Warning: Your browser doesn't support all of the features in this Web site. Please view our accessibility page for more details.
D’fhreastail idir lucht bainistíochta, riaracháin, mhic Léinn agus léachtóirí de chuid OÉ Gaillimh ar ócáid in Áras na Gaeilge inniu chun Scéim Teanga Nua na hOllscoile a sheoladh go hoifigiúil. Ba í an dara scéim teanga de chuid OÉ Gaillimh a aontaíodh faoi alt 11 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a seoladh ag an ócáid seo. Tá sé de rún ag lucht na hOllscoile go gcuirfear le líon agus le caighdeán na seirbhísí atá ar fáil do phobal na hOllscoile trí mheán na Gaeilge. Tá luaite i bPlean Straitéiseach na hOllscoile go bhfuil sé mar sprioc ag lucht OÉ Gaillimh campas eiseamláireach dátheangach a chruthú in OÉ Gaillimh agus is cuid thábhachtach den phróiseas sin é seoladh na scéime teanga.
Ba é Gearóid Ó Conluain, Rúnaí na hOllscoile agus fear a’ tí an lae a chuir tús leis an ócáid nuair a dúirt sé:
“Tá ról ar leith ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh mar institiúid ardléinn maidir le cur chun cinn na Gaeilge, ról atá le sonrú in Acht an Choláiste Ollscoile, Gaillimh (leasaithe) 2006 agus i bplean straitéiseach dár gcuid. Agus na tiomantais ar fad a tugadh sa chéad scéim teanga comhlíonta againn, cuirfear béim sa dara scéim ar sheirbhísí trí Ghaeilge d’ardchaighdeán a sholáthar do phobal na hOllscoile i réimsí acadúla, riaracháin agus sna seirbhísí ginearálta. Beidh ’an Tairiscint Ghníomhach’ mar chnámh droma na scéime, is é sin le rá go gcinnteofar go bhfuil sé soiléir do chustaiméirí ón gcéad teagmháil a bhíonn acu leis an institiúid, go bhfuil seirbhísí d’ardchaighdeán trí mheán na Gaeilge ar fáil dóibh in aonaid éagsúla.”
Chuir an tUasal Ó Conluain fáilte mhór chroíúil roimh an láithreoir teilifíse ó RTÉ Evanne Ní Chuilinn a sheol an Scéim go hoifigiúil. Seo mar a labhair sí agus í ag caint faoin tsiombail nua a bheas le feiceáil ar fud na hOllscoile ag na háiteanna a bhfuil seirbhís trí mheán na Gaeilge ar fáil: "Mar iarmhac léinn a d’fhreastail ar Ollscoil na hÉireann, Gaillimh tá an-áthas orm an dara scéim teanga de chuid na hOllscoile a sheoladh go hoifigiúil mar aon le feachtas poiblíochta na siombaile G. Is siombail nua shainiúil í seo atá deartha go speisialta ag an Ollscoil ionas go mbeidh a fhios ag pobal na hOllscoile go bhfuil seirbhísí trí Ghaeilge ar fáil. Nuair a fheicfidh tú an tsiombail G, beidh a fhios agat ar an bpointe boise cá bhfuil fáil ar sheirbhísí trí mheán na Gaeilge ar fud na hinstitiúide. Tréaslaím leis an Ollscoil de bharr na hoibre seo ar fad agus guím gach rath ar an bhfeachtas uathúil seo.”
Evanne Ní Chuilinn
Sheol Uachtarán OÉ Gaillimh, an Dr. Iognáid Ó Muircheartaigh Scéim na hOllscoile ar an
30ú Márta 2007, Scéim a aontaíodh faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.
Seo mar a labhair an tUachtarán ag an seoladh "Mar Ollscoil atá suite ar thairseach na Gaeltachta tá sé mar sprioc againn campas eiseamláireach dátheangach a chruthú. Is scéim trí bliana atá i gceist agus roimh dheireadh na chéad Scéime seo (Deireadh Fómhair, 2008) beidh seirbhís trí mheán na Gaeilge á soláthar don phobal i dtrí cinn déag de shainréimsí oibre na hOllscoile".
Mar chuid den seoladh, cuireadh tús le feachtas poiblíochta, feachtas póstaer agus bileog ina measc chun an pobal a chur ar an eolas faoi sheirbhísí dátheangacha atá agus a bheidh ar fáil. Cuireadh in iúl ag an ócáid go bhfuil sé mar chuid lárnach d'fhís fhadthréimhseach OÉ Gaillimh go dtiocfadh forbairt agus borradh ar sheirbhísí trí mheán na Gaeilge.
I láthair ag an ócáid bhí an tOllamh James Browne(Meabhránaí OÉ Gaillimh), Damhnait Uí Mhaoldúin (ionadaí ó Oifig an Choimisinéara Teanga http://www.coimisineir.ie/), Uachtarán OÉ Gaillimh an Dr.Iognáid Ó Muircheartaigh, an Dr. Séamus Mac Mathúna (Rúnaí um Ghnóthaí Acadúla OÉ Gaillimh) agus Peadar Mac an Iomaire (Príomhfheidhmeannach Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge http://www.acadamh.ie/)
