Scoil na dTeangacha, na Litríochtaí agus na gCultúr
Ba mhaith linn fáilte a chur roimh gach uile chuairteoir go dtí an
suíomh idirlín seo.
Bunaíodh Scoil na dTeangacha, na Litríochta agus na gCultúr in 2007 agus is éard atá inti
Roinn na gClasaicí,
Roinn na Fraincise,
Roinn na Gaeilge,
Roinn na Gearmáinise,
Roinn na hIodáilise agus
Roinn na Spáinnise. Tá an leagan amach seo ar dhisciplíní níos leithne ná an ghrúpáil choitianta a dhéantar ar theangacha Eorpacha agus cuimsíonn sé teangacha dúchasacha ón seanam agus cultúir dhúchasacha ón seanam.
Tá 40 comhalta foirne acadúil lánaimseartha ag an Scoil agus tá os cionn 1700 mac léinn fochéime agus iarchéime againn; cuirimid réimse leathan cúrsaí ar fáil, ina measc cúrsaí idirdhisciplíneacha éagsúla.
Tá an Scoil bródúil as ilghnéitheacht agus as caighdeán an teagaisc inti; tá próifíl láidir taighde aici agus tá cáil idirnáisiúnta ar go leor de na comhaltaí foirne ina réimsí féin. Tá ceithre réimse tosaíochta aitheanta aici: Cultúr, na Meáin agus Téacs; Teanga agus Cumarsáid; Miotaseolaíocht, Béaloideas agus Reiligiún agus Áit, Spás agus Stoiteachas.
Tá eolas faoin taighde atá ar bun faoi láthair le fáil ar láithreáin ghréasáin na rann.