Seoladh Oifigiúil Scéim OÉ Gaillimh faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003

Apr 02 2007 Posted: 00:00 IST

Lisa Ní Fhlatharta, Áras na Gaeilge, Dr. Iognáid o Muircheartaigh, Uachtarán OÉ Gaillimh agus Dáithí ó Madáin, Áras na Gaeilge, OÉ Gaillimh.

Sheol Uachtarán OÉ Gaillimh an Dr. Iognáid Ó Muircheartaigh Scéim na hOllscoile ar an Aoine, Scéim a aontaíodh faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Is é príomhaidhm na chéad Scéime seo go gcuirfí le soláthar seirbhísí trí Ghaeilge san Ollscoil i réimsí acadúla agus riaracháin agus sna seirbhísí ginearálta.

Seo mar a labhair an tUachtarán ag an seoladh "Mar Ollscoil atá suite ar thairseach na Gaeltachta tá sé mar sprioc againn campas eiseamláireach dátheangach a chruthú. Is scéim trí bliana atá i gceist agus roimh dheireadh na chéad Scéime seo (Deireadh Fómhair, 2008) beidh seirbhís trí mheán na Gaeilge á soláthar don phobal i dtrí cinn déag de shainréimsí oibre na hOllscoile."

Mar chuid den seoladh, cuireadh tús le feachtas poiblíochta, feachtas póstaer agus bileog ina measc chun an pobal a chur ar an eolas faoi sheirbhísí dátheangacha atá agus a bheidh ar fáil do chustaiméirí de chuid na hOllscoile roimh chríoch na chéad Scéime.

Lean an tUasal Ó Muircheartaigh "Tá sé tábhachtach go mbeadh a fhios ag comhluadar na hOllscoile agus ag an bpobal i gcoitinne faoi na seirbhísí dátheangacha seo, is é sin an fáth go mbeidh na póstaeir agus na bileoga eolais seo a scaipeadh, ní amháin ar fud na hOllscoile ach ar fud na Gaillimhe".

Cuireadh in iúl ag an ócáid go bhfuil sé mar chuid lárnach d'fhís fhadthréimhseach OÉ Gaillimh go dtiocfadh forbairt agus borradh ar sheirbhísí trí mheán na Gaeilge.

Mar fhocal scoir dúirt an tUachtarán "Tá sé ríthábhachtach go mbainfeadh muid úsáid as na seirbhísí seo agus mar atá ráite ar na bileoga eolais agus ar na póstaeir. Is libhse na Seirbhísí, Bainigí úsáid astu"

Le aghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil le: Dáithi Ó Madáin, Áras na Gaeilge ag 091-495449 nó rphost ag daithi.omadain@oegaillimh.ie nó Lisa Ní Fhlatharta, Áras na Gaeilge ag 091 495451 nó rphost ag lisa.nifhlatharta@oegaillimh.ie

PreviousNext

Featured Stories