Warning: Your browser doesn't support all of the features in this Web site. Please view our accessibility page for more details.
Tá Leagan Béarla Anseo
1. Réamhrá
2. Raon Feidhme
3. Prionsabail
3.1
Rúndacht
3.2
Íospairt
3.3
Gearáin Chráiteacha nó Gearáin Oilbhéasacha
3.4
Gearáin gan Ainm
3.5
Gníomh mar Ghrúpa
3.6
Scála ama le gearán a dhéanamh
3.7
Cáipéisí
3.8
Coinbhleacht Leasa
4. Comhairle, Tacaíocht, Ionadaíocht agus Treoir
5. An Bord Gearán agus an Bord Achomharc
6. Monatóireacht, Measúnú agus Athbhreithniú
7. Nós Imeachta
7.1 Nós Imeachta Neamhfhoirmiúil
7.2
Nós Imeachta Foirmiúil
7.2.1
Gearán a dhéanamh
7.2.2
Measúnú Tosaigh ar an nGearán
7.2.3
Fiosrú agus Réiteach Gearáin
7.2.4
Achomharc faoin Toradh
Aguisín 1: Foirm Ghearáin na Mac Léinn
Cuireann OÉ Gaillimh roimpi a chinntiú go mbeidh taithí dhearfach mar scoláirí ag a cuid mac léinn. Bíonn síormhonatóireacht agus síormheasúnú ar bun ag an Ollscoil ar a cúrsaí acadúla, ar a córais riaracháin agus ar a seirbhísí tacaíochta do mhic léinn le cur leis an gcaighdeán atá iontu.
Is é cuspóir an Nós Imeachta Gearán do Mhic Léinn a chur ar chumas na hOllscoile aon ghearáin dhlisteanacha a dhéanann mic léinn maidir leis an soláthar cúrsaí agus seirbhísí atá ar fáil dóibh a réiteach go tapa ar bhealach atá soiléir, simplí agus cóir.
Tá go leor meicníochtaí foirmiúla agus neamhfhoirmiúla san Ollscoil agus, lena chinntiú go bpléitear le gearáin mar is cuí, iarrtar ar mhic léinn na meicníochtaí atá ann a úsáid chun an cheist a réiteach go neamhfhoirmiúil, más féidir. Aithníonn an Ollscoil, áfach, nach mbíonn sin indéanta nó nach mbíonn toradh sásúil ar an bpróiseas neamhfhoirmiúil i gcónaí.
Tá an nós imeachta a leagtar amach thíos ar fáil do gach mac léinn atá cláraithe san Ollscoil. Chomh maith leis sin, féadfaidh aon duine a bhí cláraithe mar mhac léinn ach a bhfuil céim bainte amach aige nó aici, nó a bhfuil an Ollscoil fágtha aige nó aici, tairbhe a bhaint as an nós imeachta ar an gcoinníoll go ndéantar aon ghearán atá le déanamh taobh istigh de thrí mhí ón uair ar fhág an duine sin an Ollscoil agus ar an gcoinníoll gur tharla na gníomhartha nó an fhaillí a bhfuiltear ag gearán fúthu fad a bhí an duine sin cláraithe mar mhic léinn.
Is é an mac léinn éagóraithe amháin a fhéadfaidh an nós imeachta seo a agairt. Ní fhéadfaidh duine atá ag gníomhú ar a shon nó ar a son é a agairt; ní chuireann sin aon bhac ar an mac léinn comhairle agus/nó tacaíocht a lorg lena ghearán nó lena gearán a réiteach. Féach cuid 4.
Ní bhaineann an nós imeachta seo le gearáin a dhéanann mic léinn atá cláraithe le hinstitiúid eile ar chlár a bhfaighidh siad cáilíocht as ó OÉ Gaillimh, nó ar chlár a ndéanann OÉ Gaillimh bailíochtú air, sa chás arbh í an institiúid eile a bhí freagrach as na nithe a ndearnadh gearán fúthu nó más san institiúid eile a tharla na nithe a ndearnadh gearán fúthu.
Ní bhaineann an nós imeachta seo le gearáin faoi nithe nach bhfuil aon smacht ag an Ollscoil orthu.
Ní hé is cuspóir don bheartas seo agus do na nósanna imeachta a bhaineann leis go n-úsáidfí iad in ionad na meicníochtaí gearáin nó na meicníochtaí réitithe aighnis atá ann cheana san Ollscoil. Má tharlaíonn go ndéantar gearán faoi sheirbhís a bhfuil nós imeachta den sórt sin aici, cuirfidh an Leas-Uachtarán um Eispéireas na Mac Léinn é sin in iúl do na Mic Léinn agus beidh orthu na nósanna imeachta sin a úsáid sula n-agraíonn siad gearán foirmiúil faoin nós imeachta seo. Seo a leanas an cineál gearán atá lasmuigh de raon feidhme an nós imeachta seo:
Cuirfear líomhaintí a bhfuil gné choiriúil ag baint leo faoi bhráid na nGardaí ach tacóidh an Ollscoil leis na mic léinn, spreagfaidh sí iad agus cuirfidh sí ar a gcumas gearáin den sórt sin a dhéanamh sa chás go mbaineann an gearán le gnó na hOllscoile.
Déanfar na nósanna imeachta anseo a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis na prionsabail seo a leanas.
Láimhseálfar na gearáin ar fad go tuisceanach agus tabharfar an aird chuí ar rúndacht i gcás na mac léinn agus na foirne araon.
Beidh gearáin ina rún idir na daoine sin a bhfuil baint dhíreach acu leis an bhfiosrúchán faoin ngearán agus na daoine a bhfuil baint dhíreach acu leis an bhfreagra ar an ngearán. Cuirfear aon duine a ainmneofar i ngearán (freagróir) ar an eolas faoi shubstaint an ghearáin agus cuirfear ainm an ghearánaí in iúl dó nó di. Beidh sé de cheart ag an bhfreagróir freagra a thabhairt mar chuid den fhiosrúchán. Is i gcásanna thar a bheith eisceachtúil amháin a choinneofar ainm an té atá ag déanamh an ghearáin ón té a bhfuil an gearán déanta faoi.
Caithfidh an fhoireann agus na mic léinn ar fad a fhaigheann eolas faoi ábhair ar bith a bhaineann le gearán foirmiúil an t-eolas sin a choinneáil faoi rún seachas a mhéad a bhaineann le gníomhú maidir leis an ngearán, an gearán a fhiosrú nó freagairt dó. Mura ndéantar amhlaidh d’fhéadfaí gníomh/beart foirmiúil araíonachta a thabhairt ina n-éadan de réir Nós Imeachta Araíonachta na Mac Léinn [7] nó na Foirne [8].
Pléifear le sonraí a bhailítear mar chuid den ghearán i gcomhréir leis an Acht um Shaoráil Faisnéise agus na polasaithe de chuid na hOllscoile a bhaineann le hábhar.
Pléifidh gach comhalta foirne le haon mhac léinn a dhéanfaidh gearán de mheon macánta faoin nós imeachta seo, éiríodh leis nó ná héiríodh, díreach amhail nach ndearnadh an gearán ar chor ar bith. Má tá fianaise ann gurb é a mhalairt a tharlaíonn d’fhéadfaí imeachtaí araíonachta a thabhairt in éadan an chomhalta foirne faoin Nós Imeachta Araíonachta Foirne [9].
D’fhéadfaí go dtionscnófaí imeachtaí araíonachta faoi Phróiseas Araíonachta na Mac Léinn [10] faoi aon ghearán a gcinntear gur gearán cráiteach nó oilbhéasach é.
Ní mór fiosrúchán a dhéanamh le teacht ar réiteach faoi ghearán; sa chás ina ndéantar gearán gan ainm ní fhéadfar fiosrúchán a dhéanamh. Ní fhéadfar ach oiread, freagra a thabhairt ar an ngearánaí. Ar chúiseanna praiticiúla, dá bhrí sin, ní dhéanfar aon ghníomh i gcás gearán gan ainm. D’fhéadfadh sé, áfach, go mbeadh cásanna eisceachtúla ann ina measfadh an Ollscoil gur cuí gníomh a dhéanamh nó fiosrúchán a dhéanamh faoi ábhar ar bhonn gearáin gan ainm. Is é an Leas-Uachtarán um Eispéireas na Mac Léinn, i gcomhar leis an Meabhránaí & Uachtarán Ionaid, a dhéanfaidh an cinneadh gearán den sórt sin a fhiosrú.
Ba cheart do mhic léinn gearán a dhéanamh go neamhfhoirmiúil a luaithe agus is féidir agus taobh istigh de chúpla lá ón uair ar tharla an eachtra a bhfuil fadhb léi, de ghnáth. Má dhéantar gearán go tapa, cinnteoidh sin go mbeidh cuimhne measartha glan ag an ngearánaí agus ag an bhfreagróir ar na heachtraí a mbaineann an gearán leo. Is mór an cuidiú é seo don fhiosrúchán agus chun réiteach a fháil ar an ngearán. Is mór an cuidiú é seo don fhiosrúchán agus chun réiteach a fháil ar an ngearán.
Caithfidh mic léinn ráiteas gearáin a chur ar fáil i scríbhinn mar aon le haon fhianaise dhoiciméadach ar an ngearán.
Coinneofar fianaise dhoiciméadach i rith an nós imeachta agus i ndiaidh an nós imeachta agus scriosfar í i gcomhréir le nósanna imeachta comhaontaithe na hOllscoile.
Sa Bheartas Gearán agus sa Nós Imeachta Gearán déantar tagairt anseo agus ansiúd d’fheidhmeanna atá ag sealbhóirí éagsúla poist. Cé go bhfuil sé i gceist go dtabharfaidh na sealbhóirí poist sin faoi na feidhmeanna sin i mórchuid na gcásanna, d'fhéadfadh sé go mbeadh cásanna ar leith ann, coinbhleacht leasa san áireamh, ina mbeifí ag éileamh ar shealbhóir poist eile tabhairt faoi na feidhmeanna atá sannta don sealbhóir poist a dtagraítear dó sa cháipéis sin.
Tá comhairle, tacaíocht, ionadaíocht agus treoir le fáil don ghearánaí ó fhoinsí éagsúla san Ollscoil. Is ar an ngearánaí atá sé, áfach, comhairle agus cuidiú a iarraidh, más gá. Seo a leanas na príomhphointí teagmhála le cuidiú nó comhairle a fháil:
Féadfaidh cara a bheith leis na mic léinn i rith an nós imeachta. [11]
Féadfaidh comhaltaí foirne a bhfuil gearán á dhéanamh fúthu cara a bheith leo i rith an nós imeachta chomh maith. [12]
Is Bord Gearán a phléifidh le gach gearán a dhéanfaidh mac léinn agus a measfar gur gearán é atá oiriúnach lena réiteach faoi na nósanna imeachta foirmiúla a leagtar amach thíos ag 7.2.
Ainmneoidh an Chomhairle Acadúil painéal de dheichniúr ar feadh ceithre bliana, ag cinntiú go mbeidh dóthain daoine ar an bpainéal a bheidh in ann cás a phlé trí Ghaeilge.
Ceapfaidh an Meabhránaí & Uachtarán Ionaid daoine ón bpainéal seo ar an mBord Gearán agus ar an mBord Achomharc agus beidh na daoine seo in oifig ar feadh ceithre bliana de ghnáth.
Seo a leanas an leagan amach a bheidh ar an mBord Gearán:
Is córam é an Cathaoirleach agus beirt chomhaltaí.
Seo a leanas an leagan amach a bheidh ar an mBord Achomharc:
Is córam é an Cathaoirleach agus beirt chomhaltaí.
Sa chás nach bhfuil Cathaoirleach an Bhoird Ghearán nó an Bhoird Achomharc in ann déileáil le cás i nGaeilge, ceapfaidh an tUachtarán Cathaoirleach chun cás a éisteacht trí Ghaeilge. Má fhionntar go bhfuil Cathaoirleach an Bhoird Ghearán nó an Bhoird Achomharc luaite le gné ar bith den chás faoi athbhreithniú, ainmneoidh an tUachtarán Cathaoirleach ad hoc ó chomhaltaí na Comhairle Acadúla.
Sa chás nach bhfuil ainmní na Comhairle Acadúla ar an mBord Gearán nó ar an mBord Achomharc in ann déileáil le cás i nGaeilge, ceapfaidh an Meabhránaí agus Uachtarán Ionaid duine ón bpainéal a ainmneoidh an Chomhairle Acadúil chun cás sonrach a chloisteáil trí Ghaeilge.
Sa chás nach bhfuil ionadaí ó Chomhaltas na Mac Léinn ar an mBord Gearán nó ar an mBord Achomharc in ann déileáil le cás i nGaeilge, ceapfaidh Comhaltas na Mac Léinn ionadaí a éistfidh an cás trí Ghaeilge.
Ní bheidh aon duine ar gearánach nó ar cosantóir é/í i gcás áirithe i dteideal feidhmiú mar chomhalta de cheann ar bith de na comhlachtaí atá ag déileáil leis an gcás sin. Sna cásanna sin, ceapfaidh Comhaltas na Mac Léinn nó an Meabhránaí & Uachtarán Ionaid duine eile ó Chomhaltas na Mac Léinn nó ón bpainéal a ainmneoidh an Chomhairle Acadúil de réir mar is cuí.
Ní hiad na comhaltaí céanna a bheidh ar an mBord Gearán agus ar an mBord Achomharc. Ceapfar comhaltaí ainmnithe agus ceaptha an Bhoird Ghearán agus an Bhoird Achomharc, seachas na comhaltaí a ainmneoidh Comhaltas na Mac Léinn, ar feadh ceithre bliana nó ar feadh an chuid eile de théarma an phainéil sa chás go gceapfar duine ar an bpainéal in ionad duine eile.
Beidh comhaltaí a ainmneoidh Comhaltas na Mac Léinn in oifig ar feadh bliana de ghnáth, ach ní bheidh cosc ar na comhaltaí sin a athcheapadh.
Is ar an Leas-Uachtarán um Eispéireas na Mac Léinn atá an fhreagracht as bainistiú agus as feidhmiú an Nós Imeachta Gearán do Mhic Léinn. Déanfaidh an Leas-Uachtarán um Eispéireas na Mac Léinn maoirseacht ar rianú na ngearán a dhéantar tríd an nós imeachta agus cinnteoidh sí go bhfuil taifead ann ar an gcineál gearáin atá i gceist, ar an am a thógann sé plé leis, agus go gcloítear leis an toradh. Úsáidfidh an Ollscoil agus an Stiúrthóir Feabhais, go háirithe, an t-eolas le caighdeán na seirbhísí agus na n-acmhainní a chuirtear ar fáil do mhic léinn a fheabhsú.
Déanfar athbhreithniú ar an bpolasaí agus an nós imeachta seo go rialta agus tabharfar cothrom le dáta é de réir na taithí a bheidh á fáil air.
Ba cheart do mhic léinn a bhfuil cúis ghearáin acu, ar an gcéad ásc, más féidir agus más cuí, iarracht a dhéanamh réiteach neamhfhoirmiúil a fháil trí ghearán a dhéanamh go díreach leis an gcomhalta foirne cuí, leis an gCeann Scoile cuí agus más gá, le Déan an Choláiste, nó más cuí le ceann na hacmhainne nó na seirbhíse chun go réiteofaí an t-aighneas láithreach bonn. Is féidir comhairle faoin gcaoi le dul ar aghaidh leis an ngearán a iarraidh ar Chomhaltas na Mac Léinn nó ar an Leas-Uachtarán um Eispéireas na Mac Léinn.
Ní mór gach gearán foirmiúil a dhéanamh trí Fhoirm Ghearáin na Mac Léinn a líonadh (faoi iamh in Aguisín 1); ní mór an fhoirm a sheoladh ansin chuig an Leas-Uachtarán um Eispéireas na Mac Léinn. Caithfidh an mac léinn na sonraí ar fad a bhaineann leis an ngearán a chur ar fáil, ainm an duine nó na seirbhíse a bhfuil an gearán á dhéanamh ina leith, na dátaí, na hamanna, na finnéithe agus na cúinsí a bhain leis an eachtra/na heachtraí a bhfuil an gearán á dhéanamh ina leith, agus ba cheart go ndéanfaí cur síos ann chomh maith ar aon iarrachtaí a rinneadh roimhe sin an scéal a réiteach. Chomh maith leis sin, d'fhéadfaí go mba mhian leis an mac léinn moladh a dhéanamh faoi na céimeanna réasúnta a shíleann seisean/sise a d'fhéadfaí a dhéanamh le réiteach a fháil ar an ngearán.
D’fhonn a chinntiú go bpléitear le gearáin go héifeachtach agus go tapa, ba cheart go ndéanfaí na gearáin taobh istigh de mhí ón uair ar tharla an eachtra atá i gceist agus, ar chaoi ar bith, tráth nach moille ná trí mhí ón uair a bhfágann an duine an Ollscoil.
Eiseoidh an Leas-Uachtarán um Eispéireas na Mac Léinn admháil i scríbhinn ar an ngearán taobh istigh de 5 lá oibre, de ghnáth.
Déanfaidh an Leas-Uachtarán um Eispéireas na Mac Léinn réamh-mheasúnú ar cé acu an dtagann gearán faoi raon feidhme an nós imeachta seo. I measc na bhforas a bhféadfaí diúltú gearán faoin nós imeachta foirmiúil tá na forais seo a leanas:
Má tá an t-ábhar oiriúnach lena mheas ag Bord Gearán na hOllscoile déanfaidh an Leas-Uachtarán um Eispéireas na Mac Léinn é a chur faoina mbráid.
Cuirfidh an Leas-Uachtarán um Eispéireas na Mac Léinn toradh an mheasúnaithe tosaigh in iúl don ghearánaí taobh istigh de 15 lá oibre ón lá a bhfuarthas an gearán, de ghnáth. Má bhíonn duine aonair míshásta le cinneadh an Leas-Uachtaráin um Eispéireas na Mac Léinn i ndiaidh dó/di an réamh-mheasúnú a dhéanamh, féadfaidh an gearánaí achomharc a dhéanamh chuig Cathaoirleach an Bhoird Achomhairc i scríbhinn agus míniú a thabhairt ar an gcúis ar cheart go gceadófaí dul ar aghaidh leis an ngearán i gcomhréir leis an nós imeachta seo. Déanfaidh Cathaoirleach an Bhoird Achomhairc an t-achomharc a mheas agus cuirfidh sé freagra ina míneoidh sé/sí a c(h)inneadh agus an bunús atá leis an gcinneadh chuig an ngearánaí laistigh de 15 lá oibre.
Gheobhaidh an Bord Gearán an gearán ón Leas-Uachtarán um Eispéireas na Mac Léinn agus déanfaidh sé cibé fiosrúcháin is gá a dhéanamh, cruinniú leis an mac léinn agus/nó leis an bhfreagróir san áireamh, agus iarrfaidh sé cibé eolas breise agus is gá agus a mheasann sé a theastaíonn le réiteach a fháil ar an ábhar a bhfuil gearán déanta ina leith. Gheobhaidh an freagróir cóip den ghearán agus tabharfar deis dó freagra a thabhairt ar an ngearán.
Cuirfear moladh scríofa faoin gcaoi ar féidir/a ndearnadh an scéal a réiteach, an bunús atá leis an réiteach sin, agus aon ghníomhartha dá chionn sin a mholtar a sheoladh chuig an ngearánaí agus chuig an bhfreagróir agus, má mheasann an Bord Gearán gur cuí sin a dhéanamh, chuig Ceann an Aonaid atá i gceist. Cuirfidh an Bord Gearán cóip dá chinneadh chuig an Leas-Uachtarán um Eispéireas na Mac Léinn chomh maith.
Eiseofar an freagra de ghnáth taobh istigh de 40 lá oibre ón lá a bhfaighidh an Bord an gearán.
Má bhíonn an gearánaí nó an freagróir míshásta leis an bhfreagra a tugadh ar an ngearán, féadfaidh siad achomharc a dhéanamh chuig Rúnaí an Bhoird Achomhairc i scríbhinn agus míniú a thabhairt ar fhorais an achomhairc. Caithfear achomharc a dhéanamh taobh istigh de 30 lá ón uair a n-eisítear cinneadh an Bhoird Achomhairc. Féadfaidh an Bord Achomharc a chinneadh go mbuailfidh siad leis an mac léinn agus/nó leis an bhfreagróir agus go ndéanfaidh siad cibé fiosrúcháin is gá agus go lorgóidh siad cibé eolas breise is gá leis an ngearán a réiteach.
Cuirfear moladh scríofa faoin gcaoi ar féidir/a ndearnadh an scéal a réiteach, an bunús atá leis an réiteach sin, agus aon ghníomhartha dá chionn sin a mholtar a sheoladh chuig an ngearánaí agus chuig an bhfreagróir agus, má mheasann an Bord Achomharc gur cuí sin a dhéanamh, chuig Ceann an Aonaid atá i gceist. Cuirfidh an Bord Achomharc cóip dá chinneadh chuig an Leas-Uachtarán um Eispéireas na Mac Léinn chomh maith.
Is cinneadh críochnaitheach a bheidh i gcinneadh an Bhoird Achomharc.
[11] D’fhéadfaí mar shampla, gur tuismitheoir nó gur caomhnóir a bheadh i gceist; mac léinn nó cara eile; ionadaí ó Chomhaltas na Mac Léinn; nó ionadaí dlíthiúil, má theastaíonn a leithéid.
[12] D’fhéadfadh sé, mar shampla, gur Chomhghleacaí san Ollscoil, Ionadaí Ceardchumainn nó ionadaí dlí a bheadh ann, dá dteastódh sin ón gcomhalta foirne atá i gceist.
