Warning: Your browser doesn't support all of the features in this Web site. Please view our accessibility page for more details.
A Chairde,
With Leaving Certificate exams over, I'm delighted to report another boost in the CAO figures for applications to NUI Galway! For the third consecutive year, first preference applications for our undergraduate degrees have increased significantly as the University’s popularity continues to soar.
Since March we have seen a further almost 10% increase in the number of students selecting NUI Galway as their first choice institution through the Change of Mind and late application process. NUI Galway is now in the top two universities for growth in first preference applications through the Change of Mind. This is a great achievement!
The most popular courses for students to date are in Biomedical Science; Marine Science and the new BA CONNECT degrees, especially the Theatre and Performance, Creative Writing, Human Rights, Film Studies options. Science and Engineering courses have also seen a jump in popularity this year with NUI Galway out performing the national trend in both, but especially in Engineering where the opening of a new Engineering Building in July is a big draw for CAO applicants.
This interest in and popularity for our courses is very heartening. It is a tribute to all our colleagues - academics and support staff - who have developed programmes and who regularly travel all over Ireland to promote these course offerings to prospective students.
Such interest by students means they must be rewarded by giving them the very best experience while students at NUI Galway. We must prioritise the 'first-year learning experience'. First-year students must be given every support in making that often challenging transition from secondary school to University. I know that CELT are working hard on this and I would encourage all staff to contribute, in whatever way they can, to making each first-year student's experience as positive as it can be. Níl dabht faoi ná go bhfuil táithí na chéad bhliana fíor-thábhachtach - tús maith leath na hoibre.
Following on from the first-year experience, we must strive to ensure that our teaching and learning resources offer all students the best possible learning environment. CELT is making a real difference here -with the upgrade of Blackboard which will be available in September; the roll out of new tools to improve interaction within the classroom; and the increasing rates of service-learning and volunteerism on campus. Such steps will ensure that NUI Galway students have a rich and positive learning experience.
Another very gratifying development is the growth in PhD students. This year already we have awarded over 125 PhDs at conferrings in March and June. We have more than doubled our PhD output in recent years to almost 150 in the calendar year 2010. And with this year's Autumn and Winter conferrings we are poised to exceed this figure and are well on target to achieve the goal of 200 per year by the end of 2011.
As our research centres continue to develop and grow, so too our PhD programmes become more attractive to students from Ireland and beyond. To further support this, we have set up a new PhD Scholarship programme - the Hardiman Research Scholarships. These fully-funded four-year PhD scholarships are focused on five key areas of research in which the University offers leading expertise. The value of the Research Scholarship is a stipend of €16,000 plus fees. This Scholarship programme will attract the best students to NUI Galway and support their development as innovative individuals who will contribute globally to economic, cultural and social development. Well done to Dr Pat Morgan, Dean of Graduate Studies and her team for their work with the Colleges in this area! Tá éacht déanta ag foireann an Staidéir Iarchéime.
The Library's recent archive acquisitions will also support these research endeavours. Archival treasures such as those recently received from Thomas Kilroy and existing holdings such as the McGahern, Ó Tuarisc and Shields Family Collections, as well as theatre archives relating to Druid Theatre, Lyric Players' Theatre, Taibhdhearc na Gaillimhe will all further enhance NUI Galway's location as a centre for doctoral research in the arts and humanities.
In the spirit of strategic collaboration which we've developed over the last few years I'm very pleased with the new partnerships which we have announced recently with GMIT and Galway Arts Festival. These partnerships give further expression to our commitment to work with the strengths and needs of our region to address national objectives, all the while striving for the highest international standards. Already the benefits of such alliances are clear and a number of new initiatives have emerged from our strategic partnerships with University of Limerick, Georgia Tech and Druid Theatre which are enriching our research activities as well as the teaching and learning experience at NUI Galway.
This final edition of Ollscéala for the academic year highlights the tremendous range of activity at NUI Galway. From world-class conferences to research breakthroughs, from volunteerism to public advocacy - our University is at the heart of national life. In challenging times we are working to continuously improve what we do as a community of teachers, scholars, researchers and support staff. I thank you for your contribution and wish you an enjoyable summer.
James J. Browne PhD, DSc, MRIA, C.Eng
Uachtarán – President
A Chairde,
Tá scrúduithe na hArdteistiméireachta críochnaithe anois agus tá an-áthas orm a fhógairt go bhfuil méadú eile tagtha ar na hiarratais CAO atá faighte ag OÉ Gaillimh. Den tríú bliain as a chéile tá méadú suntasach tagtha ar na hiarratais chéad rogha ar chúrsaí fochéime san ollscoil agus tá cáil na hOllscoile ag dul i dtreise.
Ó mhí an Mhárta tá méadú beagnach 10% tagtha ar líon na mac léinn atá ag roghnú OÉ Gaillimh mar a gcéad rogha. Is mar gheall ar an rogha d’Intinn a Athrú agus ar iarratais dheireanacha a tháinig an méadú seo. Tá OÉ Gaillimh anois ar cheann den dá ollscoil is mó a bhfuil fás tagtha ar na hiarratais chéad rogha atá faighte aici tríd an rogha d’Intinn a Athrú. Is iontach an éacht í seo!
Ar na cúrsaí is mó cáil go dtí seo tá cúrsaí san Eolaíocht Bhithleighis; cúrsaí san Eolaíocht Mhara agus na céimeanna nua BA CONNECT, go háirithe Amharclannaíocht agus Taibhiú, Scríbhneoireacht Chruthaitheach, Cearta Daonna agus Staidéir Scannán. Tá níos mó tóir ar chúrsaí Eolaíochta agus Innealtóireachta i mbliana agus tá OÉ Gaillimh chun cinn ar an treocht náisiúnta maidir leis an dá réimse seo, go háirithe san Innealtóireacht mar go bhfuil an Foirgneamh nua Innealtóireachta, a osclófar i mí Iúil, ag cur le spéis na n-iarratasóirí CAO.
Is ardú croí é an tsuim atá ag mic léinn inár gcúrsaí agus an cháil atá orthu. Is maith an oidhe ar ár gcomhghleacaithe é seo – foireann acadúil agus tacaíochta araon – a bhfuil cláir forbartha acu agus a thaistealaíonn ar fud na hÉireann go rialta ag cur na gcúrsaí seo chun cinn.
De bhrí go bhfuil mic léinn ag léiriú an oiread sin spéise sna cúrsaí atá againn ní mór an t-eispéireas is fearr agus is féidir linn a thabhairt dóibh agus iad i mbun staidéir anseo in OÉ Gaillimh. Caithfimid tús áite a thabhairt d’eispéireas foghlama na chéad bhliana. Ní mór gach tacaíocht a thabhairt do mhic léinn na chéad bhliana chun cabhrú leo agus iad ag aistriú ón scoil go dtí an Ollscoil, tréimhse a mbíonn dúshlán ag baint léi. Tá a fhios agam go bhfuil CELT ag obair go crua air seo agus bheinn ag tabhairt ar an bhfoireann ar fad cabhrú leo, ar bhealach ar bith is féidir, go mbeidh eispéireas na chéad bhliana chomh dearfach agus is féidir. Níl dabht faoi ná go bhfuil taithí na chéad bhliana fíorthábhachtach - tús maith leath na hoibre.
Ag cur le heispéireas na chéad bhliana, ní mór dúinn gach iarracht a dhéanamh go mbeidh na hacmhainní teagaisc agus foghlama atá againn in ann an timpeallacht foghlama is fearr a chur ar fáil do gach mac léinn. Tá CELT ag déanamh difríocht mhór sa réimse seo – beidh uasghrádú Blackboard ar fáil i mí Mheán Fómhair; beidh uirlisí nua ar fáil chun feabhas a chur ar idirghníomhaíocht sa seomra ranga; agus tá méadú ar an ráta foghlaimseirbhíse agus ar an ráta d’obair dheonach ar an gcampas. Cinnteoidh na nithe seo ar fad go mbeidh eispéireas dearfach foghlama ag mic léinn OÉ Gaillimh.
Forbairt eile thar a bheith tábhachtach is ea an méadú atá tagtha ar líon na mac léinn PhD. Cheana féin i mbliana bhronnamar 125 PhD ar mhic léinn ag searmanais bhronnta i mí an Mhárta agus i mí an Mheithimh. Tá níos mó ná dúbailt tagtha ar an méid PhD a bhronnamar ar mhic léinn le blianta beaga anuas. Bronnadh beagnach 150 PhD ar mhic léinn sa bhliain féilire 2010. Nuair a chuirfear searmanais bhronnta na bliana seo (fómhar agus geimhreadh) san áireamh is cosúil go mbainfimid amach an sprioc 200 PhD sa bhliain faoi dheireadh 2011.
De réir mar a fhorbraíonn na hionaid taighde atá againn, tá níos mó tóir freisin ag mic léinn na tíre seo agus ag mic léinn ó thar lear ar na cláir PhD atá againn. Chun tacú leis seo, tá clár nua Scoláireachta PhD curtha ar an bhfód againn – Scoláireachtaí Taighde Uí Ardagáin. Is scoláireachtaí PhD ceithre bliana iad seo atá maoinithe go hiomlán agus tá siad dírithe ar chúig phríomhréimse taighde ina bhfuil saineolas ar leith ag an Ollscoil. Tá tuarastal €16,000 móide táillí i gceist leis an Scoláireacht Taighde. Meallfaidh an Scoláireacht seo na mic léinn is fearr chuig OÉ Gaillimh agus gheobhaidh siad tacaíocht chun a nuálaíocht a fhorbairt agus cuirfidh siad le forbairt eacnamaíoch, chultúrtha agus shóisialta ar fud an domhain. Tá moladh ag dul don Dr Pat Morgan, Déan an Staidéir Iarchéime agus dá foireann don obair atá déanta acu leis na Coláistí sa réimse seo. Tá éacht déanta ag foireann an Staidéir Iarchéime.
Cabhróidh an t-ábhar cartlainne a fuair an leabharlann le déanaí leis na héachtaí taighde seo. Buanófar OÉ Gaillimh mar ionad do thaighde dochtúireachta sna healaíona agus sna daonnachtaí le cúnamh ó na seoda cartlainne cosúil leo siúd a fuarthas ó Thomas Kilroy le déanaí agus ábhar atá againn cheana féin cosúil leis na Bailiúcháin ó Theaghlaigh McGahern, Uí Thuairisc agus Shields, chomh maith le cartlanna amharclannaíochta a bhaineann le hAmharclann an Druid, Amharclann Lyric Players agus Taibhdhearc na Gaillimhe.
Chun tógáil ar an gcomhoibriú straitéiseach atá forbartha againn le roinnt blianta anuas tá mé an-sásta leis na comhpháirtíochtaí nua a d’fhógraíomar le déanaí le GMIT agus le Féile Ealaíon na Gaillimhe. Is léiriú breise iad na comhpháirtíochtaí seo ar ár dtiomantas oibriú leis na láidreachtaí agus na riachtanais atá sa réigiún seo agus chun aghaidh a thabhairt ar chuspóirí náisiúnta, agus muid ag dréim leis na caighdeáin idirnáisiúnta is airde a bhaint amach. Tá na buntáistí a bhaineann le comhaontais den chineál seo soiléir agus tá roinnt tionscnaimh nua tagtha chun cinn as na comhpháirtíochtaí straitéiseacha atá againn le hOllscoil Luimnigh, Georgia Tech agus le hAmharclann an Druid. Tá na tionscnaimh seo ag cur lenár gcuid gníomhaíochtaí taighde agus leis an eispéireas teagaisc agus foghlama atá ar fáil in OÉ Gaillimh.
In eagrán deiridh na bliana acadúla seo de Ollscéala, sonraítear an réimse leathan gníomhaíochtaí atá ar siúl in OÉ Gaillimh. Idir chomhdhálacha den scoth agus nuálaíocht taighde, obair dheonach agus tacaíocht áitiúil – tá an Ollscoil i lár an aonaigh go náisiúnta. San am dúshlánach seo táimid ag obair go leanúnach chun feabhas a chur ar an méid a bhíonn idir lámha againn mar phobal teagascóirí, taighdeoirí agus foireann tacaíochta. Gabhaim buíochas libh as bhur gcuid oibre agus guím samhradh taitneamhach oraibh.
James J. Browne PhD, DSc, MRIA, C.Eng
Uachtarán
