Cúrsaí ó OÉ Gaillimh aitheanta ag an Roinn Oideachais agus Eolaíochta

Monday, 30 April 2007

Tá an Dioplóma sa Ghaeilge, á thairiscint ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, OÉ Gaillimh aitheanta ag an Roinn Oideachais agus Eolaíochta mar cháilíocht inghlactha iontrála don Iarchéim i mBunmhúinteoireacht sna Coláistí Oiliúna.

Ag cur leis sin, tá cead isteach sa dara bliain Gaeilge de chuid an chúrsa BA, Scoil na Gaeilge, OÉ Gaillimh ag an mac léinn a bhfuil an Dioplóma sa Ghaeilge bainte amach acu. Tugann an dioplóma seo cáilíocht bhreise don mhac léinn Ollscoile fad is atá sé/sí ag déanamh na céime i ndámh nó in ábhair eile.

"Is deis iontach é seo do dhaoine atá ag iarraidh céim sa Ghaeilge nó Iarchéim i mBunmhúinteoireacht a bhaint amach" a deir Nuala Uí Aimhirgín, Riarthóir Oifig na Gaeilge Labhartha, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Dúirt sí freisin "Go dtí seo, tá an Dioplóma sa Ghaeilge bainte amach ag os cionn dhá mhíle duine agus tá éileamh níos mó anois ná riamh air".

Cúrsaí dhá bhliain páirtaimseartha atá i gceist leis an Dioplóma sa Ghaeilge. I mbliana, beidh trí leibhéal dioplóma á thairiscint d'iarrthóirí, bunaithe ar leibhéal C1, B2 agus A2 de Fhráma Tagartha Coiteann an Chomhchreata Eorpaigh. Dúirt Nuala Uí Aimhirgín, "Táimid ag cur na gcúrsaí seo ar fáil do mhic léinn agus do bhaill foirne OÉ Gaillimh agus don phobal i gcoitinne le go mbeadh deis acu cur lena gcumas i labhairt agus scríobh na Gaeilge. Is é aidhm na gcúrsaí scileanna maithe cumarsáide agus scríofa sa Ghaeilge a thabhairt d'iarrthóirí".

Is Institiúid Náisiúnta de chuid OÉ Gaillimh é Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge atá tiomanta do cheannródaíocht in oideachas tríú leibhéal a chur ar fáil trí Ghaeilge. I dteannta na gcúrsaí ar an gcampas, déanfaidh an institiúid forbairt ar thrí ionad sheachtracha sa Ghaeltacht; tá dhá ionad acu sin i nGaeltacht na Gaillimhe (Carna agus an Cheathrú Rua) agus ionad eile i nDún na nGall (Gaoth Dobhair).

Táthar ag glacadh le hiarratais do na cúrsaí seo anois. Chun tuilleadh eolais a fháil, cuir glaoch ar Mary Ní Niadh, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, OÉ Gaillimh ag 091 495248 nó seol ríomhphost chuig mary.niniadh@oegaillimh.ie

Críoch

Keywords:.

« Back

Related news


Featured Stories