Leas-Uachtarán um Thaighde ceaptha ag OÉ, Gaillimh

Thursday, 4 August 2005

D'fhógair Údarás Ollscoil na hÉireann, Gaillimh inniu (Déardaoin, 4 Lúnasa) go bhfuil an tOllamh Roy Green ceaptha mar Leas-Uachtarán um Thaighde. Ceapadh an fear a bhí ina Dhéan ar Dhámh Tráchtála na hOllscoile ar feadh ceithre bliana ag cruinniú d'Údarás na hOllscoile.

Cuireann an post nuabhunaithe béim ar chomh dáiríre is atá Ollscoil na hÉireann, Gaillimh maidir le cáil taighde agus éiteas na hOllscoile a láidriú. Mar Leas-Uachtarán um Thaighde, cruthóidh an tOllamh Green na struchtúir chuí le cinntiú go bhfanfaidh Ollscoil na hÉireann, Gaillimh chun tosaigh i sárthaighde idirnáisiúnta.

Cinnteoidh an tOllamh Green go dtógfaidh an Ollscoil ar a cumas maoiniú taighde a aimsiú, cuirfidh sé tacaíocht ar fáil agus forbróidh sé deiseanna do thaighdeoirí as na dámha uile agus deimhneoidh sé freisin inchur na hOllscoile i sochaí eolais na hÉireann, trí mhaoin intleachtúil a chosaint tríd an Oifig um Aistriú Teicneolaíochta nuabhunaithe.

Agus é ag déanamh comhghairdis leis an Ollamh Green, dúirt an Dr Iognáid Ó Muircheartaigh, Uachtarán OÉ, Gaillimh, an méid seo: "Tá áthas orainn a fhógairt go leanfaidh an tOllamh Green air, scoláire den chéad scoth, a bhfuil cáil bainte amach aige as a chuid taighde, ag stiúradh agus ag forbairt ár gcáil taighde. Duine fíorchumasach é an tOllamh Green agus faoina cheannaireacht, táimíd ag súil go gcinnteofar go dtiocfaidh fás agus forbairt ar na réimsí taighde sin a bhfuil clú idirnáisiúnta tuilte againn mar gheall orthu."

Tá cáil idirnáisiúnta ar an Ollamh Green mar gheall ar a chuid taighde i réimse an staidéir nuálaíochta, tionscail agus saothar, anailís ar an margadh agus teoiric eacnamaíoch. Tá sé ag obair ar staidéar don earnáil ICT in Éirinn faoi láthair agus ar thionscadal taighde maidir le hathchóiriú struchtúrtha agus geilleagar eolasbhunaithe na hEorpa. Tá obair déanta aige ar Chlár Náisiúnta Chórais Nuálaíochta de chuid an OECD agus ar ghrúpa stiúrtha do Dhorchla Teicneolaíochta an Atlantaigh. Ar lean/ Tá an tOllamh Green ina chomhalta den Chomhairle um Thaighde sna Dána agus sna hEolaíochtaí Sóisialta, den Bhord Maoiniúcháin Náisiúnta Taighde de chuid Fiontraíocht Éireann; agus tá sé ina Chathaoirleach faoi láthair ar Acadamh Bainistíochta na hÉireann.

Thosaigh Roy Green ina phost mar Ollamh Bainistíochta in OÉ, Gaillimh i Feabhra 2000. Ba é an chéad Stiúrthóir ar an Ionad um Nuálaíocht agus Athrú Struchtúrach (CISC), a bunaíodh in OÉ, Gaillimh in 2002 le maoiniú €2.8 milliún faoi Chlár Rialtas Éireann um Thaighde i bhForais Tríú Leibhéal (PRTLI).

Roimhe sin, bhí sé in Ollscoil Newcastle, san Astráil, áit a raibh sé ina Stiúrthóir ar Ionad Staidéar na Fostaíochta. Bhí sé ina Ánra de Clare Hall, Cambridge, agus ina chomhairleoir Rialtais agus Gnó.

Tá éirithe thar barr le hOllscoil na hÉireann, Gaillimh le blianta beaga anuas ag aimsiú thart ar 100m Euro san iomaíocht maoiniú don taighde trí Chlár Taighde an Údaráis um Ard-Oideachas in Institiúidí Tríú Leibhéal (PRTLI) agus trí Fhondúireacht Eolaíochta Éireann a fháil.

Críoch

Keywords:.

« Back

Related news


Featured Stories