Warning: Your browser doesn't support all of the features in this Web site. Please view our accessibility page for more details.
Tá sé mar aidhm againn na háiseanna TFC a bheidh ag teastáil ó mhic léinn le linn dóibh a bheith ag staidéar in OÉ Gaillimh a sholáthar. I measc na n-áiseanna seo beidh nasc Idirlín ardluais, cuntas ríomhphoist OÉ Gaillimh, agus rochtain ar acmhainní Leabharlann Shéamais Uí Argadáin agus ar thimpeallacht fhíorúil foghlama Blackboard. Tá na seirbhísí seo inrochtana ó na ríomhlanna ar an gcampas, ó ríomhairí glúine atá oiriúnaithe le húsáid a bhaint as an líonra gan sreang ar an gcampas, agus ó chúinne ar bith den domhan ar an Idirlíon.
Chomh maith leis na seirbhísí bunúsacha seo ar na ríomhairí deisce tá de bhreis ar 150 feidhmchlár agus seirbhísí comhchomhaid agus priontála ar fáil sna ríomhlanna ar an gcampas. Féadfaidh mic léinn úsáid a bhaint as an hacmhainní seo nuair a bhíonn siad ag ullmhú do ranganna agus do chláir staidéir.
Tá seirbhísí ar leith ar fáil don fhoireann teagaisc freisin, mar shampla féadfaidh siad ríomhlanna a chur in áirithe agus cláir acadúla a theagasc iontu. Oibrímid i gcomhar leis an bhfoireann teagaisc d’fhonn a chinntiú go bhfeileann na ríomhchláir atá suiteáilte ar na ríomhairí sna ríomhlanna dá riachtanais, bliain i ndiaidh bliana. Chomh maith leis sin, oibrímid i gcomhar le Seirbhís Chlosamhairc CELT chun tacaíocht TFC a sholáthar i léachtlanna agus i dtimpeallachtaí teagaisc agus foghlama eile.
Soláthraímid seirbhísí deisce agus ríomhphoist do theagascóirí, do thaighdeoirí agus do chomhaltaí foirne tacaíochta acadúla. Táimid i mbun "Scéim Ríomhairí Pearsanta an Mheabhránaí" a riar, scéim trína bhfaigheann comhaltaí foirne acadúla áirithe ríomhaire pearsanta nó ríomhaire glúine. Tá Seirbhísí Ríomhaireachta freagrach as na ríomhairí seo a shuiteáil mar aon le seirbhís tacaíochta ríomhairí deisce a sholáthar ar an gcampas trí chéile, agus i gcásanna áirithe bímid ag obair i gcomhar lenár gcustaiméirí. Tá méadú ag teacht ar na hiarratais a fhaighimid tacú le comhaltaí foirne leis an obair atá ar bun acu i suíomhanna lasmuigh den champas.
Le cois na seirbhísí éagsúla a sholáthraímid i ndáil le ríomhairí deisce, soláthraímid an tInfreastruchtúr TFC a thacaíonn le pobal uile na hOllscoile. San áireamh anseo tá líonra champas na hOllscoile, líonra gan sreang atá le forbairt ar fud an champais, Rochtain Idirlín sheachtrach ardluais, agus slite lena chinntiú go bhfuil an líonra slán. Tá ríomhlann shlán againn, ina bhfuil cumhacht leictreach chúltaca. Is sa ríomhlann seo atá an trealamh a úsáidimid chun ár seirbhísí féin a sholáthar, seirbhísí soláthraithe eile, agus trealamh taighde ar leith.
Chomh maith leis sin, tá freagracht orainn tacaíocht a sholáthar do láithreán gréasáin na hOllscoile agus aonaid tacaíochta san Ollscoil a bhfuil a láithreáin ghréasáin féin acu.
Ar deireadh, freagracht thábhachtach eile atá orainn ceannródaíocht teicneolaíochta a sholáthar don Ollscoil. Ní mór dúinn súil a choinneáil ar athruithe atá ag tarlú san Ollscoil, sa timpeallacht oideachais agus teicneolaíochta, agus a chinntiú go bhfuil seirbhísí teicneolaíochta na hOllscoile oiriúnach le dúshláin nua a shárú.
Ní gá go gciallódh sé seo gurb é an ról atá againn seirbhísí nua atá le forbairt agus le cur ar fáil ag Seirbhísí Ríomhaireachta a aithint. Ní mór dúinn tuiscint a bheith againn ar na féidearthachtaí atá ann laistigh agus lasmuigh den Ollscoil, agus oibriú i gcomhar le pobal na hOllscoile d'fhonn teacht ar an réiteach is fearr a oireann don uile dhuine. Tugann sé seo léargas ar an aidhm bhunúsach atá againn – na seirbhísí oiriúnacha a sholáthar do na daoine oiriúnacha ag costas oiriúnach, ag am agus in áit oiriúnach.
Ina theannta sin, comhordaíonn Seirbhísí Ríomhaireachta margaí ceannaigh bogearraí trí CHEST (IRL) agus comhaontú cothabhála Ollscoile do threalamh Apple. Chomh maith leis sin, bainistíonn Seirbhísí Ríomhaireachta ceadúnas láithreáin do bhogearraí Microsoft, ceadúnas ar a dtugtar Microsoft Campus Connect Deal. Cuirtear nuachtlitir i dtoll a chéile go rialta freisin.
Ní mór do chomhaltaí foirne agus do mhic léinn iarchéime ar mian leo áiseanna Seirbhísí Ríomhaireachta a úsáid ar a ríomhairí deisce féin foirm chlárúcháin nóid a chomhlánú. Tá an fhoirm seo le fáil ón Lár-Ionad Tacaíochta Úsáideoirí.
Féach ar na cáipéisí a bhaineann le Ag Nascadh le Líonra an Champais.
Is ann don
Lár-Ionad Tacaíochta Úsáideoirí chun tacaíocht theicniúil a thabhairt do chomhaltaí foirne agus do mhic léinn. Déileálann comhaltaí foirne an Lár-Ionaid Tacaíochta Úsáideoirí le ceisteanna riaracháin, ceisteanna cuntais, ceisteanna teicniúla mar aon le taifead a choinneáil ar iarratais seirbhíse agus tuairiscí ar lochtanna a bhaineann le crua-earraí agus le bogearraí. Bíonn foireann ag obair in Oifig an
Lár-Ionaid Tacaíochta Úsáideoirí (
Seomra 118, Seirbhísí Ríomhaireachta) idir 9:00 a.m. agus 5.00 p.m. Féadfaidh úsáideoirí bualadh isteach chuig an Oifig nó glaoch ar fholíne 3325. I gcásanna nach mbaineann práinn ar bith leo, is féidir ríomhphost a sheoladh chuig an Lár-Ionad Tacaíochta Úsáideoirí(
servicedesk
oegaillimh.ie).
Cláraítear gach mac léinn go huathoibríoch chun freastalaithe NetWare a úsáid agus tugtar seoladh ríomhphoist dóibh ar féidir leo úsáid a bhaint astu ach a mbíonn coinníollacha clárúcháin na hOllscoile comhlíonta acu. Beidh cead ag mic léinn atá ag filleadh ar an Ollscoil na cuntais agus na pasfhocail chéanna a úsáid arís.
Má tá deacracht nó ceist ar bith ag aon mhac léinn faoina c(h)untas úsáideora ar cheann ar bith dár bhfreastalaithe ba cheart dó/di teagmháil a dhéanamh leis an Lár-Ionad Tacaíochta Úsáideoirí. Ná dearmad do chárta aitheantais reatha OÉ Gaillimh a thabhairt leat.
Tá roinnt Ríomhlann Rochtana Ginearálta ar fáil d’úsáideoirí cláraithe. Úsáidtear iad seo go príomha mar áiseanna teagaisc do mhic léinn fochéime agus is chuige sin a chuirtear na ríomhlanna seo in áirithe. Bíonn tráthchlár crochta ar dhoras na ríomhlann.
Soláthraíonn Seirbhísí Ríomhaireachta seirbhísí lárnacha priontála lena n-áirítear:
Cosnaíonn asphriontaí léasair dubh is bán € 0.08 do gach leathanach, € 0.12 do gach leathanach déthaobhach. Cosaíonn asphriontaí daite € 0.25 do leathanach singil agus € 0.35 do leathanach déthaobhach.
Féadfaidh tú íoc as creidmheasanna priontála ar líne roimh ré.
