Fáiltiú roimh mhic léinn lánaimseartha ar an gCeathrú Rua

Sep 11 2006 Posted: 00:00 IST

Den chéad uair riamh tá cúrsa bunchéime á reáchtáil in ionad Gaeltachta de chuid Ollscoil na hÉireann, Gaillimh i mbliana. Tá an B.A. sa Chumarsáid ar siúl in Ionad Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Áras Mháirtín Uí Chadhain ar an gCeathrú Rua agus tá mic léinn an chúrsa tar éis triall ar an áit. Is cúrsa ceithre bliana atá ann agus cuirfear oiliúint ar mhic léinn san iriseoireacht, i léiriú teilifíse agus raidió agus sna hilmheáin chun iad a ullmhú don ré úr dhigiteach sna meáin.

Chomh maith leis an gcúrsa B.A. tá mic léinn ar an gCeathrú Rua ar feadh na bliana ag freastal ar chúrsaí lánaimseartha eile an Acadaimh – an tArd-Dioplóma sa Chumarsáid Fheidhmeach, an Dioplóma Iarchéime/M.A. i Léann an Aistriúcháin, an Dioplóma i Scileanna Raidió agus an Cúrsa Scileanna Ríomhaireachta agus Dioplóma sa Ghaeilge. Tá urraíocht fhlaithiúil á fáil ó Údarás na Gaeltachta chun na cúrsaí seo a rith agus is borradh mór do cheantar na Ceathrún Rua é iad a bheith ar fáil agus an 70 mac léinn atá ag cur fúthu sa cheantar dá bharr.

Bhí ócáid fáiltithe eagraithe ag foireann an Acadaimh ar an gCeathrú Rua Dé Céadaoin seo caite, an 6 Meán Fómhair chun fáilte a chur roimh na mic léinn ar fad.

Orthu siúd a bhí ag caint leo bhí Peadar Mac an Iomaire, Príomhfheidhmeannach an Acadaimh agus Treasa Uí Lorcáin, Riarthóir Ionad an Acadaimh ar an gCeathrú Rua agus thug an t-iriseoir aitheanta Rónán Mac an Iomaire caint dar teideal "Saol an duine óig ar an gCeathrú Rua".

Bhí eolas ar fáil freisin do na mic léinn faoi chlubanna sóisialta, spóirt agus na háiseanna eile atá ar fáil dóibh ar an gCeathrú Rua. Bhí ionadaithe ó Aontas na Mac Léinn ar an láthair freisin chun labhairt leis na mic léinn. Cuireadh críoch leis an lá le BBQ agus ceol.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil ach glaoch ar Chassie Ní Chathasaigh in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, OÉ Gaillimh, ag 091 869022 nó ríomhphost a sheoladh chuig aistriuchan@oegaillimh.ie

-críoch-

PreviousNext

Featured Stories