Warning: Your browser doesn't support all of the features in this Web site. Please view our accessibility page for more details.
A Chairde,
Agus tús a chur againn le bliain acadúil nua, tá áthas orm a fhógairt go bhfuil éileamh leanúnach ar na cúrsaí san Ollscoil. CAO figures show NUI Galway consolidating its growth of recent years - broadly in line with trends across the sector. Science and Engineering courses have jumped in popularity with NUI Galway out-performing the national trend in both, especially in Engineering where the opening of the new Engineering building in July was a big draw for applicants.
Our success is also due to the University's focused and effective marketing strategies. Open Days of recent months are central to this activity. Those held recently were very successful with high levels of attendance from all over Ireland, and representation from 30 of the 32 counties. Given the University’s increased efforts to recruit from outside the traditional catchment area, it was encouraging to see 13.5% of visitors came from the East; 17% from the South; 43% from Galway city & county; 19% from the rest of Connacht; and the remaining 7.5% from the North. I would like to thank colleagues for their efforts in making the Autumn Open Days so successful and I look forward to your support for the next Open Day on April 28 2012.
The Awardees for Teaching Excellence were announced recently. The winners are:
The Review Panel commented that the standard was extremely high and improving year on year. The external reviewer (Professor Aine Hyland, UCC) was impressed by many of the candidates and pleased to see the increasing focus on a scholarly/research-oriented approach to teaching. The winners will be presented with their Awards at the conferring ceremonies in October and November. In a related development, one of last year's winners, Dr Frances McCormack of the School of Humanities, will receive her NAIRTL award in early November in Dublin. Congratulations to Frances on national recognition for the quality of her teaching and to the 2010-11 Award winners for their creativity and commitment!
I would also like to congratulate Dr Emer Mulligan and her team in the Business School on receiving full external accreditation of their Business Information Systems programme. External accreditation represents an important hallmark of quality for Business Schools and this achievement is a significant step on the road to achieving full accreditation for the whole Schoool.
Over the month of September, Professor Chris Curtin (Vice President for Innovation and Performance) and I met with colleagues in all Schools across the five Colleges. At these meetings we discussed each School's operational planning and performance at the collective and individual level and how this will contribute to delivering the University's Strategic Plan. Each School was asked to benchmark itself against best practice models and to identify performance targets and requirements to achieve these. In the coming months, we plan to meet with the support units to encourage a similar engagement with best practice. This is vital. If we are to continue to develop and improve we need to look at our activities, and compare these with others in the sector to get a sense of how we are measuring up and where we can improve. I hope to share a sense of these discussions at the next All Staff Address on 8 November next.
The QS World University Rankings ranked NUI Galway 298th in the world, a drop of 66 places on last year’s ranking. The Time Higher Education (THES) World University Ranking scored NUI Galway in the 350-400 bracket - a fall on our position on last year. While these results are disappointing, it is important to be aware of the criteria which make up the various rankings and the impact they can have on a University’s overall performance. The heavy reliance of both rankings on opinion-based analysis, gathered through academic surveys, has had a negative impact on all of the Irish universities. The increasing globalisation of both surveys has also resulted in a loss of prominence for Ireland’s universities. Both of these results point to some clear actions to be taken to enhance our performance:
Recent years have seen the University forge important new alliances with higher education institutions nationally, internationally and locally; as well as with artistic bodies. Some recent new initiatives emerging from these alliances include:
I look forward to further tangible outcomes of these alliances, which I believe will signal a trend for the future of Irish higher education. (For more on my views on how strategic collaboration is central to Irish education see my Opinion piece in The Irish Times on 14 October at http://www.irishtimes.com/newspaper/opinion/2011/1014/1224305756197.html)
Tá mé ag súil le bliain ghnóthach agus bliain thorthúil amach romhainn agus muid ag obair le chéile chun mórán tionscadail a thabhairt chun críche. I continue to be inspired by colleagues who consistently show their passion and commitment to enhancing NUI Galway's reputation and performance.
Beir bua agus beannacht,
James J. Browne PhD, DSc, MRIA, C.Eng
Uachtarán – President
A Chairde
I ndiaidh dúinn tús a chur le bliain acadúil nua, tá áthas orm a fhógairt go bhfuil éileamh mór i gcónaí ar na cúrsaí san Ollscoil seo. De réir fhigiúirí an CAO, tá méadú le blianta beaga anuas ar OÉ Gaillimh, agus tá an méadú sin ag teacht leis na hathruithe atá ag titim amach ar an earnáil oideachais trí chéile. Is mó an tóir atá ar na cúrsaí Eolaíochta agus Innealtóireachta in OÉ Gaillimh ná mar atá in institiúid ar bith eile dá leithéid sa tír. Tá tóir ar leith ar chúrsaí Innealtóireachta san Ollscoil seo; osclaíodh an foirgneamh nua Innealtóireachta i mí Iúil agus dá thoradh sin, mealladh cuid mhór iarratasóirí ar na cúrsaí Innealtóireachta chun na hOllscoile seo.
Is cinnte gur éirigh go maith go dtí seo linn de bharr go gcuirtear straitéisí dírithe agus éifeachtacha margaíochta i bhfeidhm san Ollscoil. Tá na Laethanta Oscailte a bhí ar siúl le cúpla mí anuas i gcroílár na hoibre seo. Bhí an-rath go deo ar na Laethanta Oscailte a reáchtáladh le gairid agus tháinig daoine ó 30 contae in Éirinn le freastal orthu. Tá iarracht mhór á déanamh ag an Ollscoil mic léinn a mhealladh ó cheantair lasmuigh d’abhantrach na hOllscoile agus is ábhar mór misnigh dúinn gur tháinig 13.5% de na cuairteoirí ón oirthear; 17% ón deisceart; 43% ó chathair agus ó chontae na Gaillimhe; 19% ó cheantair eile i gCúige Chonnacht; agus 7.5% ó Thuaisceart Éireann. Ba mhaith liom buíochas ó chroí a ghabháil libhse, a chomhghleacaithe, as an obair mhór a rinne sibh le linn na Laethanta Oscailte agus tá súil agam go dtabharfaidh sibh bhur dtacaíocht arís don Ollscoil ar an chéad Lá Oscailte eile a bheas ar siúl an 28 Aibreán 2012.
Fógraíodh le gairid ainmneacha na ndaoine ar bronnadh Gradaim an Uachtaráin don Fheabhas Teagaisc orthu. Is iad seo a leanas na buaiteoirí:
Thug an Painéal Meastóireachta le fios go raibh an caighdeán an-ard ar fad agus gur ag dul i bhfeabhas atá an caighdeán sin bliain i ndiaidh bliana. Chuaigh go leor de na hiarrthóirí i bhfeidhm go mór ar an meastóir seachtrach (An tOllamh Áine Hyland, UCC) agus ba mhór an t-ábhar lúcháire di é go bhfuil treisiú ar an mbéim atá á cur ar chur chuige teagaisc atá bunaithe ar an scoláireacht agus ar an taighde. Bronnfar na Gradaim ar na buaiteoirí le linn na searmanas bronnta a bheas ar siúl i mí Dheireadh Fómhair agus i mí na Samhna. Bronnfar gradam NAIRTL ar dhuine de bhuaiteoirí na bliana anuraidh, an Dr Frances McCormack ó Scoil na nDaonnachtaí, agus beidh an bronnadh seo ar siúl i dtús mhí na Samhna i mBaile Átha Cliath. Comhghairdeas ó chroí le Frances faoi aitheantas náisiúnta a bhaint amach d’fheabhas a cuid teagaisc agus chomh maith leis sin, ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le buaiteoirí Ghradaim 2010-11 faoin gcruthaitheacht agus faoin dúthracht a léiríonn siad ina gcuid teagaisc!
Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh fosta leis an Dr Emer Mulligan agus lena cuid comhghleacaithe i Scoil an Ghnó faoi chreidiúnú seachtrach iomlán a bhaint amach don Chlár, Business Information Systems. Is léiriú tábhachtach ar ardchaighdeán Scoileanna Gnó é an creidiúnú seachtrach agus is cinnte gur céim mhór i dtreo creidiúnú a bhaint amach don Scoil ina hiomláine é an creidiúnú seo.
Le linn mhí Mheán Fómhair, bhuail mé féin agus an tOllamh Chris Curtin (An Leas-Uachtarán um Nuálaíocht & Feidhmíocht) le comhghleacaithe sna Scoileanna ar fad sna cúig Choláiste. Sna cruinnithe sin, rinneamar scagadh ar phleanáil oibriúcháin agus ar fheidhmíocht gach Scoile i dtaca le hobair daoine aonair sna Scoileanna agus i dtaca leis an dóigh a n-oibríonn na daoine sin i gcomhar le chéile agus pléadh an tábhacht a bhaineann leis seo i gcur i bhfeidhm Phlean Straitéiseach na hOllscoile. Iarradh ar gach aon Scoil iad féin a mheas i gcomhthéacs múnlaí dea-chleachtais agus chomh maith leis sin, iarradh orthu spriocanna feidhmíochta a leagan amach agus cur síos a dhéanamh ar na dóigheanna ina bhféadfaí na spriocanna sin a bhaint amach. Sna míonna atá amach romhainn, tá sé i gceist againn bualadh leis na haonaid tacaíochta chun a spreagadh dul i ngleic le gníomhaíochtaí den chineál seo a bhaineann le dea-chleachtas a chur chun cinn. Tá an-tábhacht go deo leis an obair seo. Má táimid le forbairt a dhéanamh agus feabhas a chur orainn féin, ní mór dúinn amharc ar ár gcuid oibre, agus an obair sin a mheas agus a chur i gcomparáid leis an obair atá ar bun ag daoine eile san earnáil chéanna seo. Ní mór dúinn é seo a dhéanamh le teacht ar thuiscint ar ár gcuid oibre agus ar na dóigheanna a bhféadfaimis feabhas a chur ar an obair sin. Tá súil agam léargas a thabhairt daoibh ar an ábhar seo sa chéad óráid eile a thabharfaidh mé do bhaill foirne uile na hOllscoile an 8 Samhain.
Rinne QS World University Rankings OÉ Gaillimh a rangú ar an 298ú ollscoil is fearr ar domhan, titim ón 232ú háit in 2010. Rinne The Time Higher Education (THES) World University Ranking OÉ Gaillimh a rangú sa réimse idir 350-400 – arís laghdú é seo ar an rangú a rinneadh anuraidh orainn. Cé gur mór an t-ábhar díomá iad na torthaí seo, ní mór dúinn a bheith ar an eolas i dtaca leis na critéir a mbaintear leas astu sna córais éagsúla rangaithe atá réamhluaite agus an éifeacht a d’fhéadfaidís a bheith acu ar fheidhmíocht ghinearálta na hOllscoile. Tá béim sa dá chóras rangaithe seo ar an anailís atá bunaithe ar thuairimí, tuairimí a cuireadh i dtoll a chéile trí leas a bhaint as suirbhéanna acadúla, agus is cinnte go bhfuil tionchar an-diúltach ag modhanna anailíse den chineál seo ar ollscoileanna uile na hÉireann. Chomh maith leis seo, tá an t-aitheantas domhanda a thugtar don dá shuirbhé seo ag dul i bhfeidhm go mór ar dhea-cháil ollscoileanna na hÉireann.
Léiríonn torthaí an dá chóras rangaithe thuasluaite go bhfuil gá le bearta ar leith le stádas na hOllscoile seo a fheabhsú:
Caithfimid a chinntiú chomh maith go ndéanfar tuilleadh forbartha ar na cláir is mó cáil, go háirithe sna réimsí sin a bhfuil saineolas againn orthu, ionas gur féidir linn leanúint orainn leis an obair atá ar bun againn chun feabhas a chur ar chaighdeán na mac léinn a mhealltar chun na hOllscoile seo.
Le blianta beaga anuas, chruthaigh an Ollscoil naisc thábhachtacha úrnua le hinstitiúidí ardoideachais ar bhonn náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil; chomh maith le comhlachtaí ealaíne. I measc na dtionscnamh nua a d’eascair ó na naisc seo a rinneadh le hinstitiúidí eile, tá:
Is gné nua den chomhpháirtíocht idir OÉ Gaillimh agus Féile Ealaíon na Gaillimhe é an tionscnamh SELECTED, tionscnamh ina bhfuil forbairt an ealaíontóra ina chroílár. Mar chuid den tionscnamh nua seo, d’oibrigh cúigear mac léinn agus céimithe i gcomhar le cúigear ealaíontóirí eile i dtionscnamh úrnua trínar tugadh teacht iomlán dóibh ar an uile ghné den Fhéile. Ar feadh coicíse iomlán, tugadh deis do mhic léinn: sáreolas a chur ar an dóigh a gcuirtear mórfhéile den chineál seo ar bun; freastal ar sheónna agus ar chainteanna tar éis na seónna sin; agus oibriú le healaíontóirí agus le lucht eagrúcháin na Féile le tuiscint a fháil ar na gnéithe praiticiúla ar fad a bhaineann leis an gcineál seo oibre.
Tríd an nasc a rinneadh idir OÉ Gaillimh agus Ollscoil Luimnigh, cuireadh dhá chomhchúrsa nua MSc ar bun: MSc Finance and Information Systems agus MSc Sustainable Resource Management: Policy and Practice. Tá na cláir seo ar na chéad chláir a cuireadh ar bun de bharr comhfhiontair idir dhá ollscoil in Éirinn.
Tá mé ag súil go mór le tionscnaimh mhaithe phraiticiúla eile dá leithéid seo a bheith mar thoradh ar an nasc seo idir na hollscoileanna; creidim go mbeidh comhoibriú den chineál seo i gcroílár na forbartha a dhéanfar ar an ardoideachas in Éirinn amach anseo. (Is féidir teacht ar thuilleadh eolais faoi mo chuid tuairimí féin i dtaca leis an tábhacht ollmhór a bhaineann le comhoibriú straitéiseach san oideachas in Éirinn in alt de mo chuid a foilsíodh in The Irish Times an 14 Deireadh Fómhair ( http://www.irishtimes.com/newspaper/opinion/2011/1014/1224305756197.html)
Tá mé ag súil go mbeidh bliain ghnóthach, bhisiúil amach romhainn agus muid ag obair i bpáirt lena chéile chun mórán tionscadal a thabhairt chun críche. Is mór é an spreagadh a thugann mo chuid comhghleacaithe anseo in OÉ Gaillimh de shíor dom de bharr na díograise agus na dúthrachta a léiríonn sibh in bhur gcuid oibre agus sibh ag iarraidh cáil agus rath OÉ Gaillimh a chothú.
James J. Browne PhD, DSc, MRIA, C.Eng
Uachtarán
