All 2007

Os cionn €100,000 Bronnta ar Lúthchleasaithe OÉ Gaillimh

Monday, 12 November 2007

Scoláireachtaí Spóirt 2007/2008 Tá Scoláireachtaí Spóirt ar fiú os cionn €100,000 iad bronnta faoi Scéim Scoláireachtaí Spóirt OÉ Gaillimh na bliana seo. Tá an Scéim Scoláireachtaí seo ar bun le 10 mbliana anuas. Tacaíonn an scéim le lúthchleasaithe atá ag freastal ar an Ollscoil dul chun cinn a dhéanamh, mar aon le deis a fháil a gcumas spóirt a fhorbairt le linn a bheith ag staidéar in OÉ Gaillimh. Ag searmanas speisialta a eagraíodh san Ollscoil, bhronn Keith Warnock, Leas-Uachtarán um Acmhainní Fisiciúla OÉ Gaillimh, duaiseanna ar 82 mac léinn. Tugadh €2,000 an duine arís i mbliana do 14 lúthchleasaí atá ar scoláireacht spóirt cheana féin agus atá fós san Ollscoil. Bronnadh scoláireacht (€2,000 an duine) ar 13 mac léinn eile den chéad uair, agus tugadh €1,000 an duine do 50 mac léinn eile, faoi scéim Spáranachtaí na hOllscoile. I measc na mac léinn a bhuaigh Scoláireachtaí i mbliana tá Niamh Fahy ó Chill Aithnín, Co. na Gaillimhe – Réalta le Foireann Peil Ghaelach na Gaillimhe agus Imreoir le Foireann Shinsearach Sacair Ban na hÉireann; Niamh Kilkenny, Béal Átha na Sluaighe, Co. na Gaillimhe – Réalta le Foireann Shinsearach Camógaíochta na Gaillimhe; David Conway, Baile Mhic Mhaoilir, Co. Laoise – Imreoir Peil Ghaelach; David Duffy, An Muileann gCearr, Co. na hIarmhí – buaiteoir le Foireann Mhac Léinn Céad Bhliana na hÉireann; David Kenny, Biorra, Co. Uíbh Fhailí – réalta óg Iománaíochta; Fiona Carroll, Baile Átha an Rí, Co. na Gaillimhe – réalta óg Gailf; agus Liam Molloy, An Caisleán Nua, Gaillimh – Réalta Idirnáisiúnta Iomraimh. Le cois na scoláireachtaí seo, bronnadh scoláireachtaí Peile ar bheirt mhac léinn, Mark Ronaldson, Sruthair, Co. Mhaigh Eo agus Chris Barrett, Béal an Átha, Co. Mhaigh Eo, mar chuid d'urraíocht Cadbury ar Chraobh Peile Cadbury Faoi 21 na hÉireann. Bronnadh trí scoláireacht eile, urraithe ag Galway United agus Sports Med West ar Michael Creane ó bhaile Shligigh; Jack O'Doherty, Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall; agus Vinny Carrigan ó Chaisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo. Tugann Scéim na Scoláireachtaí Spóirt deis do mhic léinn páirt a ghlacadh ina spórt féin ag an leibhéal is airde, dar le Tony Regan, Oifigeach Spóirt agus Áineasa na hOllscoile, "Chuir Scéim na Scoláireachtaí Spóirt go mór le cúrsaí spóirt in OÉ Gaillimh. Le blianta fada anuas, is mór an chabhair atá tugtha ag an scéim do lúthchleasaithe maithe atá ag déanamh ionadaíochta ar an Ollscoil ag leibhéal náisiúnta agus idirnáisiúnta agus tá ag éirí go geal leo. I measc na lúthchleasaithe seo tá Paul Hession, sealbhóir curiarrachta reatha na hÉireann ag 60, 100 & 200 méadar, Eadaoin Ní Challaráin, a d'fhreastail ar na cluichí Oilimpeacha in 2000 agus 2004, mar aon leis na hIomróirí Oilimpeacha reatha, Cormac Folan agus Alan Martin." Ina theannta sin, dúirt sé "Is mian linn tréaslú leis na buaiteoirí ar fad a dhéanann ionadaíocht ar an tír seo agus gach rath a ghuí orthu lena n-iarrachtaí spóirt san Ollscoil agus go deimhin níos faide ó bhaile". Tá baint ag lúthchleasaithe na bliana seo le réimse leathan spóirt lena n-áirítear Lúthchleasaíocht, Cispheil, Dornálaíocht, Camógaíocht, Rothaíocht, Peil Ghaelach, Galf, Haca, Cadhcáil, Iomramh, Rugbaí, Sacar, Tonnmharcaíocht, Snámh agus Clársheoltóireacht. - críoch -

>> Read full story about Os cionn €100,000 Bronnta ar Lúthchleasaithe OÉ Gaillimh

NUI Galway Conferring Ceremony in Gaoth Dobhair

Monday, 12 November 2007

At a special ceremony today, 102 students who completed academic programmes with NUI Galway's Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge in Gaoth Dobhair, Co. Donegal, were conferred with Dioplomas. At the event, NUI Galway President Dr. Iognáid Ó Muircheartaigh said that he was delighted to be back in Gaoth Dobhair for the third year running at the conferring ceremony. "Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge and NUI Galway are providing courses in communication, computing, Irish, translation studies and folklore in Gaoth Dobhair. These disciplines are particularly relevant to the social, cultural and economic development of the Gaeltacht. As a result of the development in Ionad Ghaoth Dobhair and the courses being provided, the University is placing a particular emphasis on creating a positive attitude in relation to the Irish language as a major development resource in the Gaeltacht." Éamonn Mac Niallais, Administrator of Ionad Ghaoth Dobhair said that Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge is providing Diploma courses in Gaoth Dobhair and in other centres in the Northwest for the past four years and that it was now time to progress further. "Next year the first fulltime university course will commence in Ionad Ghaoth Dobhair – B.A. sa Riarachán Gnó. This is a four year course and the aim is to train graduates and provide them with the practical and analytical skills needed to work in a bilingual business and administration environment." In recent years there has been a dramatic increase in the employment opportunities that are available in organisations functioning through the medium of Irish, in the Gaeltacht and outside of the Gaeltacht. The provision of this degree is a significant development for the Acadamh in the Northwest, as well as a great opportunity for the local people of the Gaeltacht to attain a university degree and extra employment opportunities in their own area. Further information about the B.A. sa Riarachán Gnó or other courses provided by the Acadamh can be attained by contacting Ionad Ghaoth Dobhair at 074 9531919 or forwarding an email to gaothdobhair@oegaillimh.ie Ends

>> Read full story about NUI Galway Conferring Ceremony in Gaoth Dobhair

Léargas tugtha i dtuarascáil ar na dúshláin a bhíonn le sárú ag teaghlaigh aontu

Monday, 12 November 2007

Is léir ón eolas atá le fáil i dtuarascáil taighde nua atá foilsithe ag Comhpháirtíocht Chathair na Gaillimhe agus an Grúpa Stiúrtha um Thaighde ar Theaghlaigh Aontuismitheora go bhfuil neart dúshlán le sárú ag tuismitheoirí aonair a dteastaíonn uathu filleadh ar fhostaíocht – dúshláin a bhaineann le teacht ar fhostaíocht, oiliúint agus oideachas. Inniu sheol an tUasal Éamon Ó Cuív T.D., An tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, an taighde seo a rinne Ionad Taighde um Leanaí agus Teaghlaigh OÉ Gaillimh i gCathair agus i gContae na Gaillimhe. Dúirt an Dr Michelle Millar ón Ionad Taighde um Leanaí agus Teaghlaigh in OÉ Gaillimh, "Is léir ón taighde seo go bhfuil na tuismitheoirí seo toilteanach oibriú lasmuigh den bhaile. Ach i measc na n-ábhar imní a bhíonn le déileáil acu tá an tionchar a bheidh ag an gcinneadh sin ar na leanaí, agus an deacracht a bhaineann le fostaíocht fheiliúnach, pháirtaimseartha a fháil. Dúshláin eile fós iad áiseanna cúram leanaí inacmhainne agus inrochtana a fháil, mar aon leis an tsáinn bhochtaineachta a chruthaíonn an forlíonadh cíosa – dúshláin a chiallaíonn go mbíonn an-chuid deacrachtaí ag tuismitheoirí aonair obair a fháil – obair a chiallaíonn go mbeidh siad níos fearr as." Is é seo an chéad chineál taighde dá leithéid in Éirinn agus is i gcomhthéacs mórathruithe beartais a tugadh faoi. Moltar i bPlépháipéar an Rialtais: Proposals for Supporting Lone Parents go mbeidh leasú mór i gceist i dtacaíocht leasa do thuismitheoirí aonair de dheasca athruithe beartais. San áireamh sna moltaí seo bheadh coinníollacht san íocaíocht, agus síltear go mbeidh tuismitheoirí aonair páirteach sa mhargadh fostaíochta nuair a bheidh a leanaí ag teannadh leis an uasteorainn aoise d'íocaíocht an Liúntais Tuismitheora. Bhí an méid seo a leanas le rá ag Elaine Harvey, Cathaoirleach an Ghrúpa Stiúrtha um Thaighde ar Theaghlaigh Aontuismitheora ag an seoladh, "Is é dearcadh na dtuismitheoirí gurb é an príomhról atá acu feidhmiú mar phríomhchúramóirí dá leanaí, agus bunaithe ar an méid sin, baineann an oiread céanna tábhachta le cúram leanaí inacmhainne agus dearcadh solúbtha fostóirí agus a bhaineann le fostaíocht a fháil. Is léir ón taighde go dteastaíonn ó thuismitheoirí aonair a bheith ag obair – is é an dúshlán atá ann oibriú i gcomhar le tuismitheoirí agus bealaí a aimsiú le rochtain ar fhostaíocht, ar oideachas agus ar oiliúint a aithint. Ina dhiaidh sin, ní mór bealaí réalaíocha a aithint chun na bacainní sin a shárú. Creidimid gur cheart gur próiseas deonach a bheadh sa phróiseas gníomhachtúcháin seo agus is ceart aird a dhíriú ar an bpointe gur lorg 46% díobh siúd a rinne an suirbhé fostaíochta le 12 mhí anuas." Dúirt an tAire Ó Cuív, "Is iomaí dúshlán atá le sárú ag tuismitheoirí aonair sa lá atá inniu ann, agus níl i gceist le fostaíocht a fháil ach ceann de na dúshláin seo. Foinse eolais a bheidh sa taighde seo do lucht déanta beartas agus fostóirí go deimhin, maidir leis na dúshláin atá le sárú ag teaghlaigh aontuismitheora agus na bealaí ar féidir cabhrú leo." Tugadh faoin taighde seo ar mhaithe le heolas iontaofa a sholáthar maidir le saol tuismitheoirí aonair i gCathair agus i gContae na Gaillimhe. San áireamh sa taighde seo bhí agallaimh agus ceistneoirí le tuismitheoirí, lucht déanta beartas agus soláthraithe seirbhíse agus aimsíodh nach bhfeabhsóidh cúrsaí bochtaineachta agus folláine leanaí ach amháin má thagann feabhas ar ioncam an teaghlaigh de dheasca filleadh ar fhostaíocht. Dúirt Declan Brassil, Bainisteoir Chomhpháirtíocht Chathair na Gaillimhe, "Ceann de na bacainní bunúsacha is ea easpa fostaíocht sholúbtha a chiallaíonn go mbíonn an teaghlach níos fearr as. Bíonn deacrachtaí ag tuismitheoirí fostaíocht sholúbtha, ar ardchaighdeán agus le tuarastal maith a fháil, mar aon le fostaíocht pháirtaimseartha agus a fheileann do shaol teaghlaigh, agus a fheileann d'uaireanta scoile agus laethanta saoire scoile. Tá sé níos deacra fós ag tuismitheoirí atá lonnaithe i gceantair thuaithe. Is é a mholtar sa tuarascáil gur cheart dul i gcomhairle le fostóirí chun an t-éileamh atá ar phoist sholúbtha, pháirtaimseartha a phlé agus ansin go bhféadfaí fostóirí áitiúla a spreagadh dul i gcomhairle leis an nGrúpa Stiúrtha um Thaighde ar Theaghlaigh Aontuismitheora." Moltar sa tuarascáil gur cheart áiseanna breise, inacmhainne, pobalbhunaithe cúram leanaí a sholáthar, mar aon le bealaí cruthaitheacha inar féidir cúram a sholáthar lasmuigh den bhaile do leanaí níos sine agus ógánaigh a iniúchadh agus a chur i bhfeidhm. Teastaíonn ó thuismitheoirí a bheith páirteach i gcúrsaí oiliúna agus oideachais agus ní mór go mbeadh cúrsaí den chineál seo ar siúl ag am a fheileann dóibh féin agus dá leanaí, agus bheadh cúrsaí páirtaimseartha a bhíonn ar siúl nuair a bhíonn na leanaí ar scoil feiliúnach sa chás seo. D'fheilfeadh sé do thuismitheoirí atá ag cur fúthu i gceantair thuaithe dá mbeadh cúrsaí ar siúl sa cheantar áitiúil. D'áireodh soláthraithe oideachais agus oiliúna an fhéidearthacht a bhainfeadh le socrúchán oibre nó taithí oibre maoirsithe ar mhaithe le tacú le daoine an ról atá acu mar thuismitheoirí a chomhlíonadh. Thug tuismitheoirí áirithe le fios gur bhain deacrachtaí le déileáil le heagraíochtaí agus gníomhaireachtaí de bhrí nach raibh fonn orthu eolas a thabhairt maidir le teidlíochtaí agus seirbhísí, cé nach raibh locht ar bith ag roinnt tuismitheoirí ar an modh ar dhéileáil soláthraithe reachtúla seirbhíse leo. Moltar sa tuarascáil seo gur cheart leabhrán agus láithreán gréasáin a fhoilsiú ar mhaithe le heolas a thabhairt do thuismitheoirí aonair. Ina theannta sin, moltar gur cheart don Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh na leabhráin seo a thabhairt dóibh siúd atá ag fáil Íocaíocht Teaghlach Aontuismitheora. Ba cheart go mbeadh eolas sa leabhrán seo agus ar an láithreán gréasáin maidir le sochair, teidlíochtaí, deiseanna oideachais agus oiliúna, tacaíocht chun filleadh ar an margadh fostaíochta, agus sonraí teagmhála na ngníomhaireachtaí ar fad atá ag obair le tuismitheoirí aonair. Ba cheart grúpaí tacaíochta áitiúla a bhunú i gCathair agus i gContae na Gaillimhe ionas gur féidir le tuismitheoirí aonair tacú lena chéile go neamhbhreithiúnach agus i dtimpeallacht dheas. Is léir ón taighde seo freisin go bhfuil difríochtaí le sonrú idir eispéiris tuismitheoirí aonair atá lonnaithe sa chathair agus iad siúd atá lonnaithe faoin tuath. I measc na bpríomhdhifríochtaí bhí rochtain agus soghluaisteacht de bhrí gur i gCathair na Gaillimhe agus sna bailte níos mó i gCo. na Gaillimhe atá go leor de na poist, seirbhísí agus cláir oideachais bunaithe – rud a chruthaíonn deacrachtaí do thuismitheoirí aonair atá ag cur fúthu faoin tuath. Is léir freisin go mbaineann an-tábhacht le líonraí tacaíochta sóisialta, agus go gcabhraíonn seantuismitheoirí agus gaolta eile go mór le tuismitheoirí aonair. Seoladh an suirbhé chuig an 3,144 duine atá ag fáil an Íocaíocht Teaghlach Aontuismitheora i gCathair agus i gContae na Gaillimhe agus seoladh 676 (22%) suirbhé ar ais againn. Críoch

>> Read full story about Léargas tugtha i dtuarascáil ar na dúshláin a bhíonn le sárú ag teaghlaigh aontu

NUI Galway Hosts Irish Aid Development Conference

Monday, 5 November 2007

NUI Galway will host Irish Aid's Third Level Conference 'Development's Futures', from 24-25 November 2007. Minister of State for Overseas Development, Michael Kitt T.D., will officially open the event, which will be attended by some 200 practitioners and academics working in the field of international development and development education. The keynote address will be delivered by Michael Edwards, Director of the Governance and Civil Society Program at the Ford Foundation, one of the world's leading philanthropic foundations. Other speakers will include award-winning journalist Palagummi Sainath of The Hindu, who has been described as 'the conscience of the Indian nation'. An exhibition of his photographs on the theme of 'Women & Work in Rural India' will go on public display in conjunction with the conference. The conference aims to improve links between different sectors of the development community, with an emphasis on the importance of research to educators, practitioners and scholars alike. Over 80 papers reflecting the latest research and practice in development education and in international development issues will be presented over the two days of the conference. Panel sessions will also take place on topics including HIV/AIDS; Crisis and Conflict; Education Policies in Africa; NGO Partnerships for Poverty Reduction; Gender Perspectives; Environment; Volunteering; and Food Security. Welcoming the announcement of the conference, Minister of State Kitt said, "This conference is part of Irish Aid's commitment to promote development education in universities and other third-level institutions in Ireland. I am confident that it will facilitate contacts and networking between both third-level development education practitioners and academics working in the field of international development". According to conference convenor Dr. Su-ming Khoo, Department of Sociology and Political Science, NUI Galway, "This event will give international researchers, educators, practitioners and activists an opportunity to explore what the future holds for development. There is an onus on third-level institutions to engage with the development issues and support organisations and individuals to advance development cooperation through research and knowledge sharing". The registration fee for the conference has been heavily subsidised (€50 full fee or €25 for students), and those interested in attending should register as soon as possible at www.conference.ie. -ends-

>> Read full story about NUI Galway Hosts Irish Aid Development Conference

The United Nations declares 2009 the 'International Year of Astronomy'

Thursday, 20 December 2007

NUI Galway to co-ordinate Irish activities Today the United Nations (UN) 62nd General Assembly proclaimed 2009 the 'International Year of Astronomy'. The Resolution was submitted by Italy, Galileo Galilei's home country, and was co-sponsored by Ireland. The International Year of Astronomy 2009 is an initiative of the International Astronomical Union and UNESCO. The International Year of Astronomy (IYA2009) will be a global celebration of astronomy and its contributions to society and culture, highlighted by the 400th anniversary of the first use of an astronomical telescope by Galileo Galilei. The aim of this celebration is to stimulate worldwide interest, especially among young people, in astronomy and science under the central theme "The Universe: Yours to Discover". National Nodes in each country have been formed to prepare activities for 2009. In Ireland this will be headed by Professor Michael Redfern, Centre for Astronomy, NUI Galway. Professor Redfern will establish collaborations between professional and amateur astronomers, science centres, educators and science communicators in preparing activities for 2009. Professor Redfern said, "We are proud that Ireland is a co-sponsor of the motion that went before the UN, and a collaborator in IYA2009. In Ireland, we will focus on showing the universal appeal of astronomy to the public, and use the year to encourage more students to consider science as a career. As part of the process we will seek to provide a modern gender-balanced view of science and scientists, and will work especially hard to support our colleagues in the developing world who will also be using IYA2009 to promote science education at all levels." Professor Redfern added, "IYA2009 will also highlight global cooperation for peaceful purposes. For millennia, astronomers have worked together across boundaries including those of geography, gender, age, culture and race. These are precisely the principles embodied in the UN Charter. In that sense, astronomy is a classic example of how science can contribute towards furthering international cooperation." So far 99 nations and 14 organisations have signed up to participate in the IYA2009 – an unprecedented network of committed communicators and educators in astronomy. The President of the International Astronomical Union (IAU) Catherine Cesarsky, says, "The International Year of Astronomy 2009 gives all nations a chance to participate in this ongoing exciting scientific and technological revolution." For more information on the 'International Year of Astronomy 2009' please visit the website at http://www.astronomy2009.org/ For information on Irish activities in IYA2009 visit the website at http://www.astronomy2009.ie/ ENDS

>> Read full story about The United Nations declares 2009 the 'International Year of Astronomy'

<< < 1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 16 17 18 19 20 21 22 23 24 25 26 27 28 29 30 31 32 33 34 35 36 37 38 39 40 41 42 43 44 > >>

Featured Stories