Warning: Your browser doesn't support all of the features in this Web site. Please view our accessibility page for more details.
FEABHRA 2012
Seoladh an tríú bliain don tionscadal siollabais náisiúnta don Ghaeilge i gColáiste Phádraig, Baile Átha Cliath le déanaí. Is iad an Dr. John Walsh ó Roinn na Gaeilge, Scoil na dTeangacha, na Litríochtaí agus na gCultúr agus an tOll. Máirín Nic Eoin, Coláiste Phádraig, comhstiúrthóirí an tionscadail a fuair maoiniú ó Fhoras na Gaeilge. Tá 17 institiúid tríú leibhéal thuaidh agus theas páirteach sa tionscadal, atá bunaithe ar an bhFráma Tagartha Comónta Eorpach do Theangacha. Ba í an saineolaí ar an ilteangachas agus iar-uachtarán an Bhiúró Eorpaigh do Theangacha Neamhfhorleathana, Neasa Ní Chinnéide, a sheol an tríú bliain den tionscadal. Tá na siollabais agus na hacmhainní teagaisc ar fad ar fáil ag http://www.teagascnagaeilge.ie/.
31 EANÁIR 2011: LEABHAR NUA FAOIN nGAEILGE AGUS FAOIN bhFORBAIRT
Tá dea-thionchar ag cur chun cinn na Gaeilge ar fhorbairt shocheacnamaíoch na hÉireann agus ba cheart go mbeadh ról lárnach ag an teanga san iarracht a theastaíonn chun an tír a atógáil, dar le húdar leabhair nua Contests and Contexts: The Irish Language and Ireland’s Socio-Economic Development. Ina leabhar, léiríonn an Dr. John Walsh, Léachtóir le Gaeilge, conas a dhein staraithe agus tráchtairí ar shochaí na hÉireann neamhaird den athrú drámatúil teanga a tharla. Áitíonn an t-údar gur gá múnla nua teoiriciúil – a tharraingíonn ar ghnéithe den tsochtheangeolaíocht agus den fhorbairt shoch-chultúrtha – chun an nasc idir teanga agus forbairt a thuiscint níos fearr. Ba é Peadar Kirby, Ollamh le Polaitíocht Idirnáisiúnta agus Beartas Poiblí, Ollscoil Luimnigh, a sheol an leabhar i Músaem Cathrach na Gaillimhe ar 28 Eanáir 2011.
22.11.10: MAOINIÚ FAIGHTE DON CHÉIM DHEIRIDH DE THIONSCADAL SIOLLABAIS DON GHAEILGE
Tá maoiniú faighte ag an Meitheal um Theagasc na Gaeilge ar an Tríú Leibhéal don chéim dheiridh de thionscadal siollabais don Ghaeilge in ollscoileanna ar fud na tíre.
Bhronn Foras na Gaeilge €65,000 ar an Meitheal chun siollabas agus acmhainní foghlama agus teagaisc a dhearadh agus a fhorbairt don tríú bliain den chúrsa BA nó BEd sa Ghaeilge.
Tá ionadaithe ó fhormhór d’ollscoileanna agus d’institiúidí tríú leibhéal na tíre páirteach sa Mheitheal atá faoi stiúir an Dr. John Walsh, Gaeilge agus an Oll. Máirín Nic Eoin, Roinn na Gaeilge, Coláiste Phádraig.
Tá siollabais agus acmhainní don chéad agus don dara bliain le fáil cheana ar http://www.teagascnagaeilge.ie/. Foras na Gaeilge agus na hinstitiúidí féin a mhaoinigh an tionscadal go dtí seo.
07.09.10 AN DARA CÉIM DE THIONSCADAL NÁISIÚNTA SIOLLABAIS DON GHAEILGE AR AN TRÍÚ LEIBHÉAL SEOLTA
Sheol an tAire Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta, Pat Carey T.D., an dara céim de thionscadal náisiúnta siollabais don Ghaeilge ar an tríú leibhéal ag ócáid i mBaile Átha Cliath ar an Luan, 6 Meán Fómhair.
An Mheitheal um Theagasc na Gaeilge ar an Tríú Leibhéal, grúpa atá comhdhéanta d’ionadaithe ó na Ranna Gaeilge in ollscoileanna agus in institiúidí eile tríú leibhéal thuaidh agus theas, atá i mbun an tionscadail seo, le tacaíocht ó Fhoras na Gaeilge. Tá fiche coláiste ar fad rannpháirteach sa Mheitheal, a bunaíodh i 2008. Is é an Dr. John Walsh, Roinn na Gaeilge, atá ina Chomhstiúrthóir ar an Meitheal, i gcomhar leis an Ollamh Máirín Nic Eoin, Coláiste Phádraig.
Le tacaíocht an Fhorais, athfhostaíodh Bainisteoir Tionscadail chun siollabas agus acmhainní teagaisc agus foghlama a dhearadh do mhic léinn sa dara bliain den chéim BA nó B Oid. Foilsíodh siollabas agus acmhainní na chéad bhliana cheana i Meán Fómhair 2009. Tá an t-ábhar go léir ar fáil ag an suíomh gréasáin http://www.teagascnagaeilge.ie/.
Dúirt an Dr. Walsh: ’Tá an Mheitheal um Theagasc na Gaeilge ar an tríú leibhéal i mbun ceannródaíochta ó thaobh mhúineadh na Gaeilge. Tá gach a bhfuil déanta againn bunaithe ar an bhFráma Tagartha Eorpach d’Fhoghlaim Teangacha agus ag teacht leis na dea-chleachtais is déanaí ó thaobh mhúineadh agus fhoghlaim teanga. Creidimid go bhfuil an-tábhacht leis an obair seo, go háirithe i gcomhthéacs na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge atá le foilsiú go luath’.
Dúirt an tOll. Nic Eoin: ’Táim an-bhródúil ar fad go bhfuil siollabas agus acmhainní teagaisc ar fáil don chéad agus don dara bliain anois. Tá sárobair déanta ag an mBainisteoir Tionscadail, Ailín Ní Chonchúir, chun acmhainní tarraingteacha ilmheáin a fhorbairt. Táimid ag tnúth go mór le bualadh ar aghaidh go dtí siollabas an tríú bliain anois, ach an maoiniú cuí a bheith ar fáil.’
Bronnadh dámhachtainí teagaisc thar lear ar bheirt de chéimithe Roinn na Gaeilge. Beidh Maitiú de Hál, BA, DIO ina Theagascóir Gaeilge Fulbright in Elms College, Massachussetts ar feadh na bliana acadúla ó Mheán Fómhair 2010. Is é Maitiú an tríú duine ó chlé sa phictiúr.
Beidh Ailish Bhreathnach, BA, DIO (thíos) ina Teagascóir Gaeilge de chuid Fhondúireacht Ollscoil Éireann Cheanada in Ollscoil St. Francis Xavier, Am Baile Mór (Antigonish), Albain Nua (Nova Scotia) ar feadh na bliana acadúla ó Mheán Fómhair 2010. Tá Ailish agus Maitiú araon ag gabháil den MA sa Nua-Ghaeilge faoi láthair. Comhghairdeas leo beirt!

D'fhreastail an Dr. John Walsh, Gaeilge, ar an gcéad chruinniú de ghréasán taighde idirnáisiúnta faoi rialachas teanga i gCeanada an mhí seo. Tá sé d'aidhm ag an ngréasán, atá lonnaithe in Ollscoil Ottawa, taighde a dhéanamh as seo go ceann cúig bliana ar an rialachas pobail i measc mionteangacha i gCeanada, sna Stáit Aontaithe agus san Eoraip. Breis eolais: http://www.sciencessociales.uottawa.ca/aruc-cura/eng/index.asp
********
Tá an Dr. Virginia Stevens Blankenhorn ceaptha mar chomhalta iar-dhochtúireachta ag an tionscnamh taighde Joe Heaney: Irish Song Man atá maoinithe ag an IRCHSS. Faoi stiúir an Dr. Lillis Ó Laoire, Comhalta Sinsearach Taighde IRCHSS 2009-10, Roinn na Gaeilge, Ollscoil na hÉireann Gaillimh atá an tionscnamh á rith. Beidh an Dr. Blankenhorn lonnaithe in Áras Shorcha Ní Ghuairim i gCarna, agus cuirfidh sí ábhar as cartlann Sheosaimh Uí Éanaí le chéile chun taispeántas fíorúil a sholáthar ar shaol agus ar shaothar an amhránaí mór le rá as Carna (1919-1984). Beidh sé ina áis ag teagascóirí agus ag taighdeoirí amach anseo. I gcomhar le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge agus le The Joe Heaney Archive, The University of Washington, Seattle atá an tionscnamh a chur le chéile.
