Cúrsaí i Léann an Aistriúcháin Ghaeilge á soláthar ag OÉ Gaillimh

Jul 31 2006 Posted: 00:00 IST

31 Iúil 2006: Tá Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, OÉ Gaillimh, ag leathnú a raon cúrsaí trí Ghaeilge i Léann an Aistriúcháin. Tá M.A. nua i Léann an Aistriúcháin ann anois chun an t-éileamh ar aistritheoirí gairmiúla Gaeilge in Éirinn agus thar lear, éileamh atá ag fás go tapa, a shásamh. Is é an cúrsa M.A. lánaimseartha thar dhá bhliain seo an cúrsa is airde creidiúnaithe dar cuireadh ar fáil riamh in Éirinn san aistriúchán Gaeilge. Glacfar le hiarratais go dtí an 4 Lúnasa. Tá an cúrsa ar fáil freisin mar Dhioplóma Iarchéime, thar bhliain amháin.

"Tá an t-éileamh ar aistritheoirí a bhfuil cáilíochtaí tríú leibhéal acu ag méadú ó tugadh isteach Acht na dTeangacha Oifigiúla, a dhéanann cuideachta dhátheangach de gach cuideachta phoiblí in Éirinn. Tá éileamh ar aistritheoirí a bhfuil ardscileanna acu sa Bhruiséil freisin mar gur glacadh leis an nGaeilge le déanaí mar theanga oifigiúil oibre de chuid an Aontais Eorpaigh", a dúirt Eoin Ó Droighneáin, Ceann an Aonaid Aistriúcháin, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, OÉ Gaillimh.

Is é Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge institiúid náisiúnta OÉ Gaillimh chun ceannródaíocht a thabhairt i réimse an oideachais tríú leibhéal trí Ghaeilge. Tá raon cúrsaí aistriúcháin ag leibhéal dioplóma agus ard-dioplóma á thairiscint ag an Acadamh le cúig bliana anuas. Cuireann an M.A. nua i Léann an Aistriúcháin leis an méid atá ann cheana féin agus cuireann sé creidiúnú ar fáil atá níos airde ná rud ar bith a bhí ann go dtí seo.

Dúirt Eoin Ó Droighneáin freisin, "Is céim chun cinn thábhachtach anois ó thaobh gairme de scileanna gairmiúla aistriúcháin a shealbhú agus cáilíocht aitheanta tríú leibhéal a bhaint amach. Tá ár gcúrsaí deartha le dul in oiriúint do riachtanais daoine éagsúla, m.sh. duine atá ag obair agus atá ag iarraidh staidéar páirtaimseartha a dhéanamh le cur ar a c(h)umas dul chun cinn a dhéanamh ó thaobh gairme de nó duine atá ag iarraidh staidéar lánaimseartha a dhéanamh le bheith in ann tabhairt faoi ghairm bheatha nua sa Bhruiséil."

Is cuid de chlár oibre an Acadaimh é an Ollscoil a thabhairt go dtí na daoine agus cumhacht a thabhairt do na pobail sna ceantair Ghaeltachta. Reáchtálfar an dioplóma páirtaimseartha dhá bhliain i Léann an Aistriúcháin i mí Mheán Fómhair i Ráth Cairn, Co. na Mí; i nGleann Cholm Cille, Co. Dhún na nGall; agus ar an gCeathrú Rua, Co. na Gaillimhe.

Chomh maith le cúrsaí aistriúcháin, cuireann Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, OÉ Gaillimh, raon cúrsaí trí Ghaeilge ar fáil, raon atá ag fás i gcónaí. Áirítear ar na cúrsaí sin: Cumarsáid; Scileanna Teilifíse agus Raidió; Pleanáil Teanga; Drámaíocht; agus Teicneolaíocht Faisnéise.

Táthar ag glacadh anois le hiarratais le haghaidh na gcúrsaí ar fad. Is féidir tuilleadh eolais a fháil ach glaoch ar Chassie Ní Chathasaigh in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, OÉ Gaillimh, ag 091 869022 nó ríomhphost a sheoladh chuig aistriuchan@oegaillimh.ie

-críoch-

PreviousNext

Featured Stories