Ionad Seirbhísí na Meán
Fáilte!
Tá
Ionad Seirbhísí na Meán
lonnaithe ar an tSlí Dála, in aice le Caifé Smokey Joe’s. Tá na seirbhísí seo a leanas ar fáil san Ionad – seirbhísí gnó & pearsanta san áireamh:
Fótachóipeáil — Comhaltaí Foirne & Mic Léinn
Tugtar cód cóipeála do chomhaltaí foirne ó Ranna & Ionaid agus tá rogha acu idir dhá fhótachóipeálaí dubh & bán agus fótachóipeálaí daite amháin
Is féidir cártaí a fháil freisin do
sheirbhís féinseirbhíse na mac léinn
Déantar
bileoga eolais/nótaí do mhic léinn
a chóipeáil, a chlúdach, a cheangal agus a dhíol le mic léinn
Is féidir freastal ar riachtanais chóipeála & phriontála do
chomhdhálacha, seimineáir
etc. (Is féidir formáid
Leabhrán A5
a chur i dtoll a chéile ó bhunchóipeanna aontaobhacha A4 — Dubh/Bán amháin)
Priontáil Daite Léasair
Leatháin do láithreoireachtaí, tionscadail a phriontáil, A4 & A3 — CD, Diosca Flapach, Diosca soghluaiste USB, glactar le ríomhphost
Priontáil Formáid Leathan —
Póstaeir Mhóra A2 & A1
Ceangal
Ceangal Bíseach & Fastback le clúdach PVC trédhearcach nó clúdaigh chrua
Lannú
Lannú éadrom & trom A4, A3 agus A2
Scanadh
Cóip chrua go CD, diosca flapach, ríomhphost
Seirbhís Facs
Comhaltaí foirne agus mic léinn
Seirbhís Chúiréireachta
Ní mór na hearraí ar fad do Sheirbhís Chúiréireachta UPS atá le dul laistigh agus lasmuigh d’Éirinn – a leagan isteach chuig Ionad Seirbhísí na Meán roimh
12.45 pm