Warning: Your browser doesn't support all of the features in this Web site. Please view our accessibility page for more details.
Conas a fhaighim Cuntas Ríomhaireachta?
Conas is féidir liom Logáil isteach?
Conas is féidir liom logáil isteach ar mo Chuntas Ríomhphoist?
Ní cuimhin liom mo Phasfhocal
Outlook Web Access
An fhaisnéis a theastaíonn chun Outlook a shocrú lena úsáid ar an gcampas
An fhaisnéis a theastaíonn chun Entourage a shocrú lena úsáid ar an gcampas
Conas is féidir liom mo mheaisín a nascadh le Líonra an Champais?
Cad a tharlaíonn do mo chuntas ríomhaireachta nuair a fhágaim OÉ Gaillimh?
Ach a mbíonn d'uimhir Foirne/Párolla faighte agat ón Roinn Acmhainní Daonna, níl le déanamh agat ansin ach cuairt a thabhairt ar an Lár-Ionad Tacaíochta Úsáideoirí le clárú do chuntas ríomhaireachta. ( Foirm Chlárúcháin Foirne)
Tá
teacht go sealadach ar acmhainní ríomhaireachta ag comhaltaí foirne nua atá ag fanacht le huimhir párolla, ag daoine údaraithe nach bhfuil ar phárolla OÉ Gaillimh nó ag cuairteoirí chuig OÉ Gaillimh atá urraithe ag an bhfoireann.
(
Foirm Chlárúcháin do Chuairteoirí / do Dhaoine ón Taobh Amuigh)
Nuair a bhíonn tú cláraithe do chuntas ríomhaireachta gheobhaidh tú Ainm Úsáideora agus Pasfhocal. Braitheann formáid Ainm Úsáideora foirne ar d’uimhir foirne/párolla. Uimhir 7 ndigit a bhíonn ann le s ag an deireadh. Mura bhfuil 7 ndigit i d’uimhir foirne/párolla, níl le déanamh ach nialais a chur ag tús na huimhreach.
Sampla: Uimhir Foirne/Párolla = 12345, Ainm Úsáideora Foirne le Logáil Isteach = 0012345s
Brúigh Ctrl Alt Del le dul chomh fada leis an scáileán logála isteach. (Brúigh ar an eochair Ctrl, ar an eochair Alt agus ar an eochair Delete ag an am céanna.) Iontráil d’Ainm Úsáideora agus do Phasfhocal. Cliceáil ar OK le logáil isteach.
Cuid den phróiseas clárúcháin a bhaineann le cuntas ríomhaire a fháil leis an Lár-Ionad Tacaíochta Úsáideoirí é cuntas ríomhphoist agus seoladh ríomhphoist OÉ Gaillimh a fháil. Féadfaidh tú logáil isteach trí úsáid a bhaint as an Ainm Úsáideora agus as an bPasfhocal céanna (mar atá thuasluaite).
Formáid seoladh ríomhphoist foirne: céadainm.sloinne
oegaillimh.ie,
tá tuilleadh eolais maidir le formáid an tseolta ríomhphoist le fáil freisin.
Íoslódáil an Exchange Information Flyer - PDF 109kb
Má dhearmadann tú do phasfhocal, níl le déanamh agat ach cuairt a thabhairt ar an Lár-Ionad Tacaíochta Úsáideoirí agus pasfhocal nua a lorg. Ar mhaithe le cúrsaí slándála, caithfidh tú féin cuairt a thabhairt ar an Lár-Ionad Tacaíochta Úsáideoirí (ní leor glao gutháin ná ríomhphost a sheoladh). Ná dearmad do Chárta Aitheantais OÉ Gaillimh a thabhairt leat nuair a thugann tú cuairt ar an Lár-Ionad Tacaíochta Úsáideoirí.
Is fiú Outlook Web Access a mharcáil mar Cheanán in Internet Explorer

Access ón Liosta a thagann aníos ar an scáileán. Ina ionad sin, le cois Outlook Web Access a úsáid, féadfaidh tú bogearraí cliaint ríomhphoist a shocrú ar do ríomhaire ionas go mbeidh tú in ann rochtain a fháil ar do ríomhphost ar an gcampas. Ba cheart d’úsáideoirí Windows Microsoft Outlook 2003 a úsáid agus ba cheart d’úsáideoirí Macintosh Entourage a úsáid.

Tá na treoracha iomlána maidir le Outlook 2003 a shocrú le fáil ar líne.

Tá na treoracha iomlána maidir le Entourage 2004 a shocrú le fáil ar líne.
