Warning: Your browser doesn't support all of the features in this Web site. Please view our accessibility page for more details.
Cuireann Réitigh agus Seirbhísí Faisnéise (ISS) réimse leathan seirbhísí ar fáil do mhic léinn agus do chomhaltaí foirne OÉ Gaillimh. Tuigeann ISS go mbraitheann pobal na hOllscoile go mór ar sheirbhísí ICT agus go gcaithfear na seirbhísí sin a fhorbairt i gcónaí. Bunaíodh ISS i nDeireadh Fómhair 2009 nuair a tugadh Seirbhísí Ríomhaireachta agus Seirbhísí Bainistíochta Faisnéise le chéile.
Léiríonn struchtúr ISS an dá phríomhchuspóir atá againn.
Tá cur chuige ISS maidir le forbairt agus seachadadh seirbhíse bunaithe ar dhea-chleachtas thionscadal an ICT (ITIL do bhainistíocht seirbhísí agus PRINCE2 do bhainistíocht tionscadal). Tá gnéithe de ITIL agus PRINCE á gcur i bhfeidhm ag ISS chun go mbeimid in ann freastal ar riachtanais ár gcustaiméirí.
Tá eolas le fáil ar an láithreán gréasáin faoi na seirbhísí seo. Tá súil againn go n-úsáidfidh ár gcustaiméirí an láithreán chun freagraí scriobtha agus éasca a fháil ar cheisteanna. Mura bhfuil freagra na ceiste le fáil ar an láithreán, cuir glao orainn nó seol ríomhphost chuig an Deasc Freastail. Tá fáilte roimh aiseolas ó mhic léinn nó ó chomhaltaí foirne ar aon ghné de na seirbhísí a chuirimid ar fáil. Is féidir aiseolas a thabhairt tríd an Deasc Freastail.
Ba mhaith liom dualgais na mac léinn agus na gcomhaltaí foirne a mheabhrú duit agus acmhainní ICT na hOllscoile in úsáid agat. Léigh an Cód Iompraíochta agus Rialacháin TFC, le do thoil.
D’fháilteoinn roimh aon aiseolas ar ár seirbhísí ar an nguthán (091 493607) nó ar ríomhphost. Táim ag súil le cloisteáil uait.
Seán O Farrell
Stiúrthóir Réitigh agus Seirbhísí Faisnéise
