Scéim na hOllscoile (faoi Acht na dTeangacha Oifigúla 2003)
Scéim na hOllscoile, Céard í féin?
In Iúil 2005, d'ullmhaigh OÉ Gaillimh Scéim faoi Alt 11 d'Acht na dTeangacha Oifigúla 2003. Is é príomhaidhm na Scéime seo go gcuirfí le soláthar seirbhísí trí Ghaeilge san Ollscoil i réimsí acadúla agus riaracháin agus sna seirbhísí ginearálta. Is scéim trí bliana atá i gceist agus roimh dheireadh na chéad Scéime (Deireadh Fómhair, 2008) beidh seirbhís trí mhéan na Gaeilge á soláthar don phobal i dtrí cinn déag de shainréimsí oibre na hOllscoile. Tá sé seo mar chuid lárnach d'fhorbairt campais eiseamláirigh dhátheangaigh anseo in OÉ Gaillimh. Féach liosta de na seirbhísí thíos.
Liosta de na Seirbhísí atá/a bheidh ar fáil:
- Oifig an Uachtaráin
- An Malartán
- Seirbhís Fáiltithe na hOllscoile
- Oifig an Rúnaí
- Oifig an Rúnaí Um Ghnóthaí Acadúla
- Oifig Seirbhísí do Mhic Léinn
- An Oifig Acmhainní Daonna
- An Oifig Iontrála
- Oifig na bhFoirgneamh
- Oifig an Sparánaí
- An Oifig Preasa agus Faisnéise/Áras Fáilte
- Leabharlann Shéamais Uí Argadáin
- Oifig na Scrúduithe
- Táthar ag súil go dtiocfadh méadú ar líon agus ar chaighdeán seirbhísí dátheangacha ar fud na hOllscoile mar thoradh ar chur i bhfeidhm na chéad Scéime.
- Beidh seirbhísí dátheangacha ar fáil sna sainréimsí oibre atá luaite roimh dheireadh na chéad Scéime agus beidh sé de cheart agat mar chustaiméir na seirbhísí sin a éileamh.
- Tá sé mar chuid lárnach den Scéim go mbeadh na seirbhísí trí mheán na Gaeilge ar fáil ar bhonn leanúnach.
"Is libhse na Seirbhísí, bainigí úsáid astu!"