Comhdháil Idirnáisiúnta ar Theanga agus Dlí – 'Tabhar cosaint níos fearr ag mion

Jun 12 2006 Posted: 00:00 IST

Gaillimh 14-17 Meithimh in OEG

Beidh comhdháil idirnáisiúnta trítheangach (Gaeilge, Béarla agus Fraincis) ag dul ar aghaidh in Ollscoil na hÉireann Gaillimh, eagraithe ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge agus an tIonad Éireannach um Chearta an Duine agus urraithe ag Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta idir 14 agus 17 Meithimh in Áras Dán na Mílaoise. Téama na Comhdhála ná 'Na Dúshláin a Bhaineann le hAchtú agus le Cur i bhFeidhm Dlí agus Cearta Teanga'.

Tiocfadh toscairí as níos mó ná 20 tír i láthair chun ceisteanna dlí agus teanga á phlé.

"Is deis iontach don Ghaeltacht, d Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge agus d Ollscoil na hÉireann Gaillimh páirt lárnach a thógáil sna díospóireachtaí náisiúnta agus idirnáisiúnta faoi cearta teanga agus cearta daonna, agus chun cás na Gaeilge a chur chun solais mar shámpla ceannródaíoch", a duirt Seosamh Mac Donnacha, Comhordaitheoir Acadúla, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, faoin gComhdháil.

"Tá stádas bainte amach ag an nGaeilge mar theanga oibre san Eorap, agus tá Acht na dTeangacha Oifigiúla á chur i bhfeidhm faoi láthair. Is seans duinn ar fad, áfach, foghlaim faoin taithí atá sna tíortha eile."

Glaofar ar UNESCO agus ar na Náisiúin Aontaithe chun cosaint níos fearr a thabhairt do mionteangacha an domhain.

I measc na h-aoíchainteoirí tá:

  • Éamon Ó Cuív, Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta
  • Séan Ó Cuirreáin, an Coimisinéir Teanga
  • Philip Blair, stiúrthóir, Directorate of Cooperation for Local and Regional Democracy, Comhdháil na hEorpa
  • Dzenana Hadziomerovic, comhairleoir dlí ag an Ard-Coimisinéir ar Mhionlaigh Náisiúnta
  • Fernand de Varennes, saineolaí Astrálach
Tuilleadh eolais agus clárúchán ar: http://www.conference.ie/Conferences/index.asp?Conference=24

Contact/teagmháil: Áine Uí Ghiollagáin spokesperson/urlabhraí 10th International Conference on Language and Law 10ú Comhdháil Idirnáisiúnta ar Theanga agus Dlí Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge Gaillimh 091 595987 087 68 22 517

-críoch-

PreviousNext

Featured Stories