OÉ Gaillimh mar ábhar speisialta ar chlár de chuid TG4

Tuesday, 13 March 2007

Beidh OÉ Gaillimh agus na Duaiseanna Alumni faoi chaibidil ar an gclár Ardán, clár teilifíse Gaeilge de chuid TG4 á chur i láthair ag Páidí Ó Lionáird. Beidh Ardán á chraoladh an 18 Márta 2007 ag 8.30 i.n.

Bhí foireann léiriúcháin de chuid RTÉ i láthair ag taifeadadh an ochtú Mórfhéasta bliantúil de chuid OÉ Gaillimh in Óstán an Radisson SAS ar an 3 Márta 2007, áit ar bronnadh na Duaiseanna Bliantúla Alumni.

Seo a leanas na daoine ar bronnadh duaiseanna orthu ar an oíche agus a bheidh ag caint ar Ardán;

  • An Dr Pat Gullane, Duais Medtronic don Chúram Sláinte agus an Eolaíocht Mhíochaine;
  • An Dr Reg Shaw, Duais Seavite don Eolaíocht Dúlra;
  • Irial Finan, Duais Bhanc na hÉireann don Ghnó agus an Tráchtáil;
  • Seán O'Rourke, Duais AIB don Litríocht, don Chumarsáid agus do na hEalaíona; Paddy agus Tom Coffey, Duais TBD don Innealtóireacht, an Teicneolaíocht Faisnéise agus an Mhatamaitic;
  • Mairéad Ní Nuadháin, Duais Hewlett-Packard don Ghaeilge; agus
  • Brian O'Donnell, Duais OÉ Gaillimh don Dlí, an tSeirbhís Phoiblí agus an Rialtas.
Beidh aíonna ón gColáiste, iarscoláirí agus iarbhuaiteoirí duaiseanna Alumni ag glacadh páirte san imeacht speisialta seo. Ba í an láithreoir ó RTÉ Bláthnaid Ní Chofaigh a bhí i mbun an ócáid a stiúradh ar an oíche agus a bheidh ina haoi ar an gclár freisin. I measc na n-aíonna mór le rá a d fhreastail ar an Mórfhéasta bliantúil bhí an tUasal Éamon Ó Cuív T.D., An tUasal Enda Kenny T.D., An tUasal Frank Fahy T.D., an tUasal Michael D. Higgins T.D. agus Ollamh Cúnta le Cearta Daonna in OÉ Gaillimh, craoltóir RTÉ Micheál Ó Muircheartaigh, Alan Kerins, Iománaí ar Fhoireann Shinsearach na Gaillimhe, Pádraig Ó Céidigh, Aer Arann, An Seanadóir Feargal Quinn ó Superquinn agus Ollamh Cúnta le Margaíocht in OÉ Gaillimh agus Gary Cullen, iar-Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin Aer Lingus agus Príomhoifigeach Feidhmiúcháin reatha Aer Arann.
-CRÍOCH-
Tuilleadh Eolais; Michelle Ní Chróinín, An Oifig Preasa, 091-493542 nó R-phost: michelle.nichroinin@nuigalway.ie

Keywords:.

« Back

Related news


Featured Stories