Warning: Your browser doesn't support all of the features in this Web site. Please view our accessibility page for more details.
Is cúrsa lánaimseartha é an MA a leanann ó Mheán Fómhair go Lúnasa. Tá an mháistreacht roinnte ina ceithre chuid: (i) cúrsa riachtanach teanga; (ii) cúrsa riachtanach modhanna taighde;(iii) trí chúrsa ar litríocht agus léann na Gaeilge a roghnaíonn an mac léinn as an liosta thíos chun domhainstaidéar a dhéanamh orthu; agus (iv) tráchtas 20,000 focal. Tugtar léachtaí agus seimineáir ar theanga, litríocht agus leann na Gaeilge ar feadh na bliana acadúla ó Mheán Fómhair go Bealtaine. Ansin caithfidh an mac léinn tráchtas a scríobh i gcaitheamh an tsamhraidh agus a leagan isteach in Oifig na Scrúduithe roimh an lá deiridh oibre de Lúnasa.
Sároiliúint a chur ar an mac léinn i dTeanga, i Léann agus i Litríocht na Nua-Ghaeilge agus forbairt a dhéanamh ar a c(h)uid scileanna taighde agus cumarsáide.
Teanga na Nua-Ghaeilge: 20 ECTS (Scríobh: 15 ECTS; Labhairt 5 ECTS); Litríocht agus léann na Gaeilge: 3 x 10 ECTS; Tráchtas: 40 ECTS.
Mic léinn an A.E.: €6,540
Mic léinn nach ón A.E. iad: €12,500*
*Faoi réir a dhaingnithe.
Mar eolas duit: tá na táillí ceart tráth a bhfoilsithe ar líne, ach d’fhéadfaidís athrú (E&EO); ní mór táillí neamh-A.E. a íoc ina n-iomláine roimh chlárú
Cuirtear isteach ar an gclár seo ar líne tríd an Lár-Ionad Iarratais Iarchéime (PAC). Tá an cód iarratas PAC cuí thuas ar dheis.
Ní mór don mhac léinn grád 2:2 ar a laghad a bhaint amach sa Ghaeilge i scrúdú na céime agus grád 3ú honóracha ar a laghad i scrúdú na céime ina iomláine. Ní mór an scéal a phlé le hOllamh na Nua-Ghaeilge agus é/í a bheith sásta an t-iarratas agus ábhar an tráchtais a cheadú agus a mholadh don Choláiste.
Roghnófar iarrthóirí de réir a gcuid cáilíochtaí acadúla. Tig le Ceann na Scoile iarraidh ar iarrthóirí scrúdú cáilíochta a dhéanamh nó agallamh a chur ar iarrthóirí.
Scrúdaítear Teanga na Nua-Ghaeilge mar scrúdú foirmeálta scríofa agus labhartha ag seisiún scrúdaithe an tSamhraidh. Scrúdaítear na modúil i Litríocht agus Léann na Gaeilge ag seisiún scrúdaithe an tSamhraidh i bhfoirm aistí (idir 3,000 agus 4,500 focal de réir mar a chinnfidh an scrúdaitheoir) nó i bhfoirm scrúduithe foirmeálta de réir mar a fheileann. Ní foláir don mhac léinn pas glan (40%) ar a laghad a bhaint amach sa teanga agus sa tráchtas d'fhonn pas a bhaint amach sa scrúdú in a iomláine.
Téann iarchéimithe Scoil na Gaeilge ag obair i réimse leathan postanna—m.sh., múinteoireacht agus earnáil an oideachais go ginearálta, cumarsáid (raidió, teilifís agus iriseoireacht chló), gnó agus bainistíocht, gluaiseacht na Gaeilge, an státsheirbhís, gnónna éagsúla Gaeltachta, gluaiseachtaí pobail, turasóireacht, tionscal na hoidhreachta.
|
Teideal an chúrsa |
ECTS |
|
Litríocht agus Léann na Gaeilge (trí chúrsa le roghnú; ní gá go mbeadh gach cúrsa ar fáil gach bliain) | |
|
Gnéithe de phrós an 20ú haois |
10 |
|
Gnéithe d’fhilíocht an 20ú haois |
10 |
|
Irisí agus nuachtáin na Nua-Ghaeilge |
10 |
|
Filíocht na Scoileanna |
10 |
|
An file agus a phátrún, A.D. 1200-1900 |
10 |
|
Prós na Gaeilge, A.D. 1200-1600 |
10 |
| Litríocht an 17ú haois | 10 |
|
Litríocht an 18ú haois |
10 |
|
Litríocht agus Léann na Gaeilge sa 19ú haois |
10 |
|
An Fhiannaíocht |
10 |
|
Stair Léann an Bhéaloidis |
10 |
|
An Aoir i Litríocht na Gaeilge |
10 |
|
An Grá i Litríocht na Gaeilge |
10 |
|
Filíocht Pholaitíochta na Gaeilge |
10 |
|
Litríocht Chreidimh na Gaeilge |
10 |
|
An Chanúineolaíocht agus Staidéar ar aon Chanúint Amháin |
10 |
|
Gaeilge na hAlban: Teanga nó Litríocht |
10 |
| Ábhar Sean-Ghaeilge | 10 |
|
Scríobhaithe agus Lámhscríbhinní na Nua-Ghaeilge |
10 |
| Ainmeolaíocht na Gaeilge | 10 |
| Gnéithe den tSochtheangeolaíocht | 10 |
| Reachtaíocht Teanga agus an Ghaeilge | 10 |
|
Tá cuntas iomlán ar an gcúrsa le fáil ar shuíomh idirlín Scoil na Gaeilge. | |
oegaillimh.ie
nuigalway.ie
