Ár gcur chuige bunaithe ar Luachanna

  Leagan Gaeilge

Our Values-led approach

Our strategic plan is built on a foundation of core values that define our purpose and priorities. During the course of 2019, our students, staff and external stakeholders were involved in debating these values and helping us understand how our university mission should evolve into the future. Our values are a statement of intent to the world and will now guide us in everything we do.

We champion our core values of respect, excellence, openness and sustainability. We intend that these values will reinforce each other and, together, they will enhance our university’s distinctiveness.

These core values set a standard by which we will choose, define and measure our priorities, our actions and our behaviours. They will be the lived experience of our people and of those with whom we live, learn and partner. Our students will graduate with the distinctive attributes associated with our values, which are hallmarks of good citizenship, independent critical thinking, and capacity for making positive contributions to both society and economy. Our values will be a lens for policy-making and recruitment at NUI Galway.

In our plan below, we have described our University’s commitments to our diverse communities under each value, and highlighted flagship actions that will provide focus and direction for our activities over the next five years.

The Meitheal* Model

This strategy was developed through sustained and meaningful dialogue with our communities, inside and outside the University. Achieving our goals will require continued engagement to ensure we deliver on this shared vision. We will use a meitheal approach to partnership – engaging directly and openly with our distinct communities as a means of enhancing trust and co-operation in decision-making in our University:

  • Our meitheal scoláirí with the Students’ Union will focus on student engagement and the student voice
  • Our meitheal foirne with staff, retired staff and their representatives will focus on staff engagement
  • Our meitheal alumni drawn from our 110,000 alumni around the world will be a wellspring of energy for the University
  • Our meitheal pobail will facilitate relations and new partnerships with our diverse communities beyond the campus, including employers, community groups and cultural organisations

***

Ár gcur chuige bunaithe ar Luachanna

Tá ár bplean straitéiseach bunaithe ar bhunluachanna a dhéanann sainmhíniú ar ár gcuspóir agus ar ár dtosaíochtaí.  Le linn 2019, rinne ár gcuid mac léinn, comhaltaí foirne agus páirtithe leasmhara seachtracha cíoradh, díospóireacht agus sainiú ar na luachanna sin chun a chinntiú go gcuirfidh siad athrú fiúntach i bhfeidhm ar ár misean ollscoile. Is léiriú intinne don domhan mór iad agus cuirfidh siad treoir ar fáil dúinn anois i ngach a ndéanfaimid.

Glacfaimid chugainn féin cur chuige eiseamláireach i ndáil le bunluachanna an ómóis, an bharr feabhais, na hoscailteachta agus na hinbhuanaitheachta.Is é ár mian go dtreiseodh na luachanna seo a chéile, agus go gcuirfidh siad le sainiúlacht ár nOllscoile.

Leagann na bunluachanna seo caighdeán amach trína ndéanfaimid ár dtosaíochtaí, ár ngníomhartha agus ár n-iompraíochtaí a roghnú, a shainiú agus a thomhas. Is ionann iad agus taithí bheo ár ndaoine, agus iad siúd a bhfuilimid ag maireachtáil leo agus ag foghlaim uathu. Nuair a bhronnfar a gcéimeanna ar ár gcuid mac léinn beidh tréithe sainiúla a bhaineann lenár luachanna bainte amach acu freisin, ar saintréithe iad de shaoránacht mhaith, smaointeoireacht chriticiúil neamhspleách, agus an cumas a gcion a dhéanamh don tsochaí agus don gheilleagar araon. Beidh ceapadh polasaithe agus earcaíocht in OÉ Gaillimh faoi réir ag na luachanna sin.

Tá cur síos déanta againn inár bplean thíos ar thiomantais ár nOllscoile dár bpobail éagsúla faoi gach ceann de na luachanna, agus tá aird tarraingthe againn ar na gníomhartha suntasacha a thabharfaidh treoir dár ngníomhaíochtaí as seo go ceann cúig bliana.

Múnla na Meithle*

Forbraíodh an straitéis seo trí idirphlé leanúnach téagartha lenár bpobail, laistigh agus lasmuigh den Ollscoil. Beidh orainn a bheith i mbun caidreamh leanúnach chun ár spriocanna a bhaint amach d’fhonn a chinntiú go mbeimid in ann an fhís chomhroinnte seo a thabhairt chun críche. Tabharfaimid faoin gcomhpháirtíocht le cur chuige na meithle – ag plé go díreach lenár bpobail ar leith mar mhodh chun muinín agus comhoibriú a mhéadú i gcinnteoireacht san Ollscoil:

  • Díreoidh ár meitheal scoláirí le Comhaltas na Mac Léinn ar rannpháirtíocht na mac léinn agus ar ghlór na mac léinn
  • Díreoidh ár meitheal foirne le comhaltaí foirne, comhaltaí foirne ar scor agus a n-ionadaithe ar rannpháirtíocht foirne
  • Foinse fuinnimh don Ollscoil a bheidh inár meitheal alumni a tharraingeofar ónár 110,000 céimí ar fud an domhain
  • Éascóidh ár meitheal pobail caidrimh agus comhpháirtíochtaí nua lenár bpobail éagsúla lasmuigh den champas, lena n-áirítear fostóirí, grúpaí pobail agus eagraíochtaí cultúrtha