Infheistíocht €20 milliún d'áis nua taighde chliniciúil i nGaillimh

May 21 2007 Posted: 00:00 IST

D'fhógair an Bord Taighde Sláinte (HRB) agus Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (HSE) go maoineoidh siad bunú Áis Taighde Chliniciúil i nGaillimh. Is é atá mar aidhm le hÁis Taighde Chliniciúil (CRF) HRB/HSE an t-infreastruchtúr riachtanach - spás, áiseanna agus na saineolaithe - a chur ar fáil d fhonn tacú le hobair taighde atá dírithe ar othair.

Infheisteoidh HSE agus HRB suim €20 milliún thar thréimhse cúig bliana. Beidh 20 comhalta foirne fostaithe san Áis Taighde Chliniciúil nuair a bheidh sí ag feidhmiú mar is ceart. Is éard a bheidh sa chlár taighde comhpháirtíocht idir taighdeoirí ó OÉ Gaillimh agus eolaithe cliniceora ó Ospidéal na hOllscoile, Gaillimh.

Dúirt an tAire Sláinte agus Leanaí, Mary Harney TD, a chas leis na príomhthaighdeoirí agus an príomhdhream atá ag soláthar maoiniúcháin le déanaí, go gcuirfidh an infheistíocht seo go mór le taighde cliniciúil agus cúram othar in Iarthar na hÉireann.

'Tá os cionn €50 milliún curtha ar fáil agam i maoiniú caipitil tríd an mBord Taighde Sláinte le cúig bliana anuas ar mhaithe le tacú le príomhchláir taighde agus an t-infreastruchtúr taighde. Áis den scoth a bheidh in Áis Taighde Chliniciúil HRB/HSE do thaighde atá dírithe ar othair; taighde a rachaidh chun tairbhe othar. Cinnteoidh an áis seo go mbeidh ar chumas cliniceoirí agus príomhpháirtithe eile teiripí, teicneolaíocht agus táirgí nuálacha a thástáil agus luas a chur faoin méid ama a thógann sé fionnachtana agus nuálaíochtaí eolaíocha a úsáid ar mhaithe le cúram níos fearr a sholáthar d'othair. Lena chois sin, cuirfidh sé leis an infheistíocht mhór atá déanta ag an Rialtas seo in áiseanna bunúsacha taighde in OÉ Gaillimh le blianta beaga anuas,' dar le Mary Harney.

Taighde atá dírithe ar othair a bheidh ar siúl san áis seo agus cabhróidh sé go mór le taighde iarchéime agus agus oiliúint gairmithe sláinte. Beidh dochtúirí agus altraí ag obair le heolaithe eile d fhonn cur leis an tuiscint atá againn ar ghalair éagsúla, mar aon le tástálacha agus cóir nua leighis a fhorbairt leis na galair seo a leigheas.

Cinnteofar, trí bhunú an Ionaid seo, go mbeidh fáil ag othair ar an gcóir leighis is nuaí cosúil le leigheas athghiniúnach, chomh maith le cóir leighis i réimsí eile cosúil le hailse, cnáimhseachas agus gínéiceolaíocht, diaibéiteas agus galair athlastacha. Chomh tábhachtach céanna, tacófar le staidéar sa chleachtadh ginearálta trí shamplaí tógtha a anailísiú, tacaíocht staitistiúil a sholáthar agus staidéar a chomhordú. Ina measc seo, déanfar taighde ar bhainistiú galar ainsealach cosúil le diaibéiteas.

'Is é atá mar aidhm againn gairmithe sa chúram sláinte a spreagadh, deis a thabhairt dóibh a bheith páirteach mar aon le tacú le gairmithe ó réimsí éagsúla saineolais tabhairt faoi thaighde ar ardchaighdeán. Tógfar an áis in aice le hOspidéal na hOllscoile, Gaillimh agus meastar go mbeidh an foirgneamh tógtha in 2009. Beidh seomraí ar leith do ghéinteiripe agus teiripe gascheall san áis freisin. Deir an tOllamh Tim O Brien, Inchríneolaí Comhairleach in Ospidéal na hOllscoile, Gaillimh, Ceann an Leighis in OÉ Gaillimh agus Stiúrthóir Institiúid an Leighis Athghiniúnaigh - Ionad Eolaíochta, Innealtóireachta agus Teicneolaíochta arna mhaoiniú ag Fondúireacht Eolaíochta Éireann, go gcuirfidh an tIonad nua leis an infreastruchtúr i nGaillimh ionas gur féidir tabhairt faoi staidéar cliniciúil ar an gcroí, na hailt agus deisiú chorda an dromlaigh, mar aon le cur chuige comhtháite i leith chúram na n-othar.

'Leagfaidh an CRF béim faoi leith ar oideachas gairmithe cúraim shláinte sa taighde cliniciúil agus tá sé beartaithe tús a chur le cláir nua cosúil le M.Sc. i dTaighde Cliniciúil agus Bithstaidreamh agus cláir Ph.D. do chliniceoirí,' a deir an tOllamh Larry Egan, Ceann Roinn na Cógaseolaíochta agus Teiripice agus comhiarratasóir sa togra áirithe seo.

Deir an Dr Ruth Barrington, 'go dtugann forbairt Áiseanna sa Taighde Cliniciúil in Éirinn léargas ar bharrfeabhas i dtaighde cliniciúil.' Chomh maith leis sin, deir an Dr Ruth Barrington, Príomhfheidhmeannach, 'go bhfuil sé seo ar cheann de na forbairtí is suntasaí i dtaighde sláinte in Éirinn le linn a téarma féin in oifig'. 'Tá HRB ag obair i gcomhpháirt le hOllscoileanna agus Ospidéil le fada an lá chun tacú le taighde ar ardchaighdeán. Ina theannta sin, dúirt sí gur 'cúis áthais dúinn a bheith ag obair leis an HSE chun tacú leis an bhforbairt mhór seo i nGaillimh.'

Dúirt Alan Moran, Bainisteoir Líonra na nOspidéal, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, Réigiún an Iarthair, 'Trí CRF a lonnú san Ospidéal go mbeidh cead ag comhaltaí foirne cur leis an dul chun cinn san eolaíocht cúraim shláinte, agus go mbainfidh na hothair tairbhe as an dul chun cinn seo chomh luath agus is féidir. Cúis áthais don HSE tacú le fuinneamh agus samhlaíocht na ndaoine atá ag obair san ospidéal agus san ollscoil; daoine a chur tús leis an tionscadal seo agus a d'oibrigh le chéile go héifeachtach chun é a chur i bhfeidhm'.

Beidh OÉ Gaillimh agus HSE freagrach as CRF. Is dea-shampla é seo den dlúthnasc atá idir an Ollscoil agus an earnáil sláinte i nGaillimh. Cruthófar nasc leis an HRB nua / CRF Wellcome Trust ag Ospidéal San Séamas, Baile Átha Cliath agus áiseanna nua in ospidéil teagaisc i mBaile Átha Cliath trí Líonra Infreastruchtúir um Thaighde Cliniciúil na hÉireann (ICRIN) a bhunú. Tá maoiniú curtha ar fáil ag HRB agus HSE do ICRIN d'fhonn a chinntiú gur féidir le níos mó othar tairbhe a bhaint as taighde cliniciúil sa bhealach is costéifeachtaí agus is féidir.

Críoch

PreviousNext

Featured Stories