Duaiseanna Alumni bronnta ag Mórfhéasta na hOllscoile

Mar 06 2007 Posted: 00:00 GMT

Bhí an t-ochtú Mórfhéasta bliantúil de chuid OÉ Gaillimh ar siúl in Óstán an Radisson SAS Dé Sathairn, 3 Márta 2007, agus bronnadh na Duaiseanna Bliantúla Alumni mar aon le ceiliúradh a dhéanamh ar an obair dheonach a dhéanann mic léinn, obair a bhí mar théama don mhórfhéasta i mbliana.

Cheiliúir Mórfhéasta 2007 ALIVE (Tionscnamh Foghlama & Taithí ar Obair Dheonach), a chuireann ar chumas mac léinn clárú agus deiseanna obair dheonach a dhéanamh a thapú. Bunaíodh ALIVE in 2003 chun an obair dheonach a dhéanann mic léinn OÉ Gaillimh sa phobal a ghlacadh, a aithint agus a thacú. Cabhróidh ioncam a bailíodh ón Mórfhéasta seo le tionscnamh ALIVE freisin.

Seo a leanas na daoine ar bronnadh duaiseanna orthu ar an oíche; An Dr Pat Gullane, Duais Medtronic don Chúram Sláinte agus an Eolaíocht Mhíochaine; An Dr Reg Shaw, Duais Seavite don Eolaíocht Dúlra; Irial Finan, Duais Bhanc na hÉireann don Ghnó agus an Tráchtáil; Seán O'Rourke, Duais AIB don Litríocht, don Chumarsáid agus do na hEalaíona; Paddy agus Tom Coffey, Duais TBD don Innealtóireacht, an Teicneolaíocht Faisnéise agus an Mhatamaitic; Máiréad Ní Nuadháin, Duais Hewlett-Packard don Ghaeilge agus Brian O'Donnell, Duais OÉ Gaillimh don Dlí, an tSeirbhís Phoiblí agus an Rialtas.

Seo a leanas a bhí le rá ag an Ollamh Ger Hurley, An Leas-Uachtarán um Thionscnaimh Straitéiseacha agus Gnóthaí Seachtracha agus Cathaoirleach ar Choiste Mórfhéasta OÉ Gaillimh; "Tugann na Duaiseanna Alumni aitheantas do Alumni OÉ Gaillimh atá ina gceannródaithe ina ngairmeacha féin agus a n-éiríonn go hiontach leo sna gníomhaíochtaí náisiúnta agus idirnáisiúnta a mbíonn siad páirteach iontu. Céiliúrann na duaiseanna seo an tábhacht a bhaineann le hoideachas OÉ Gaillimh ar feadh an tsaoil agus tugann sé aitheantas d'fheabhas agus éachtaí daoine aonair i measc 60,000 céimí na hOllscoile atá scaipthe ar fud an domhain."

San áireamh in imeacht na bliana seo freisin bhí clár gníomhaíochtaí ar siúl ar an gcampas. D'eagraigh na Dámha ar leithligh na gníomhaíochtaí seo do na buaiteoirí. Lena chois sin, d'fhreastail buaiteoirí na nduaiseanna ar lón bliantúil na mbuaiteoirí san Aula Maxima, OÉ Gaillimh.

Ba í an láithreoir ó RTÉ Bláthnaid Ní Chofaigh a bhí i mbun an ócáid a stiúradh ar an oíche agus i measc na n-aíonna mór le rá a d fhreastail ar an ócáid bhí an tUasal Éamon Ó Cuív T.D., An tUasal Enda Kenny T.D., An tUasal Frank Fahy T.D., an tUasal Michael D. Higgins T.D. agus Ollamh Cúnta le Cearta Daonna in OÉ Gaillimh, craoltóir RTÉ Micheál Ó Muircheartaigh, Alan Kerins, Iománaí ar Fhoireann Shinsearach na Gaillimhe, Pádraig Ó Céidigh, Aer Arann, An Seanadóir Feargal Quinn ó Superquinn agus Ollamh Cúnta le Margaíocht in OÉ Gaillimh agus Gary Cullen, iar-Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin Aer Lingus agus Príomhoifigeach Feidhmiúcháin reatha Aer Arann.

-CRÍOCH-

PreviousNext

Featured Stories