Spórt Roghnaithe mar Théama Ceiliúrtha an Mhórfhéasta Ollscoile
Dec
04
2007
Posted: 00:00 GMT
Tá na sonraí is déanaí maidir le naoú Mórfhéasta bliantúil OÉ Gaillimh fógartha – imeacht a bheidh ar siúl in Óstán an Radisson SAS Dé Sathairn, an 1 Márta 2008.
Díreoidh téama Mhórfhéasta 2008 ar thiomantas na hOllscoile do chúrsaí spóirt anseo ar an gcampas. Measann formhór na mac léinn anseo go gcuireann comhaltacht agus/nó rannpháirtíocht i gcúrsaí spóirt go mór leis an am a chaitheann siad in OÉ Gaillimh. Is iomaí buntáiste a bhaineann le comhaltacht agus/nó rannpháirtíocht i gcúrsaí spóirt – sláinte, folláine, comhluadar agus forbairt phearsanta – mar aon le háis úsáideach chun cothroime a bhaint amach idir an saol oibre agus an saol acadúil.
Dúirt an tOllamh Ger Hurley, Leas-Uachtarán um Thionscnaimh Straitéiseacha agus Gnóthaí Seachtracha, OÉ Gaillimh, "Is é atá mar aidhm againn anseo in OÉ Gaillimh rogha spóirt a sholáthar don uile dhuine agus spreagadh a thabhairt do mhic léinn leas a bhaint as na hacmhainní atá le fáil ar an gcampas – is léir anois go bhfuil feabhas mór ag teacht ar an hacmhainní atá ar fáil de bhrí go bhfuil Ionad Spóirt nua á fhorbairt i láthair na huaire. Tá an bhéim a leagtar ar rannpháirtíocht mac léinn i gcúrsaí spóirt ag teacht le héiteas OÉ Gaillimh – is é sin gurb é an phríomhfhreagracht atá orainn leas agus folláine ár mac léinn."
Dúirt an tOllamh Hurley, "bunaithe ar théama Mhórfhéasta 2008, trí urraíocht fhlaithiúil ó Aer Arann, tá ar ár gcumas an t-ochtú duais a bhronnadh – Duais Alumni Aer Arann d'Éachtaí agus Ceannaireacht Spóirt."
Ceann de bhuaicphointí an imeachta, atá anois ar mhórimeacht náisiúnta agus ceann de phríomhimeachtaí sóisialta Iarthar na hÉireann, é bronnadh na nDuaiseanna Alumni gach bliain. Ceiliúrann na duaiseanna seo an tábhacht a bhaineann le hoideachas OÉ Gaillimh ar feadh an tsaoil agus tugann sé aitheantas d'fheabhas agus d'éachtaí daoine aonair i measc 65,000 céimí na hOllscoile atá scaipthe ar fud an domhain.
Seo a leanas liosta de bhuaiteoirí na n-ocht nduais alumni atá le bronnadh ag Mórfhéasta 2008:
Duais Hewlett-Packard don Ghaeilge
Gráinne Seoige, Craoltóir
Duais TBD don Innealtóireacht, an Teicneolaíocht Faisnéise agus an Mhatamaitic
John Ryan, Cathaoirleach an Bhoird, Macrovision Corporation
Duais Bhanc na hÉireann don Ghnó & an Tráchtáil
Brian Joyce, Cathaoirleach, Clancourt Holdings; Stiúrthóir, Kingspan
Duais Seavite don Eolaíocht Dúlra
An Dr Peter Heffernan, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Fhoras na Mara
Duais AIB don Litríocht, an Chumarsáid & na hEalaíona
Julian Gough, Úrscéalaí agus Ceoltóir
Duais OÉ Gaillimh don Dlí, an tSeirbhís Phoiblí agus an Rialtas
Séamus Brennan, An tAire Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta
Duais Medtronic don Chúram Sláinte agus an Eolaíocht Mhíochaine
An Dr Frank Giles, Príomhoifigeach na Roinne Haemaiteolaíochta agus na hOinceolaíochta Leighis sa San Antonio Cancer Institute
Duais-Aer-Arann-d'Éachtaí-agus-Ceannaireacht-Spóirt
Joe McDonagh, Iar-Uachtarán CLG & Sáriománaí Sinsearach
-Críoch-