Warning: Your browser doesn't support all of the features in this Web site. Please view our accessibility page for more details.
Soláthraíonn an Lár-Ionad Tacaíochta Úsáideoirí seirbhís do chomhaltaí foirne agus do mhic léinn fochéime agus iarchéime. Ionad ilfhreastail atá ann ina réitítear gach uile fhadhb agus gach uile cheist ríomhaireachta.
Seo a leanas liosta de na cúiseanna a ndéanfadh úsáideoir teagmháil leis an Lár-Ionad Tacaíochta Úsáideoirí:
Féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh leis an Lár-Ionad Tacaíochta Úsáideoirí trí ghlaoch ar fholíne 3325 nó úsáid a bhaint as an bhfoirm theagmhála ar líne.
Suíomh:
Seomra 118, Seirbhísí Ríomhaireachta, Foirgneamh na nDán / na hEolaíochta (Urlár na Talún)
Féach ar an Léarscáil.
Treoracha: Siúil síos ceann de na pasáistí ar thaobh na láimhe deise d’Oifig na nEarraí Caillte & Faighte (áit a bhfuil ’Chemistry’ nó ’Ceimic’ scríofa) i bhFoirgneamh na nDán / na hEolaíochta. Ag cúl an fhoirgnimh (díreach roimh an droichead a théann chuig an bhfoirgneamh IT), téigh síos an staighre chuig urlár na talún. Ag bun an staighre, cas ar chlé agus oscail na doirse dúbailte. Is é an Lár-Ionad Tacaíochta Úsáideoirí an chéad oifig ar dheis.
Uaireanta Oscailte: 9:15 a.m. – 5:00 p.m.
