Seoladh oifigiúil don chéad MA sa Phleanáil Teanga san Eoraip ag OÉ Gaillimh

Monday, 28 May 2007

Inniu in OÉ Gaillimh, sheol an Dr Iognáid Ó Muircheartaigh, Uachtarán, OÉ Gaillimh an chéad MA sa Phleanáil Teanga san Eoraip. Is iad Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, coláiste lán-Ghaeilge de chuid OÉ Gaillimh atá ag tairiscint an chúrsa iarchéime sa réimse nuálach léinn seo.

Beidh deis ag scoláirí tabhairt faoi chúrsa go lánaimseartha (bliain amháin) nó go páirtaimseartha (dhá bhliain) ó Mheán Fómhair 2007 ar aghaidh. "Is é seo an chéad chúrsa tríú leibhéal san ábhar acadúil seo atá á chur ar fáil in Éirinn nó fiú amháin san Eoraip," a deir Stiúrthóir an chúrsa, an Dr Conchúr Ó Giollagáin, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge. Ag cur leis sin deir sé, "is cúrsa spéisiúil dúshlánach an cúrsa seo a dhéanfaidh cúram do na riachtanais ghairmiúla, acadúla agus anailíseacha atá de dhíth le tabhairt faoin bpleanáil straitéiseach teanga ina réimsí éagsúla saoil. Tá an cúrsa seo dírithe ar mhic léinn a bhfuil céim bainte amach acu agus atá ag iarraidh oibriú i bpoist i réimsí na pleanála teanga, na forbartha pobail agus na n-eagraíochtaí stáit agus ar dhaoine atá cheana féin ag obair i réimse na pleanála teanga nó in earnáil ghaolmhar."

Déanann an réimse léinn seo taighde agus iniúchadh ar na réimsí éagsúla a bhaineann leis na riachtanais straitéiseacha phleanála a theastaíonn ó phobal teanga chun a chinntiú go mbeidh an pobal sin inmharthana. Clúdóidh an cúrsa seo gach gné den phleanáil teanga, lena n-áirítear teoiricí teangeolaíochta agus socheolaíocht na teanga, an phleanáil teanga mar phróiseas, feidhmiú eagraíochta, forbairt pobail agus an dioscúrsa teanga. Cuirfidh an cúrsa seo le cumas anailíseach agus straitéiseach na n-iarrthóirí an phleanáil éifeachtach teanga a chur i bhfeidhm ar an réimse saoil/gairmiúil a bhaineann lena gcúram.

"Is céim an-tábhachtach í seo. Tá suas le 90% de theangeacha an domhain i mbaol a mbáis roimh dheireadh an chéid seo", a deir Seosamh Mac Donnacha, Comhordaitheoir Acadúil, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge. Ag cur leis sin deir sé, "Ní féidir cosaint a thabhairt do chultúir faoi leith gan cosaint a thabhairt do na teangacha a bhaineann leo. Tá an MA nua curtha ar fáil chun an phleanáil teanga a fhorbairt ina réimsí gairmiúla, oiliúna agus acadúla agus chun cuidiú le scolairí iarchéime agus le daoine gairmiúla anailís a dhéanamh agus tuiscintí a fháil ar na riachtanais teanga a bhaineann leis an bpleanáil straitéiseach".

Táthar ag glacadh le hiarratais don chúrsa seo go dtí an 22 Meitheamh 2007. Chun tuilleadh eolais a fháil, cuir glaoch ar Bhríd Seoige, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, OÉ Gaillimh ag 091 495302 nó seol ríomhphost chuig brid.seoige@oegaillimh.ie

Críoch

Keywords:.

« Back

Related news


Featured Stories