Seolann an Tánaiste Ionad €3 Mhilliún OÉ Gaillimh don tSeaneolaíocht Shóisialta

Jul 14 2006 Posted: 00:00 IST
- agus deir Ollamh amháin go mbeidh dúshláin mhóra eacnamaíocha agus shóisialta ag pobal scothaosta na hÉireann -

Agus an chéad ionad taighde don aosú eacnamaíoch agus sóisialta á sheoladh in Éirinn, chuir Stiúrthóir an Ionaid nua don tSeaneolaíocht Shóisialta (ICSG) in OÉ Gaillimh, an tOllamh Eamon O'Shea, fainic ar do lucht déanta beartais faoi na dúshláin a bheadh ag pobail tuaithe na hÉireann sna blianta beaga le teacht mar gheall ar an athrú a thiocfaidh ar dhéimeagrafaic na tíre.

Dúirt an tOllamh O'Shea go mbeadh athruithe móra déimeagrafacha ann sa todhchaí mar go mbeadh duine as gach ceathrar in Éirinn os cionn 65 faoi 2050, i gcomparáid le duine as deichniúr faoi láthair. Ach mar gheall go bhfuil go leor den daonra ag bogadh isteach i mbailte agus i gcathracha, ciallaíonn sé go bhfuil duine as gach triúr, i gceantair thuaithe áirithe, 65 bliain d'aois nó os a chionn cheana féin, go háirithe san Iarthar. Tá deacracht ag sochaí na hÉireann déileáil le riachtanais phearsanta agus shóisialta na ndaoine scothaosta faoin tuath mar atá siad agus is in olcas a bheas an scéal ag dul sna blianta amach romhainn gan infheistíocht cheart i seirbhísí agus in infrastruchtúr.

Is í an Tánaiste, Mary Harney TD, a chuir tuairimí an Ollaimh i láthair agus an tIonad nua €3 mhilliún don tSeaneolaíocht Shóisialta á sheoladh aici i Scoil Iarchéime JE Cairnes don Ghnó & don Bheartas Poiblí in OÉ Gaillimh. Is é seo an chéad ionad den chineál seo in Éirinn a bhreathnóidh ar ghnéithe eacnamaíocha agus sóisialta de dhaonra scothaosta na hÉireann i ndisciplíní éagsúla cosúil le: seaneolaíocht shóisialta, eacnamaíocht, socheolaíocht, síceolaíocht, dlí, altranas agus leigheas.

D'fháiltigh an tOllamh O'Shea roimh thacaíocht an Rialtais don Ionad mar chéim thábhachtach a d'éascódh taighde cuimsitheach a dhéanamh sa réimse agus fadhbanna na ndaoine scothaosta in Éirinn a aithint.

Ag labhairt dó ag an seoladh dúirt an tOllamh, "Tiocfaidh athruithe suntasacha ar dhéimeagrafaic na hÉireann go gairid agus beidh an tIonad seo ina acmhainn riachtanach a chabhróidh le lucht déanta beartais na hÉireann pleanáil agus soláthar a dhéanamh do dhaoine scothaosta na hÉireann.

Nuair a rinneadh iarrachtaí roimhe seo páirt na ndaoine seo sa saol eacnamaíoch, sóisialta agus sibhialta a fheabhsú i gceart ní dhearnadh dóthain taighde air. Breathnaítear go minic ar dhaoine scothaosta mar dhaoine a chaitheann acmhainní poiblí seachas mar dhaoine a fheabhsaíonn an tsochaí. Déanfaidh an tIonad seo iarracht an meon i leith na ndaoine seo a fheabhsú chomh maith le bealaí nua a fháil, trí theicneolaíocht mar shampla, lena chinntiú go mbeidh páirt iomlán ag daoine scothaosta sa tsochaí. Tá ról ag gach aon duine againn maidir lena chinntiú go bhfuil áit ag daoine scothaosta i dtionscnaimh shóisialta agus phobail. "

Chabhraigh an tIonad le tuarascáil a chuaigh amach le gairid a bhí maoinithe ag an gComhairle Náisiúnta um Dhul in Aois agus Daoine Scothaosta maidir le caighdeán saoil daoine scothaosta i gcúram fadchónaithe. Faoi láthair, tá tuarascáil eile á críochnú ag an Ionad don Chomhairle maidir le caighdeán saoil daoine scothaosta a bhíonn ina gcónaí sa bhaile agus tinneas ainsealach nó míchumas orthu. Tá an ICSG ag obair chomh maith ar chúpla tionscadal taighde eile sna réimsí seo a leanas: obair dheonach, teicneolaíocht, néaltrú, agus eitnisheaneolaíocht na n-inimirceach a rugadh in Éirinn.

Faigheann an ICSG maoiniú poiblí agus príobháideach, lena n-áirítear tacaíocht airgeadais ó Atlantic Philanthropies, agus oibreoidh sé go dlúth le páirtithe leasmhara lena n-áirítear Age and Opportunity, Age Action Ireland, Senior Citizens Parliament agus an Federation of Active Retirement Associations chun meon iomlánaíoch agus dearfach den aosú in Éirinn a chur chun cinn.

Ó Mheán Fómhair 2006, cuirfidh an ICSG an chéad Dioplóma i Seaneolaíocht Shóisialta in Éirinn ar fáil.

- Críoch -

PreviousNext

Featured Stories