarchéime, má chomhlíonann tú na critéir.

 

An Clár Gradaim

Na mic léinn atá i dteideal cur isteach air

Teagmhálaí

Agfa-Gevaert Travelling Scholarship in Radiology

Iarchéimithe sa Raideolaíocht (go ceann 10 mbliana i ndiaidh dóibh a gcéim a bhaint amach)

An tOllamh Raideolaíochta

Teil: +353 (0)91 524411 folíne: 874653

Ernst & Young Fellowship in Accountancy

Mic léinn Chuntasaíochta MBS i mbun speisialtóireachta agus a bhfuil bunchéim 2:1 ar a laghad acu

Suzann Keane, Dámh na Tráchtála

Teil: +353 (0)91 524411

Folíne: 3617

Michael Davitt Fellowship

Mic léinn PhD i réimse a bhaineann leis an Stair nó le Polaitíocht

Áine Ní Chonghaile

Ríomhphost: aine.nichonghaile@nuigalway.ie

(€20,000 sa bhliain)

Mic léinn PhD sna Dána

Coláiste na nDán, na nEolaíochtaí Sóisialta agus an Léinn Cheiltigh

Teil: +353 (0)91 493954

Ríomhphost: collegearts@nuigalway.ie

P.J. Tobin & Co. Gold Medal & Research Scholarship in Civil Engineering

Céimithe san Innealtóireacht Shibhialta a rinne iarratas ar iarchéim san Innealtóireacht agus a dhéanfaidh obair thaighde sa roinn

Roinn na hInnealtóireachta Sibhialta

Teil: +353 (0)91 524411 folíne: 2170

Ríomhphost: brid.flaherty@nuigalway.ie

Professional Postgraduate Travel Prize in Obstretrics and Gynaecology

Iarchéimí faoi oiliúint sa Chnáimhseachas agus Ghínéiceolaíocht

Roinn an Chnáimhseachais agus na Gínéiceolaíochta

Teil: +353 (0)91 524411 folíne: 3537

Scoláireachtaí RTÉ

Mic léinn PhD nó Máistreachta i réimse a bhaineann leis an tionchar a bhíonn ag an gcraoltóireacht ar an bpobal

Brid Carr

Ríomhphost: brid.carr@nuigalway.ie

Scoláireacht 1916 sa Ghaeilge

Céimí BA leis an marc Chéad Onóracha is airde i nGaeilge

An Oifig Iontrála

Teil: +353 (0)91 524411 folíne: 2199

Sparánacht Uí Eithir

Fochéimithe agus iarchéimithe ar chúrsa lánaimseartha a léiríonn ardchumas spóirt.

Gary Ryan, Elite Sport Development Officer, 
T 353 (0)91 495979
E gary.ryan@nuigalway.ie

The Thermo-King Ingersoll Rand Marketiing Fellowship Award

Iarchéimithe MBS atá i mbun speisialtóireachta sa mhargaíocht.   Caithfidh na mic léinn a bheith i ndiaidh Baitsiléir sa Tráchtáil a bhaint amach in OÉ Gaillimh agus dara honóracha, ar a laghad, a bheith bainte amach acu

Suzann Keane, Dámh na Tráchtála

Teil: +353 (0)91 524411 folíne: 3617

Deontais

Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar scéim na nDeontas Ardoideachais más mac léinn tú atá ag tabhairt faoi chúrsa fochéime lánaimseartha faofa a mhaireann 2 bhliain ar a laghad nó faoi chúrsa iarchéime lánaimseartha.   Caithfidh tú critéir áirithe a chomhlíonadh chun go mbeidh tú i dteideal an deontais, torthaí acadúla agus tástáil maoine san áireamh.  

Tá na sonraí ar fad faoi scéim na nDeontas Ardoideachais le fáil ar láithreán gréasáin an Ionaid Eolais do Shaoránaigh.

Scéimeanna deontas

Tá scéimeanna éagsúla deontas ann atá ar fáil do mhic léinn iarchéime le cuidiú leo a gcuid staidéir a mhaoiniú. Ach d’fhéadfadh sé go mbraithfeadh sé ar do náisiúntacht nó ar do stádas cónaitheachta cé acu an bhfuil tú i dteideal na deontais seo a fháil nó nach bhfuil.   Tá sonraí na scéimeanna seo (na critéir cháilitheachta san áireamh) le fáil anseo thíos:

  • Deontais Ardoideachais
  • Ciste do Mhic Léinn faoi Mhíchumas
  • Liúntas um Fhilleadh ar an Oideachas
  • An Ciste Cúnaimh do Mhic Léinn  
  • Ciste Comhpháirtíochta na Mílaoise

Conas iarratas a dhéanamh ar dheontas  

Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar dheontas cothabhála ó d’údarás áitiúil nó ón gCoiste Gairmoideachais agus an deontas a tharraingt in OÉ Gaillimh.

Tá foirmeacha do Dheontais Ardoideachais le fáil ó d'údarás áitiúil nó is féidir an fhoirm iarratais ar dheontas do mhic léinn (pdf) a íoslódáil mar aon leis na nótaí a ghabhann léi ón láithreán gréasáin www.studentfinance.ie.

Seol an fhoirm líonta chuig d'údarás áitiúil faoin lá oibre deiridh de mhí Lúnasa an bhliain a bhfuil iarratas á dhéanamh agat ar dheontas.  

Déan teagmháil le d’údarás áitiúil nó le do Choiste Gairmoideachais (más mac léinn tú a d’aistrigh ó Institiúid Teicneolaíochta) le comhairle agus eolas a fháil faoin scéim.

Ní thugann Oifig Táillí OÉ Gaillimh deontais amach.   Bailíonn sí táillí agus roinneann sí deontais chothabhála thar ceann an údaráis áitiúil/an Choiste Gairmoideachais áitiúil.

Conas do dheontas a bhailiú

Íoctar deontais chothabhála ina dtrí ghála chothroma. Seolfaidh an VEC/an Chomhairle Contae/An Bardas seic a bheidh iníoctha leatsa chuig Oifig Táillí OÉ Gaillimh.

Is féidir leat seic do dheontais a bhailiú ó Oifig na dTáillí, atá lonnaithe in Áras Uí Chathail.   Is féidir na deontais a bhailiú idir 9.30am – 12.30pm agus idir 2.15 – 4.40pm. Déantar an liosta deontas a fhaigheann an oifig a thabhairt cothrom le dáta gach lá timpeall 11 am.

Léiríonn an dáta trasna ó ainm an údaráis áitiúil go bhfuil beart seiceanna cothabhála á seachadadh chuig Oifig na dTáillí.

Ní thabharfar seiceanna deontas amach gan cárta aitheantas mar mhac léinn reatha de chuid OÉ Gaillimh a bheith leat.  

Inis do d’údarás áitiúil/don Choiste Gairmoideachais atá ag cur do dheontais ar fáil má bhí réamhiasacht bainc agat. Fiú má bhí sin amhlaidh, ní mór duit a shíniú go bhfuair tú gach seic cothabhála.  

Má bhíonn deacracht agat do dheontas cothabhála a fháil, déan teagmháil leis an údarás cuí.

Tabhair faoi deara go gcaithfidh tú freastal ar gach léacht a bhaineann le do chúrsa chun go mbeidh tú in ann do sheic cothabhála a bhailiú.

Mura bhfuil tú féin in ann seic do dheontais a bhailiú de bhrí go bhfuil tú ar thaithí oibre, ceangail a bhaineann le B. Comm (Idirnáisiúnta) nó BA (Idirnáisiúnta), líon an fhoirm seo, le do thoil, agus seol ar ais í chuig Oifig na dTáillí, OÉ Gaillimh.    

Nósanna imeachta clárúcháin.

Daoine a bhfuil Scoláireacht/Deontas acu agus daoine atá ag éileamh saortháillí: 2009/10

Má chláraíonn tú in OÉ Gaillimh mar dhuine a bhfuil scoláireacht/deontas agat nó má dhéanann tú éileamh ar ’shaortháillí’ a mhaoiníonn an Rialtas agus má chinntear ina dhiaidh sin nach bhfuil tú incháilithe dóibh, d’fhéadfaí pionós €200 a ghearradh ort.

Má tá amhras ann fút a bheith incháilithe, molaimid duit an chéad sciar de na táillí a íoc. Aisíocfar an méid sin leat, más cuí, a luaithe a fhaighimid an scoláireacht/an deontas nó an íocaíocht ’saortháillí’.  

I gcás daoine a bhfuil deontas/scoláireacht acu a bhféadfadh sé go bhfuil siad i dteideal aisíocaíochta ar an gcéad sciar den táille a d’íoc siad le OÉ Gaillimh, tabhair faoi deara nach ndéanfar aisíoc air go dtí go mbeidh gach coinníoll a bhaineann leis an gclárú comhlíonta agus/nó go mbeidh an táille iomlán againn ón údarás atá ag tabhairt an deontais/na scoláireachta