-
Courses
Courses
Choosing a course is one of the most important decisions you'll ever make! View our courses and see what our students and lecturers have to say about the courses you are interested in at the links below.
-
University Life
University Life
Each year more than 4,000 choose NUI Galway as their University of choice. Find out what life at NUI Galway is all about here.
-
About NUI Galway
About NUI Galway
Since 1845, NUI Galway has been sharing the highest quality teaching and research with Ireland and the world. Find out what makes our University so special – from our distinguished history to the latest news and campus developments.
-
Colleges & Schools
Colleges & Schools
NUI Galway has earned international recognition as a research-led university with a commitment to top quality teaching across a range of key areas of expertise.
-
Research
Research
NUI Galway’s vibrant research community take on some of the most pressing challenges of our times.
-
Business & Industry
Guiding Breakthrough Research at NUI Galway
We explore and facilitate commercial opportunities for the research community at NUI Galway, as well as facilitating industry partnership.
-
Alumni, Friends & Supporters
Alumni, Friends & Supporters
There are over 90,000 NUI Galway graduates Worldwide, connect with us and tap into the online community.
-
Community Engagement
Community Engagement
At NUI Galway, we believe that the best learning takes place when you apply what you learn in a real world context. That's why many of our courses include work placements or community projects.
Nua-Ghaeilge [Modern Irish] (MA)
Course Overview
Is ar an Luan agus ar an Máirt a bheidh léachtaí an chúrsa lánaimseartha ar siúl. Is ar an Luan amháin a reáchtálfar an cúrsa páirtaimseartha.
Forléargas ar an gCúrsa
An bhfuil fonn ort ardcháilíocht a bhaint amach i Léann na Gaeilge? An bhfuil suim agat breis scileanna taighde, anailíse agus cur i láthair a fhorbairt? An bhfuil tú ag smaoineamh ar thaighde a dhéanamh ag leibhéal na dochtúireachta amach anseo? Má tá, b’fhéidir gurb é an MA sa Nua-Ghaeilge an cúrsa duitse.
Is í Ollscoil na hÉireann, Gaillimh an ceannródaí náisiúnta ó thaobh Léann na Gaeilge. Tá saineolas ag foireann Roinn na Gaeilge ar gach tréimhse de chuid na Gaeilge, ón luath-thréimhse go dtí an teanga chomhaimseartha. Tá áiseanna taighde den scoth ag an ollscoil agus rinneadh infheistíocht mhór le déanaí i gcartlanna na hollscoile, rud a thugann buntáiste ar leith don mhac léinn ar mian leis/léi taighde a dhéanamh sna bailiúcháin Ghaeilge atá againn. Tá an Ghaeltacht ar leac an dorais againn agus tá teacht ag na mic léinn ar áiseanna foghlama agus taighde den scoth sna campais Ghaeltachta atá ag an ollscoil i gConamara agus i nGaoth Dobhair.
Má dhéanann tú an cúrsa lánaimseartha (bliain amháin), beidh léachtaí agus seimineáir ar siúl dhá lá sa tseachtain. Is féidir an cúrsa a dhéanamh go páirtaimseartha chomh maith (thar dhá bhliain) agus beidh léachtaí agat lá amháin sa tseachtain sa chás sin.
Agus an cúrsa seo críochnaithe agat, beidh tú in ann:
- Feidhmiú go cruinn ag leibhéal gairmiúil agus acadúil trí mheán na Gaeilge sa scríbhneoireacht agus sa labhairt;
- Anailís chriticiúil a dhéanamh ar réimsí éagsúla de Léann comhaimseartha na Gaeilge: an Chritic Liteartha, an Chritic Chultúir agus Shóisialta agus an tSochtheangeolaíocht;
- Cur chuige idirdhisciplíneach a léiriú san anailís chriticiúil ar réimsí éagsúla de Léann na Gaeilge;
- Do chuid taighde agus anailíse a chur i láthair go cumasach agus go héifeachtach ag an leibhéal cuí acadúil;
- Taighde nuálach, neamhspleách a dhéanamh ar shainábhar de do rogha féin agus an taighde sin a léiriú i bhfoirm tráchtais.
Baineann na torthaí foghlama céanna leis an Dioplóma Iarchéime seachas nach bhfuil taighde neamhspleách i bhfoirm tráchtais le déanamh.
Applications and Selections
Who Teaches this Course
- An Dr. John Walsh MA, PhD
- An Dr. Lillis Ó Laoire HDip, MA, PhD
- An Dr. Rióna Ní Fhrighil MPhil, PhD
- An Dr. Jeannine Woods MA, PhD
- An Dr. Lesa Ní Mhunghaile ADCF, PhD
- An Dr. Liam Ó hAisibéil MA, PhD
- An Dr. Ailbhe Ní Ghearbhuigh, MA, PhD
Requirements and Assessment
Key Facts
Entry Requirements
Additional Requirements
Duration
Bliain amháin, lánaimseartha
Dhá bhliain, páirtaimseartha
Next start date
Meán Fómhair 2018
A Level Grades ()
Average intake
Neamhtheoranta
Closing Date
Eiseofar tairiscintí ar bhonn leanúnach.Tuilleadh eolais anseo.
Next start date
Meán Fómhair 2018
NFQ level
Mode of study
Múinte.
ECTS weighting
90
Award
CAO
PAC code
GYA56 (lánaimseartha) | GYA57 (páirtaimseartha)
Course Outline
Leagan Amach an Chúrsa
Tá cúig mhodúl éigeantacha le déanamh ag gach mac léinn (luach 70 ECTS) don chúrsa MA.
Teanga na Nua-Ghaeilge
Tá sé d'aidhm ag an modúl seo forbairt agus barr feabhais a chur ar scileanna Gaeilge an mhic léinn i dtaca le cruinneas, líofacht, léitheoireacht, scríbhneoireacht, éisteacht agus labhairt. Is ag leibhéal C1 den Fhráma Tagartha Comónta Eorpach d'Fhoghlaim Teangacha atá an modúl. Forbróidh an mac léinn a c(h)umas sa scríbhneoireacht chriticiúil agus acadúil i dtaca le réimeanna cuí teanga, cruinneas, comhréir agus líofacht.
Modhanna Taighde
Sa mhodúl seo, pléitear scileanna éagsúla taighde a chabhróidh leis an mac léinn an tráchtas a thabhairt i gcrích. Cuirtear oiliúint ar an mac léinn sna modhanna taighde atá oiriúnach do thráchtas litríochta agus sa mhodheolaíocht cháilíochtúil atá de dhíth chun obair pháirce a dhéanamh.
Teanga, Coimhlint agus Cumhacht
Sa mhodúl seo, déantar staidéar ar choincheapa na coimhlinte agus na cumhachta i sochtheangeolaíocht stairiúil agus chomhaimseartha na Gaeilge agus pléitear conas mar a bhí agus atá pobal na teanga i ngleic le ceisteanna cumhachta ó thaobh an chultúir agus na polaitíochta araon.
Teoiricí Liteartha agus Cultúir
An aidhm atá ag an modúl seo ná tuiscint na mac léinn ar stair na dteoiricí liteartha agus na dteoiricí cultúir a fhorbairt. Cuirfear ar chumas na mac léinn teoiricí liteartha agus cultúir a chur i bhfeidhm ar théacsanna liteartha Gaeilge ar bhealach tuisceanach a thugann aird ar shainchúinsí na teanga féin agus ar cheisteanna tábhachtacha a bhaineann le litearthacht agus léitheoireacht.
Tráchtas
Is é aidhm an mhodúil seo an mac léinn a spreagadh le feidhmiú as a stuaim féin chun ábhar tionscadail a roghnú agus tráchtas 15,000-20,000 focal a chur i gcrích faoin ábhar sin laistigh de spriocanna ama soiléire agus ag an gcaighdeán gairmiúil agus acadúil cuí.
Is gá do mhic léinn dhá cheann de na cúrsaí roghnacha seo a dhéanamh (luach 20 ECTS). Ní bhíonn gach cúrsa ar fáil gach bliain.
An Athbheochan
Déanfar iniúchadh ar phríomhdhíospóireachtaí ré na hAthbheochana (1876-1930) maidir leis an nualitríocht agus leis an teanga féin.
An Inscne agus an Ghnéasúlacht
Cíorfaidh an modúl seo mórghnéithe de léann na hinscne agus na gnéasúlachta. Díreofar ar chonstráidiú agus ar fhorléargais na hinscne agus na gnéasúlachta i ngnéithe de chultúr agus litríocht na Gaeilge, an litríocht bhéil agus an litríocht scríofa ina measc.
An Dúchas agus an Duine
Sa mhodúl seo díreofar ar fheidhm, ar bhrí, ar struchtúr agus ar ghalldú logainmneacha na hÉireann. Déanfar plé agus léiriú ar mhodhanna taighde a bhaineann leis an réimse seo freisin, chomh maith le dul i ngleic le cás-staidéar roghnaithe ón réimse léinn seo.
An Bhéalaireacht agus na Taibhealaíona
Déanfar staidéar ar ghnéithe éagsúla d’ealaíona béil na Gaeilge, amhránaíocht, scéalaíocht, drámaíocht agus scannánaíocht go príomha. Pléifear oidhreacht na hamhránaíochta agus díreofar go háirithe ar choincheap na háite agus an spáis i litríocht bhéil na hÉireann.
I gcás an Dioplóma Iarchéime, tá na modúil éigeantacha mhúinte thuas le déanamh ag gach mac léinn (luach 40 ECTS) agus dhá cheann de na cúrsaí roghnacha (luach 20 ECTS).
Déan teagmháil leis an Roinn chun an t-amchlár lánaimseartha nó páirtaimseartha a phlé.
Why Choose This Course?
Career Opportunities
I measc na ngairmeacha atá ag ár gcéimithe tá na réimsí seo a leanas:
-
Earnáil na Gaeilge agus na Gaeltachta
-
Gairmeacha acadúla agus taighde
-
Oideachas
-
Foilsitheoireacht
-
Na meáin chumarsáide
-
Teagasc na Gaeilge
-
Na tionscail chultúrtha agus oidhreachta
Who’s Suited to This Course
Learning Outcomes
Work Placement
Study Abroad
Related Student Organisations
Course Fees
Fees: EU
Fees: Tuition
Fees: Student levy
Fees: Non EU
Mic léinn iarchéime atá i dteideal deontas SUSI – ciallaíonn deontas F4 go n-íocfaidh SUSI €2,000 i dtreo an teagaisc lánaimseartha. Beidh ort an chuid eile den táille iomlán a íoc tú féin. Ciallaíonn deontas F5 go n-íocfaidh SUSI an TEAGASC lánaimseartha suas go dtí €6,270. Ní íocfaidh SUSI tobhach na mac léinn atá ag €224 faoi láthair.
Briseadh síos ar tháillí iarchéime = teagasc (AE nó NEAMH-AE) + tobhach na mac léinn mar a léirítear thuas.
Find out More
What Our Students Say
Micheál Ó Leidhin | Iriseoir
Thugas faoin MA sa Nua-Ghaeilge sa bhliain 2013 tar éis dom a bheith imithe as an gcóras oideachais ar feadh roinnt mhaith blianta. I mo shaol gairmiúil mar iriseoir is gá scagadh agus póirseáil a dhéanamh ar eolas. Go minic, is gá an t-eolas atá ar leas an phobail a aithint, a scaradh ó eolas eile agus a chur in iúl don ghnáthdhuine ar shlí atá sothuigthe. Tairbhe as cuimse a bhí san MA sa Nua-Ghaeilge chun mo chuid scileanna teanga agus anailíse a fhorbairt. Ba luachmhar an taithí chomh maith gur leagadh béim ar scileanna cur i láthair mar chuid den Mháistreacht.
Ailbhe Nic Giolla Chomhaill | Mac Léinn PhD
Thug mise faoin MA sa Nua-Ghaeilge sa bhliain 2012. Bhí mé díreach tar éis BA a bhaint amach agus ní raibh mé iomlán cinnte cén treo ina rachainn ó thaobh gairm bheatha de. Thug an MA deis dom modúil a roghnú a bhí an-éagsúil óna chéile ach a chuir ar mo chumas scileanna anailíse luachmhara a fhorbairt agus tuiscint den scoth a fháil ar litríocht agus ar chultúr na Gaeilge. Spreag an cúrsa seo dúil mhór sa taighde ionam agus shocraigh mé leanúint den taighde agus tabhairt faoi dhochtúireacht in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Ní fhéadfainn tabhairt faoin dúshlán sin gan na scileanna teanga, scríbhneoireachta agus cur i láthair a d’fhoghlaim mé le linn na máistreachta.
Amanda Bernhardt & Seanchán Ó Cinnéide | Massachusetts
Tugadh an deis don bheirt againn an MA i Nua-Ghaeilge a dhéanamh sa bhliain 2012. Le deontas ón Choimisiún Fulbright, bhí muid in ann bogadh go Gaillimh agus tabhairt faoin iarchéim le chéile. I dtús báire, mar Mheiriceánaigh ba dhúshlán mór é na cúrsaí a dhéanamh ag leibhéal chomh hard sin os rud é nach raibh an cúlra teanga céanna againne agus a bhí ag na mic léinn eile. Thug foireann Roinn na Gaeilge neart tacaíochta dúinn, áfach, agus tá muid thar a bheith buíoch díobh uilig. Ní amháin gur saineolaithe amach is amach iad sna hábhair atá á dteagasc acu, múinteoirí agus daoine den scoth atá iontu fosta. Anois, agus muid ar ais sna Stáit, bíonn muid ag teagasc na Gaeilge sna coláistí áitiúla agus ag stiúradh comhráite beo i nGaeilge ar líne. Bhí taithí ar dóigh againn i nGaillimh.
