OÉ Gaillimh mar ábhar speisialta ar chlár de chuid TG4
Mar
13
2007
Posted: 00:00 GMT
Beidh OÉ Gaillimh agus na Duaiseanna Alumni faoi chaibidil ar an gclár Ardán, clár teilifíse Gaeilge de chuid TG4 á chur i láthair ag Páidí Ó Lionáird. Beidh Ardán á chraoladh an 18 Márta 2007 ag 8.30 i.n.
Bhí foireann léiriúcháin de chuid RTÉ i láthair ag taifeadadh an ochtú Mórfhéasta bliantúil de chuid OÉ Gaillimh in Óstán an Radisson SAS ar an 3 Márta 2007, áit ar bronnadh na Duaiseanna Bliantúla Alumni.
Seo a leanas na daoine ar bronnadh duaiseanna orthu ar an oíche agus a bheidh ag caint ar Ardán;
- An Dr Pat Gullane, Duais Medtronic don Chúram Sláinte agus an Eolaíocht Mhíochaine;
- An Dr Reg Shaw, Duais Seavite don Eolaíocht Dúlra;
- Irial Finan, Duais Bhanc na hÉireann don Ghnó agus an Tráchtáil;
- Seán O'Rourke, Duais AIB don Litríocht, don Chumarsáid agus do na hEalaíona; Paddy agus Tom Coffey, Duais TBD don Innealtóireacht, an Teicneolaíocht Faisnéise agus an Mhatamaitic;
- Mairéad Ní Nuadháin, Duais Hewlett-Packard don Ghaeilge; agus
- Brian O'Donnell, Duais OÉ Gaillimh don Dlí, an tSeirbhís Phoiblí agus an Rialtas.