I measc na n-eagraíochtaí náisiúnta agus idirnáisiúnta eolaíochta agus teicneolaíochta a bheidh i láthair ag an aonach tá: Abbott Ireland Diagnostics; Intel Ireland; Science Recruitment Ireland; Stiefel Laboratories; Fidelity Investments; Servisource Recruitment; SAP; PharmaChemical Ireland; Realex Payments; Bord Iascaigh Réigiúnach an Iarthair; An Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil; Institute of Geologists; Suirbhéireacht Gheolaíochta na hÉireann; Engineer's Ireland; Schwartz Pharma Ltd/UCB; Institute of Chartered Accountants in Ireland; An tOspidéal Náisiúnta Athshlánúcháin; InterTradeIreland; Saint Michael's House; O&B Recruitment; Warwick Medical School; agus Gairmeacha Taighde, OÉ Gaillimh.
Deir Angela Teahan, ón Ionad Forbartha Gairmeacha in OÉ Gaillimh gur iontach an deis é do mhic léinn agus do chéimithe go bhfuil formhór na gcuideachtaí a bheidh ag freastal ar an aonach i mbun earcaíochta ar bhonn leanúnach. Lena chois sin, deir sí gur cheart do mhic léinn beagán taighde a dhéanamh ar na cuideachtaí a bheidh ag an aonach agus gur cheart dóibh CV atá cothrom le dáta a thabhairt leo. Dúirt sí gur cheart do mhic léinn labhairt le fostóirí agus le hionadaithe, agus iarracht a dhéanamh dul i bhfeidhm ar bhealach dearfach ar ionadaithe na gcuideachtaí éagsúla.
Tá tuilleadh eolais faoin imeacht seo le fáil ar láithreán gréasáin an Ionaid Forbartha Gairmeacha http://www.nuigalway.ie/careers/students/sciencefair.html nó is féidir glaoch ar Angela Teahan ag 091 492133.
