Mic Léinn Idirnáisiúnta

Tá breis agus 1500 mac léinn idirnáisiúnta as tíortha ar fud an domhain in OÉ Gaillimh. Gheobhaidh tú eolas anseo maidir leis na roghanna éagsúla staidéir do mhic léinn idirnáisiúnta chomh maith le heolas faoin gcaoi le hiarratas a dhéanamh, táillí teagaisc agus víosaí staidéir.

Mic Léinn ar cuairt

Gach bliain tagann breis agus 500 mac léinn ar cuairt ó ollscoil chomhpháirtíochta san Eoraip, i Meiriceá Thuaidh, i Meiriceá Láir agus san Áise. Caitheann na mic léinn seo seimeastar amháin nó bliain acadúil in OÉ Gaillimh.

  • Téigh go dtí Erasmus (mic léinn ar cuairt ón Eoraip)
  • Staidéar Thar Lear (mic léinn neamh-AE) chun eolas breise a fháil ar riachtanais iontrála agus conas iarratas a dhéanamh.

Mic léinn fochéime idirnáisiúnta

Tagann go leor mic léinn idirnáisiúnta ar na cláir iomlána fochéime freisin gach bliain. Téigh go dtí láithreán gréasáin na hOifige um Ghnóthaí Idirnáisiúnta chun eolas a fháil faoi riachtanais iontrála agus na nósanna imeachta chun iarratas a dhéanamh i do thír féin.

Mic léinn iarchéime idirnáisiúnta

Is mic léinn idirnáisiúnta riar maith de na mic léinn atá i mbun cláir iarchéime teagaisc agus taighde in OÉ Gaillimh faoi láthair. Téigh chuig leathanach baile na hOifige um Ghnóthaí Idirnáisiúnta chun eolas a fháil faoi riachtanais iontrála agus faoin gcaoi le hiarratas a dhéanamh.

Scoil samhraidh idirnáisiúnta

Gach samhradh, cuireann an Ollscoil cúrsaí ar fáil do mhic léinn idirnáisiúnta i Léann na hÉireann, Gaeilge, Béarla, Oideachas Comparáideach agus Scríbhneoireacht Chruthaitheach. Eagraítear cláir oiriúnaithe freisin (ar champas na hOllscoile nó in ionaid eile) do ghrúpaí nó d’ollscoileanna ar mian leo cláir staidéir a bhunú in Iarthar na hÉireann.

Foghlaim faoin Scoil Samhraidh Idirnáisiúnta anseo

Sula dtagann tú

Comhghairdeas, tá áit faighte agat! Tá eolas le fáil anseo maidir le lóistín do mhic léinn, cúrsaí airgid agus riachtanais inimirce.

Nuair a thiocfaidh tú

Is mór an chéim é cónaí agus staidéar i dtír nua. Cuirtear seirbhís chuimsitheach tacaíochta agus chomhairleach ar fáil do mhic léinn idirnáisiúnta chun cuidiú leo dul i dtaithí ar an saol i nGaillimh. Cliceáil anseo chun tuilleadh eolais a fháil faoi na seisiúin eolais agus clárú, rialacháin inimirce agus seirbhísí tacaíochta do mhic léinn.

Eolas faoi Ghaillimh

Tugtar príomhchathair an chultúir ar chathair na Gaillimhe go minic agus cuirtear fáilte chroíúil roimh mhic léinn OÉ Gaillimh chuig ag an gcathair bhríomhar seo. Idir na healaíona agus an saol sóisialta, an spórt agus na féilte ar fad, tá rud éigin sa chathair seo don uile dhuine. Is furasta Cósta Thiar na hÉireann a thaisteal agus tú ag fanacht i nGaillimh freisin.

Tá eolas breise faoi Ghaillimh le fáil anseo

Déan teagmháil linn

An Oifig um Ghnóthaí Idirnáisiúnta
Ollscoil na hÉireann, Gaillimh
7 Bóthar na Drioglainne
Gaillimh
Éire
T +353 (0)91 495 277
F  +353(0)91 495 551 
www.nuigalway.ie/international